An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

7 1968

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1968

CUID IV

Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó óna Fhorbairt: Cáin Ioncaim agus Forcháin

Léiriú.

1967, Uimh. 6 .

16. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “rialú”, maidir le cuideachta,—

(a) cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a theachtadh nó cumhacht vótála a bheith aige sa chuideachta sin nó maidir léi nó in aon chuideachta eile nó maidir léi, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile ag rialáil na cuideachta sin nó aon chuideachta eile, go stiúrfar cúrsaí na cuideachta céadluaite mar a theastaíonn ón duine sin,

(b) ceart duine chun níos mó ná leath aon bhrabús de chuid na cuideachta arna roinnt ar mhodh díbhinne nó, dá bhfoirceanntaí an chuideachta, chun níos mó ná leath a sócmhainní;

ciallaíonn “forbairt”, maidir le haon talamh—

(a) aon fhoirgneamh a fhoirgniú, ar an talamh nó aon fhoirgneamh ar an talamh a scartáil, a mhéadú, a athrú nó a athfhoirgniú, nó

(b) aon oibríocht innealtóireachta nó oibríocht eile a dhéanamh i dtalamh, ar thalamh, thar talamh nó faoi thalamh d'fhonn é a oiriúnú le haghaidh úsáide is athrú ábhartha,

agus forléireofar dá réir sin “forbairt” ar feadh a réime;

ciallaíonn “margadh-luach”, maidir le haon mhaoin, an praghas a mbeadh súil réasúnach leis a rachadh an mhaoin sin dá ndíoltaí í ar an margadh oscailte;

tá le “stoc trádála” an bhrí chéanna atá leis in alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

aon tagairt do leas i dtalamh a dhiúscairt folaíonn sí tagairt do leas a bhunú agus aon tagairt do leas a fháil i dtalamh folaíonn sí tagairt do leas a fháil a scoirfidh ar an bhfáil;

(2) Chun críocha na Coda seo—

(a) ní mheasfar duine do dhiúscairt leas i dtalamh de dhroim é do thíolacadh nó d'aistriú an leasa ar mhodh urrúis nó é do dheonú léasa ar an talamh ar théarmaí nach gceanglaíonn go n-íocfaí aon fhíneáil, préimh nó suim dá samhail, agus

(b) aon rogha nó ceart eile chun aon leas in aon talamh a fháil nó a dhiúscairt measfar gur leas sa talamh é.

(3) (a) Ceist ar bith i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile déanfar, chun críche na Coda seo, í a chinneadh de réir na míreanna seo a leanas den fho-alt seo, agus aon fhoráil go bhfuil baint ag duine amháin le duine eile glacfar leis go bhfolaíonn sí foráil go bhfuil baint ag an duine eile leis an duine céadluaite sin.

(b) Tá baint ag duine le pearsa aonair más é an duine sin fearchéile nó banchéile na pearsan aonair, nó más duine gaoil é, nó más é fearchéile nó más í banchéile duine gaoil é, leis an bpearsa aonair nó le fearchéile nó le banchéile na pearsan aonair.

(c) Tá baint ag duine, ina fheidhmeanas mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair is socraitheoir maidir leis an socraíocht, agus le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin.

(d) Tá baint ag duine le haon duine lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht, agus le fearchéile nó le banchéile nó le duine gaoil de chuid aon phearsan aonair lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht.

(e) Tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—

(i) más ag an duine céanna atá rialú an dá chuideachta, nó más ag duine amháin atá rialú cheann acu agus gurb ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú an chinn eile nó gurb aige féin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú an chinn eile;

(ii) más ag grúpa beirte nó níos mó daoine atá rialú gach cuideachta, agus gurb iad na daoine céanna atá sna grúpaí nó go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna atá iontu trí dhuine de cheachtar grúpa a áireamh i gcás amháin nó níos mó) mar dhuine a bhfuil duine lena bhfuil baint aige curtha ina ionad.

(f) Tá baint ag cuideachta le duine eile, más ag an duine sin atá rialú na cuideachta sin nó más ag an duine sin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis an duine sin, i dteannta a chéile, atá rialú na cuideachta sin.

