6 1968


Uimhir 6 de 1968


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BÓITHRE AGUS SILTEAN), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT Á CHUMASÚ DO CHOMHAIRLE CONTAE OIBREACHA ÁIRITHE A DHÉANAMH I nDÁIL LE BÓITHRE ÁIRITHE, OIBREACHA SILTIN ÁIRITHE A DHÉANAMH, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH DEONTAIS ÓN STÁT I nDÁIL LEIS NA hOIBREACHA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [26 Márta, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “bóthar neamhchothabháilte” aon bhóthar seachas bóthar arb ar chomhairle contae, ar bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó ar chomhairle ceantair uirbigh atá freagracht a chothabhála;

ciallaíonn “úinéir”, maidir le talamh, duine seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, a bhfuil teideal aige ina cheart féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d'aon duine eile, cíos forlán na talún a ghlacadh nó, i gcás nach ar cíos forlán atá talamh ligthe, a mbeadh an teideal sin aige dá mba amhlaidh sin a bheadh sé ligthe agus forléireofar dá réir sin rud a bheith an úinéireacht;

ciallaíonn “bóthar” bóthar, conair, ascaill nó aon bhealach rochtana eile agus folaíonn sé aon droichead, píopa, stua, lintéir, cosán, pábhaille, fál, ráille nó balla is cuid nó a bheidh ina chuid de bhóthar.

Féadfaidh comhairle contae bóithre a dhéanamh, bóithre neamhchothabháilte a athdhéanamh nó a fheabhsú agus oibreacha siltin a chur i gcrích in imthoscaí áirithe.

2. —(1) I gcás ina ndáilfidh Aire Stáit deontas faoi alt 4 do chomhairle contae, féadfaidh an chomhairle comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích le haghaidh bóthar a dhéanamh nó le haghaidh an t-iomlán nó aon chuid de bhóthar neamhchothabháilte atá go hiomlán nó go páirteach ina gcontae a athdhéanamh nó a fheabhsú, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann de na ceanglais seo a leanas, eadhon:

(a) go bhfuil an bóthar nó an chuid de bhóthar á úsáid, nó má dhéanann an comhaontú foráil le haghaidh bóthar a dhéanamh, go mbeidh an bóthar nó an chuid de bhóthar, ar é a bheith déanta, á úsáid mar bhealach rochtana go dtí dáileachtaí talún a bhfuil dhá cheann acu ar a laghad ar úinéireacht nó á n-áitiú ag daoine éagsúla,

(b) go bhfuil an bóthar nó an chuid de bhóthar nó, i gcás ina ndéanann an comhaontú foráil le haghaidh déanamh bóthair, go mbeidh an bóthar nó an chuid de bhóthar ar é a bheith déanta, á úsáid—

(i) ag beirt daoine nó níos mó mar bhealach rochtana maidir le móin nó feamainn a thógáil go dleathach, nó maidir le móincheart nó aon profit á prendre, eile a fheidhmiú, nó

(ii) mar bhealach rochtana maidir le móin a thógáil le húsáid i stáisiún giniúna leictreachais lena mbaineann an t-alt seo,

(c) go bhfuil, dar leis an gcomhairle, an bóthar nó an chuid de bhóthar á úsáid, nó má dhéanann an comhaontú foráil le haghaidh bóthar a dhéanamh, go mbeidh an bóthar nó an chuid de bhóthar ar é a bheith déanta, á úsáid, ag an bpobal.

(2) I gcás ina ndáilfidh Aire Stáit deontas faoi alt 4 do chomhairle contae, féadfaidh an chomhairle comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích le haghaidh oibreacha siltin a dhéanamh a bheidh go hiomlán nó go páirteach ina gcontae ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann de an ceanglais seo a leanas, eadhon:

(a) go ndéanfaidh na hoibreacha, ar iad a bheith déanta, fóint, iomlán nó páirteach, do dháileachtaí talún a bhfuil dhá cheann acu ar a laghad ar úinéireacht nó á n-áitiú ag daoine éagsúla,

(b) go ndéanfaidh na hoibreacha, ar iad a bheith déanta, fóint iomlán nó páirteach, do phortach—

(i) a bhféadfaidh beirt daoine nó níos mó móincheart a fheidhmiú nó móin a thógáil go dleathach ar bhealach eile maidir léi, nó

(ii) ar a dtáirgtear móin, nó ar a mbeartaítear móin a tháirgeadh, lena húsáid i stáisiún giniúna leictreachais lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Féadfaidh foráil a bheith in aon chomhaontú faoin alt seo—

(a) i gcás comhaontú le haghaidh oibreacha a dhéanamh maidir le talamh arb é an t-úinéir nó an t-áititheoir comhairle iomchuí na contae—maidir le haon pháirtí sa chomhaontú, nó

(b) in aon chás eile—maidir le haon pháirtí sa chomhaontú seachas comhairle contae,

do dhéanamh ranníoca i leith na gcaiteachas a luaitear in alt 3 agus a thabhófar ag déanamh oibreacha faoin gcomhaontú.

(4) Baineann an t-alt seo le haon stáisiún giniúna leictreachais ar stáisiún móindóite é agus nach mó ná cúig meigeavat a chumas giniúna agus a críochnaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

Caiteachais déanta oibreacha faoin Acht seo.

3. —Na caiteachais (lena n-áirítear, maidir le caiteachais riaracháin, na caiteachais riaracháin sin amháin a dhéanfaidh an tAire Stáit a thug an deontas iomchuí faoi alt 4 a chinneadh ó am go ham) a thabhóidh comhairle contae ag déanamh oibreacha faoin Acht seo déanfar, a mhéid nach féidir iad a íoc as ranníocaí (más ann) a rinneadh ar scór an chomhaontaithe iomchuí, iad a íoc as deontas faoi alt 4.

Deontais ó Aire Stáit.

4. —Féadfaidh Aire Stáit, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is oiriúnach leis an Aire a fhorchur, deontas a thabhairt do chomhairle contae chun críocha alt 3 ar choinníoll, murab é an tAire Airgeadais an tAire, nach dtabharfar an deontas sin ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

Caiteachais riaracháin Aire Stáit.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ar choinníoll, murab é an tAire Airgeadais an tAire, nach n-íocfar na caiteachais sin ach amháin a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Siltean) 1968, a ghairm den Acht seo.