An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 6 Comhaontuithe, Etc., chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint i gCás na Ríochta Aontaithe) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 8)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 7

[1966, Sc. 1.]

Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim i modh Creidmheasa maidir le Cáin Chorparáide na Ríochta Aontaithe

Alt 357

1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, i gcás ina bhfuil, faoi alt 357, creidmheas le lamháil i gcoinne cáin ioncaim is inmhuirir faoi threoir aon bhrabús, déanfar an méid cánach ioncaim is inmhuirir amhlaidh a laghdú méid an chreidmheasa.

2. An méid creidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne cánach ioncaim maidir le cáin chorparáide faoi threoir aon bhrabús ní rachaidh sé, d'aon bhliain mheasúnachta, thar an gcáin ioncaim is inmhuirir faoi threoir na mbrabús sin.

3.  (a) I gcás cáin ioncaim i leith aon bhunaidh ioncaim a bheith inmhuirir trí mheasúnacht, measfar an cháin is inmhuirir tríd an measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta áirithe a bheith inmhuirir faoi threoir brabús na bonn-tréimhse don bhliain sin agus cinnfear dá réir sin an méid cánach corparáide is iníoctha i leith aon bhrabús arb inmhuirir cáin ioncaim faoina dtreoir d'aon bhliain mheasúnachta áirithe:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar an mheasúnacht d'aon bhliain mheasúnachta áirithe a laghdú faoi alt 58 (4), go measfar gurb í an cháin chorparáide is iníoctha i leith na mbrabús arb inmhuirir cáin ioncaim faoina dtreoir tríd an méid, más ann, atá de bhreis ag an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha i leith na mbrabús a d'éirigh an bhliain mheasúnachta sin agus an bhliain roimh an mbliain sin ar mhéid aon chánach corparáide is iníoctha i leith brabús arb inmhuirir cáin ioncaim faoina dtreoir don bhliain roimhe sin a dúradh.

(b) Maidir le haon bhunadh brabús measfar, chun críocha na fomhíre sin roimhe seo, gurb í an bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta an tréimhse arb ar a brabús atá cáin ioncaim le ríomh go críochnaitheach i leith an bhunaidh sin nó, i gcás ina bhfuil sé, de bhua aon Achta, le meas gurb iad brabúis na tréimhse sin brabúis aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin.

4.  (a) Faoi réir forálacha na míre seo, i gcás ina mbeidh creidmheas do cháin chorparáide i leith aon bhrabús le lamháil i gcoinne cánach brabús corparáide nó cánach ioncaim, ní dhéanfar aon asbhaint do cháin chorparáide (cibé acu i leith na mbrabús sin nó aon bhrabús eile) le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar mhéid na mbrabús sin chun críocha cánach ioncaim.

1949, Uimh. 13 .

(b) Measfar, chun críocha cánach ioncaim, méid díbhinne den sórt a luaitear in alt 357 (3) a bheith méadaithe den mhéid cánach corparáide nach inmhuirir go díreach ina leith a bheidh le cur i gcuntas le linn méid an chreidmheasa a bheith á ríomh agus, chun an méid sin cánach corparáide a chinneadh, beidh éifeacht ag mír 6 de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 , ionann is dá ndéanfaí tagairt don alt sin 357 a chur in ionad na tagartha don chomhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal sin agus tagairt do cháin ioncaim a chur in ionad na tagartha do cháin bhrabús corparáide.

(c) D'ainneoin aon ní sna fomhíreanna sin roimhe seo—

(i) i gcás nach féidir aon chuid den cháin chorparáide i leith aon bhrabús (lena n-áirítear aon cháin chorparáide a bhfuil sé le meas, faoi fhomhír (b), go méadaíonn sí méid aon díbhinne) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide ná cánach ioncaim, measfar, chun críocha cánach ioncaim, méid na mbrabús a bheith laghdaithe den chuid sin den cháin chorparáide, agus

(ii) i gcás ina mbeidh aon chuid den cháin chorparáide i leith aon bhrabús a thiocfaidh an 1ú lá d'Aibreán, 1966, nó dá éis (lena n-áirítear aon cháin chorparáide a bhfuil sé le meas, faoi fhomhír (b), go méadaíonn sí méid aon díbhinne) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, measfar, chun críocha cánach ioncaim, méid na mbrabús a bheith laghdaithe den chuid sin den cháin chorparáide.

5.  (a) I gcás inar gá chun aon chríche de chuid an Sceidil seo, ionas go dtiocfar ar an méid cánach corparáide is iníoctha i leith na mbrabús a d'éirigh aon bhliain mheasúnachta nó in aon tréimhse eile, na brabúis ar a ndearnadh aon mheasúnacht i leith cánach a roinnt agus a chionroinnt ar thréimhsí sonracha, nó aon bhrabúis den sórt sin nó aon chodanna cionroinnte díobh a chomhshuimiú, is dleathach an roinnt agus an chionroinnt sin nó an comhshuimiú sin a dhéanamh.

(b) Aon chionroinnt a dhéanfar faoin mír seo, déanfar é i gcomhréir le fadanna faoi seach na dtréimhsí.

6. Beidh éifeacht ag forálacha míreanna 6, 12, 13 agus 14 de Sceideal 10, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le creidmheas do cháin chorparáide a lamháil faoi alt 357 mar atá éifeacht acu maidir le creidmheas a lamháil do cháin is iníoctha faoi dhlíthe críche a bhfuil comhshocraíochtaí i bhfeidhm maidir léi de bhua alt 361.