(g) Aon bheirt daoine nó níos mó a bheidh ag gníomhú i dteannta a chéile chun rialú cuideachta a fháil nó a fheidhmiú áireofar iad maidir leis an gcuideachta sin mar dhaoine a bhfuil baint acu le chéile agus le haon duine a bheidh ag gníomhú ar threoracha aon duine áirithe acu chun rialú na cuideachta a fháil nó a fheidhmiú.

(h) San fho-alt seo—

ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach;

folaíonn “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú, nó comhshocraíocht, agus aon aistriú ar airgead nó ar mhaoin eile nó ar aon cheart chun airgid nó chun maoine eile;

folaíonn “socraitheoir”, maidir le socraíocht, aon duine a rinne an tsocraíocht nó a ghabh inti, go díreach nó go neamhdhíreach, agus go sonrach (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal roimhe seo den mhíniú seo) folaíonn sé aon duine a sholáthraigh airgead nó a ghabh air féin airgead a sholáthar, go díreach nó go neamhdhíreach, chun críche na socraíochta, nó a rinne comhshocraíocht chomharaíochta le haon duine eile go ndéanfadh an duine eile sin an tsocraíocht nó go ngabhfadh sé inti.

(4) Beidh éifeacht ag forálacha na Coda seo d'ainneoin aon ní atá i Sceideal A nó sna forálacha is inchurtha chun feidhme maidir leis an Sceideal sin nó i gCaibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Muirear faoi Chás 1 de Sceideal D a leathnú chun baint le brabúis áirithe ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún.

17. —(1) Más rud é, ar leithligh ón alt seo, nach n-áireofaí na gníomhaíochtaí go léir, nó nach n-áireofaí cuid de na gníomhaíochtaí, a bhaineann le gnó déileála i dtalamh nó forbairte talún mar ghníomhaíochtaí a sheoltar i gcúrsa trádála faoi réim Sceideal D ach go n-áireofaí amhlaidh iad dá mba é a bhí i ngach diúscairt leasa i dtalamh a bhí ar áireamh sna gníomhaíochtaí sin diúscairt ar an leas iomlán ann a bhí an duine ag a raibh an gnó á sheoladh tar éis a fháil agus go raibh sé tar éis an leas sin a fháil i gcúrsa an ghnó, measfar gur trádáil atá go hiomlán faoi réim Sceideal D an gnó nó, de réir mar a bheidh, cuid de thrádáil den sórt sin agus muirearófar i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D dá réir sin na brabúis nó na gnóchain ón gcéanna.

(2) Chun críocha fho-alt (1)—

(a) measfar gur tharla déileáil i dtalamh i gcás ina ndearna duine ag a raibh leas in aon talamh an leas sin nó leas a dhíorthaigh uaidh a dhiúscairt maidir le hiomlán na talún sin nó le haon chuid di, agus

(b) duine a áiritheoidh go ndéanfar forbairt ar aon talamh measfar eisean a bheith ag forbairt na talún sin.

(3) I gcás ina ndéanfar leas i dtalamh a dhiúscairt le linn cuideachta a bheith á foirceannadh, measfar, chun críocha an ailt seo, nár scoir an chuideachta de bheith ag seoladh na trádála nó an ghnó a bhí á sheoladh aici roimh thosú an fhoirceannta suas go dtí críochnú na diúscairte, nó na diúscairte deiridh den sórt sin má bhí níos mó ná diúscairt amháin ann, agus, dá réir sin, cinnfear, gan aird a thabhairt ar an gcuideachta a bheith á foirceannadh, cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon diúscairt den sórt sin i gcúrsa gnó déileála i dtalamh nó forbartha talún arb éard é, nó a meastar gurb éard é, trádáil nó cuid de thrádáil.

Brabúis nó gnóchain ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás 1 de Sceideal D.

18. —(1) I gcás inarb éard, nó ina bhfuil sé le meas gurb éard, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún trádáil faoi réim Sceideal D nó cuid de thrádáil den sórt sin beidh, maidir le ríomh brabús nó gnóchan an ghnó, éifeacht, faoi réir forálacha fho-alt (2), ag na forálacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cás 1 den Sceideal sin.

(2) (a) Aon chomaoin, seachas cíos nó méid a áirítear mar chíos faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith leas in aon talamh nó i gcuid d'aon talamh a dhiúscairt, áireofar í mar chomaoin i leith stoc trádála a dhiúscairt agus cuirfear i gcuntas í dá réir sin mar fháltas trádála.

(b) Aon leas (dá ngairtear an t-uasleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) in aon talamh a theachtann an trádálaí agus a ndearna stoc trádála de chuid na trádála de leanfaidh sé dá éis sin, go dtí go scoirfear den trádáil, de bheith ina stoc trádála den sórt sin agus measfar gurb é a luach, tráth ar bith roimh an scor, méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí é a fháil lúide méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí aon leas (dá ngairtear íosleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bhunú a bhfuil an t-uasleas tagtha chun bheith faoina réir.

(c) Chun críocha mhír (b) measfar, faoi réir míreanna (e) agus (f), gurb é comhiomlán na méideanna seo a leanas an méid a chosain sé an t-uasleas a fháil, is é sin le rá:

(i) i gcás inar leas léasach an leas, méid aon fhíneála, préimhe nó suime eile dá shórt a d'íoc an trádálaí mar chomaoin i leith an léas a dheonú, nó, más trí shannadh a fuair sé an léas, an méid a d'íoc sé mar chomaoin i leith an tsannta;

(ii) i gcás inar leas léasach an leas, méid is comhionann leis an méid arbh é, tráth na fála, margadh-luach aon chíosa é a bhí forcoimeádta faoin léas;

(iii) i gcás nach leas léasach an leas, an méid a d'íoc an trádálaí i leith an leas a fháil mar aon le méid comhionann leis an méid arbh é, tráth na fála, margadh-luach aon chíosa fheofheirme, cíosmhuirir, bliantachta nó íocaíochta bliantúla eile é a bhí forcoimeádta nó muirearaithe ar an talamh;

(iv) an méid a d'íoc an trádálaí i modh caiteachais dlí agus caiteachais eile maidir leis an leas a fháil;

(v) i gcás ina bhfuil an trádálaí tar éis an talamh a fhorbairt, an méid caiteachais a thabhaigh sé leis an bhforbairt;

ach, i gcás ina bhfuil níos mó ná leas amháin sa talamh ag an trádálaí, ní chuirfear aon mhéid i gcuntas faoi fhomhír (v) ach amháin maidir leis an leas a bhfuil an leas eile nó na leasanna eile go léir faoina réir.

(d) Chun críocha mhír (b) measfar gurbh é an costas a bhain don trádálaí ag bunú íosleasa—

(i) i gcás inar leas in iomlán na talún lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an bhreis atá ag an gcostas a bhain don trádálaí, arna ríomh de réir mhír (c), ag fáil an uasleasa ar mhargadh-luach aon leasa atá coimeádta aige, nó

(ii) i gcás inar leas i gcuid den talamh lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an méid atá de bhreis ag an gcion sin den chostas a bhain leis an uasleas a fháil is inchurtha i leith na coda sin ar mhargadh-luach aon leasa sa chuid sin atá coimeádta aige.

Chun críocha fhomhír (ii), tiocfar ar an gcion de chostas an uasleasa a fháil is inchurtha i leith coda den talamh lena mbaineann an leas sin trí gach ceann de na méideanna iomaí a meastar, faoi mhír (c), a chomhdhéanann costas an uasleasa sin a fháil a chionroinnt mar is cóir.

(e) I gcás inar ar shlí seachas ar chomaoin i modh airgid nó luach airgid a fuair an trádálaí an t-uasleas in aon talamh ansin, faoi réir mhír (f), measfar, chun críocha mhír (c), go bhfuair sé an leas ar chomaoin comhionann le margadhluach an leasa an tráth a fuair sé é.

(f) Más rud é, tráth fála an uasleasa in aon talamh, nach raibh an trádáil tosaithe nó nach raibh an leas leithreasaithe mar stoc trádála, measfar, chun críocha mhír (c), gur cheannaigh an trádálaí an leas ar chomaoin comhionann lena mhargadh-luach tráth a leithreasaithe mar stoc trádála.

(g) Cuirfear i gcuntas mar fháltas trádála aon chomaoin (seachas íocaíocht lena mbaineann alt 87 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) i leith an trádálaí do dheonú aon chirt maidir le forbairt aon talún.

(h) Maidir le haon talamh a bhfuil aon leas ann le háireamh mar stoc trádála—

(i) déanfar, ach amháin a mhéid a fhoráiltear leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, neamhshuim d'aon chíos is iníoctha nó is infhaighte, agus

(ii) déanfar neamhshuim mar an gcéanna d'fháltais agus d'eisíocaíochtaí eile de bharr, nó is inchurtha i leith, áitiú nó úsáid na talún ag an trádálaí (seachas úsáid chun críocha na trádála) nó ag aon duine eile.

Leasanna i dtalamh a aistriú idir daoine áirithe atá i gcomhlachas le chéile.

19. —(1) I gcás ina ndéanfaidh aon duine leas i dtalamh a dhiúscairt chun duine lena bhfuil baint aige (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) agus—

(a) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is mó ná a mhargadhluach; agus

(b) i ndáil leis an bpraghas—

(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an diúscróir, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, ach

(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an aistrí,

measfar chun críocha cánach go bhfuair an t-aistrí an leas ar phraghas comhionann lena mhargadh-luach an tráth a fuair sé é.

(2) I gcás ina ndéanfaidh aon duine leas i dtalamh a dhiúscairt chun duine lena bhfuil baint aige (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) agus—

(a) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is lú ná a mhargadhluach, agus

(b) i ndáil leis an bpraghas—

(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an aistrí, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, ach

(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an diúscróir,

measfar, chun críocha cánach, go ndearna an diúscróir an leas a dhiúscairt ar phraghas comhionann lena mhargadh-luach an tráth a rinne an diúscróir é a dhiúscairt.

Chun críocha an fho-ailt seo measfar gur diúscairt ar phraghas ainmniúil diúscairt a dhéantar ar mhodh bronntanais.

(3) Nuair a bheidh an t-alt seo á chur chun feidhme maidir le cás ina ndeonaítear léas, forléireofar aon tagairt do phraghas mar thagairt don fhíneáil, don phréimh nó don tsuim dá samhail is iníoctha i leith deonú an léasa.

Muirearófar cáin faoi Chás VI de Sceideal D maidir le scaireanna áirithe a dhíol.

20. —(1) I gcás inarb éard gníomhaíochtaí nó cuid de ghníomhaíochtaí cuideachta foirgneamh a thógáil nó a áirithiú go dtógfar é agus tar éis an tógáil a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis a chríochnaithe go ndíolfar scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díol, rialú na cuideachta, agus, ar leith ón alt seo, nárbh fháltas de ghné ioncaim i lámha an díoltóra an chomaoin i leith an díola, measfar, má chomhlíontar na coinníollacha a shonráitear i bhfo-alt (2), gurb ioncam de chuid an díoltóra suas go dtí an méid a shonraítear i bhfo-alt (5) an chomaoin, agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) na scaireanna a dhíol an 11ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis sin;

(b) leas a bheith (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an gcuideachta, tráth an díola, san fhoirgneamh agus gur cúigiú cuid nó níos mó de ghlansócmhainní na cuideachta luach an leasa sin agus aon leasa a bheidh ag an gcuideachta amhlaidh an tráth sin in aon fhoirgneamh eile (nach foirgneamh a críochnaíodh níos mó ná sé bliana roimh an tráth sin ná foirgneamh nach bhfuil an coinníoll a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo comhlíonta maidir leis) a thóg an chuideachta nó ar áirithigh an chuideachta go dtógfaí é;

(c) ar fhógra chuige sin a bheith seirbheáilte uirthi ag an gcigire, gan an chuideachta a bheith tar éis a shuíomh, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra nó laistigh de cibé am breise a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim, gur stoc trádála de chuid trádála atá á seoladh aici an leas sin agus go ndearna sí nó go ndéanfaidh sí é a dhiúscairt i ngnáthchúrsa na trádála sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)—

(a) má dhéanann duine nó daoine na scaireanna sa chuideachta a dhíol le cuideachta eile agus go bhfuil na scaireanna i ngach cuideachta acu sin ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna, nó

(b) má dhíolann cuideachta amháin na scaireanna le cuideachta eile agus go bhfuil na scaireanna i ngach cuideachta acu ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna,

agus beidh aird i ngach cás ar aon difear idir na scaireanna nó idir na cearta a ghabhann leo.

(4) I gcás ina dtarlóidh, roimh an díolachán scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1), go mbeidh an chuideachta—

(a) tar éis a leas san fhoirgneamh, nó leas a dhíorthaíonn ón leas sin, a dhiúscairt chun an duine arb é ceannaitheoir na scaireanna é, nó chun cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, nó

(b) tar éis aon leas san fhoirgneamh a dhiúscairt chun nó i bhfabhar aon duine, agus go bhfaighidh ceannaitheoir na scaireanna, nó cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, an leas roimh an díolachán nó tar éis an díolacháin de bhun comhshocraíochtaí arna ndéanamh tráth nach déanaí ná tráth an díolacháin,

beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mbeadh an leas a diúscraíodh dílsithe fós féin don chuideachta chéadluaite tráth na scaireanna a dhíol agus nárbh shócmhainní de chuid na cuideachta aon sócmhainní de chuid na cuideachta is ionann agus an chomaoin i leith an leas a dhiúscairt.

(5) Is é méid a mbeidh sé le meas faoi fho-alt (1) gurb ioncam de chuid an díoltóra é an chionúireacht iomchuí den mhéid (más ann) de bhrabúis nó de ghnóchain na cuideachta ab inmhuirir i leith cánach a d'éireodh dá ndíoltaí an leas dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) (nó gach leas den sórt sin i gcás níos mó ná leas amháin a bheith ann) an tráth sin ar chomaoin comhionann leis an méid seo a leanas, is é sin le rá, méid na comaoine cuí i leith na scaireanna eisithe go léir sa chuideachta—

(a) lúide aon bhreis a bhí ag margadh-luach sócmhainní na cuideachta, seachas an leas nó na leasanna sin, ar dhliteanais chomhiomlána na cuideachta tráth an díolacháin, nó

(b) móide aon bhreis a bhí ag na dliteanais chomhiomlána sin ar an margadh-luach sin.

(6) Chun críocha an ailt seo, is í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile i gcuideachta an chomaoin iarbhír i leith an díolacháin scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1) móide (murarbh é díol na scaireanna eisithe go léir an díolachán sin) an chomhréir idir an méid iomlán scaireanna eisithe agus an méid scaireanna a díoladh:

Ar choinníoll go measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás nach den ghné chéanna scaireanna eisithe uile na cuideachta nó nach iad na cearta céanna a ghabhann leo go léir agus nár díoladh na scaireanna eisithe uile den díolachán sin, gurb í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta an tsuim ab ionann, an tráth a díoladh na scaireanna, agus margadh-luach an leasa nó na leasanna uile a luaitear i bhfo-alt (5) lúide nó, de réir mar a dhlíonn an cás, móide an bhreis a luaitear i mír (a) nó i mír (b) d'fho-alt (5).

(7) Chun críocha fho-alt (5), is í an chomhréir iomchuí, maidir le haon díolachán scaireanna, an chomhréir idir an gcomaoin iarbhír i leith an díolacháin sin agus an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta, ar shlí, ámh, gurb í an chomhréir iomchuí, i gcás ina bhfuil éifeacht ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin roimhe seo, cibé comhréir is cóir ag féachaint do líon agus do ghné na scaireanna a díoladh agus do na cearta a ghabhann leo, i gcomparáid le líon agus gné na scaireanna eisithe uile sa chuideachta agus do na cearta nó na cearta éagsúla a ghabhann leo.

(8) Beidh aon cháin inghnóthaithe ón gcuideachta is inmhuirir ar an díoltóir de bhua na bhforálacha sin roimhe seo agus nach mbeidh íoctha aige, agus i gcás inar pearsa aonair an díoltóir an méid a measfar (de bhua fho-alt (1)) gurb ioncam dá chuid é measfar chun críocha an fho-ailt seo gurb í an chuid is airde dá ioncam é.

(9) I gcás ina ndéanfaí, de dhroim scaireanna a dhíol, a mheas, faoi fho-alt (1), gurbh ioncam de chuid an díoltóra aon mhéid áirithe mura mbeadh an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) (c) a bheith gan chomhlíonadh, agus go mbeidh aon leas i bhfoirgneamh den sórt a luaitear i bhfo-alt 2 (b) ar teachtadh fós féin ag an gcuideachta lá cothrom sé bliana ó lá an díolacháin ansin, measfar go bhfuair an chuideachta a chóimhéid d'ioncam an lá cothrom sé bliana sin agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

(10) Má tharlaíonn, tar éis na scaireanna a dhíol, go bhfaibhreoidh aon fháltais chun na cuideachta ó leas i bhfoirgneamh a dhiúscairt i gcúrsa trádála ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, is leas a bhí ag an gcuideachta an tráth a díoladh na scaireanna agus a ndearnadh an brabús a d'éireodh ar na scaireanna sin a dhiúscairt a chur i gcuntas ina leith nuair a bhíothas ag ríomh an méid ioncaim ab inmhuirir i leith cánach faoi threoir an díolacháin faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar neamhshuim de na fáltais chun críocha cánach ioncaim más cóir agus a mhéid is cóir sin a dhéanamh ag féachaint d'aon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha sin.

(11) I gcás ina bhfuil cuideachta tar éis foirgneamh a fhoirgniú, nó tar éis tosú ar fhoirgneamh a fhoirgniú, ar thalamh ina bhfuil leas ag cuideachta lena bhfuil baint ag an gcuideachta sin agus go bhfaighidh duine rialú ar an gcéad chuideachta tar éis an foirgniú a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis é a chríochnú, ansin, maidir le scaireanna sa chuideachta ag a bhfuil leas sa talamh a dhíol leis an duine sin (cibé acu roimh an duine sin d'fháil rialú ar an gcéad chuideachta nó dá éis sin a rinneadh), beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir le cuideachta den sórt a luaitear iontu ach amháin tagairtí do leas sa talamh a chur in ionad tagairtí do leas san fhoirgneamh.

(12) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo, measfar go bhfolaíonn foirgneamh neamhchríochnaithe an méid sin d'aon ábhair leis an gcuideachta is gá chun an foirgneamh a thógáil agus measfar go bhfolaíonn foirgneamh (críochnaithe nó neamhchríochnaithe) a láithreán.

(13) Chun críocha an ailt seo—

(a) forléireofar “scair”, maidir le cuideachta nach bhfuil faoi theorainn scaireanna (cibé acu atá nó nach bhfuil scairchaipiteal aici), mar fhocal a fholaíonn tagairtí do leasanna an chomhalta sa chuideachta sa cháil sin is cuma cad é an sórt leas an leas sin.

(b) measfar gurb ionann agus scair a dhíol na cearta a ghabhann le scair nó is cuid de scair a dhíol, amhail agus dá mba scaireanna ar leithligh na cearta a bhí folaithe agus na cearta nach raibh folaithe sa díolachán, agus

(c) déanfar neamhshuim d'aon fhoirgneamh a soláthraíodh le húsáid, agus a cuireadh in úsáid, le haghaidh trádáil bona fide a bhí á seoladh ag an gcuideachta, seachas trádáil—

(i) ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, nó

(ii) ag soláthar seirbhísí le haghaidh áititheoirí talún is talamh a bhfuil leas inti ar teachtadh ag an gcuideachta.

(14) I gcás ina measfar de bhua an ailt seo gurb ioncam de chuid an díoltóra an chomaoin i leith scaireanna a dhíol agus go mbeidh aon urrúis de chuid na cuideachta seachas scaireanna sa chuideachta folaithe sa díolachán ar phraghas de bhreis ar dhliteanas na cuideachta i leith na n-urrús, áireofar chun críocha an ailt seo gur cuid den chomaoin i leith na scaireanna a dhíol an bhreis.

Feidhm alt 20 maidir le scaireanna i gcuideachtaí sealbhaíochta a dhíol.

21. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás—

(a) inarb é sórt cuideachta cuideachta (dá ngairtear an chéad chuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) go mbeadh feidhm ag alt 20 dá ndíoltaí scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeadh de dhroim an díolacháin, rialú na cuideachta;

(b) inar le cuideachta eile (dá ngairtear an dara cuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa chuideachta sin (go díreach nó trí ainmní);

(c) ina ndíolfar aon tráth (dá ngairtear an tráth iomchuí ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa dara chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díolacháin, rialú na céad chuideachta; agus

(d) gur scaireanna den ghné chéanna agus thugann na cearta céanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí,

measfar chun críocha alt 20 go ndearnadh an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta a dhíol an tráth iomchuí leis an duine a luaitear i mír (c) ag díoltóir na scaireanna a luaitear sa mhír sin ar chomaoin comhionann leis an méid a shonraítear i bhfo-alt (3).

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo, is í an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta an uimhir a gheofar tríd an uimhir iomlán scaireanna sa chéad chuideachta ba de chuid an dara cuideachta an tráth iomchuí (mar a dúradh) a iolrú ar an gcodán arb é a uimhreoir an uimhir scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar a luaitear i mír (c) den fho-alt sin agus arb é a ainmneoir an uimhir iomlán scaireanna eisithe sa dara cuideachta an tráth iomchuí.

(3) Is é an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) méid na comaoine leith an díolacháin a luaitear i bhfo-alt (1) (c)—

(a) lúide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sa luach a shonraítear san fho-alt ina dhiaidh seo ar dhliteanais chomhiomlána an dara cuideachta an tráth iomchuí a iolrú ar an gcodán a shonraítear san fho-alt sin roimhe seo, nó

(b) móide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sna dliteanais chomhiomlána sin ar an luach sin a iolrú ar an gcodán sin.

(4) Is é an luach dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo an luach arb é, an tráth iomchuí, margadh-luach sócmhainni uile an dara cuideachta é seachas na scaireanna sa chéad chuideachta dá cuid (mar a dúradh) an tráth sin.

(5) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1), nach den ghné chéanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta, nó nach iad na cearta céanna a thugann siad go léir, an tráth iomchuí, beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá bhfágtaí ar lár fo-alt (1) (d) agus dá gcuirtí in ionad an chodáin a shonraítear i bhfo-alt (2) cibé codán is codán cóir ag féachaint d'uimhir agus do ghné na scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar a luaitear i bhfo-alt (1) (c) agus na cearta a ghabh leo, i gcomparáid le huimhir agus gné na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí agus na cearta nó na cearta éagsúla a ghabh leo, agus aon tagairt don chodán chéadluaite a fhorléiriú dá réir sin.

(6) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1)—

(a) gur cuideachta den sórt a luaitear sa mhír sin (a) an dara cuideachta í féin, agus

(b) go bhfuil, nó go mbeidh de dhroim an díolacháin, rialú an dara cuideachta ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa dara cuideachta,

beidh feidhm ag forálacha alt 20 agus ag na forálacha roimhe seo den alt seo, go huile.

(7) Más rud é, in ionad scaireanna sa dara cuideachta a dhíol mar a luaitear i bhfo-alt (1) (c), gurb iad na scaireanna a dhíolfar scaireanna i gcuideachta (dá ngairtear an chuideachta dheiridh ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ag a bhfuil, trí shraith cuideachtaí, leas neamhdhíreach i scaireanna na chéad chuideachta, beidh feidhm ag na forá lacha roimhe seo den alt seo, agus iad modhnaithe mar is gá, maidir le gach cuideachta (arb í an chéad chuideachta í nó an chuideachta dheiridh nó ceann den sraith cuideachtaí) a mbeidh, tráth an díolacháin, nó a mbeidh de dhroim an díolacháin, a rialú ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa chuideachta dheiridh.

Forálacha d'fhorlíonadh ar ailt 20 agus 21.

22. —(1) I gcás bearta cónasctha scaireanna i gcuideachta a dhíol tráthanna éagsúla leis an duine céanna agus an duine sin d'fháil rialú na cuideachta de dhroim aon cheann de na díolacháin seachas an chéad díolachán, ansin, chun críocha cheachtar den dá alt roimhe seo, measfar aon díolachán níos luaithe ná an díolachán ar dá dhroim a gheobhaidh sé rialú (nach díolacháin a rinneadh roimh an 11ú lá de Bhealtaine, 1965) a bheith arna dhéanamh tráth an díolacháin sin.

(2) Chun críocha an fho-alt sin roimhe seo measfar bearta scaireanna a bheith cónasctha más bearta scaireanna iad faoi seach de chuid (go díreach nó trí ainmní) an duine chéanna nó beirt daoine nó níos mó a bhfuil baint ag duine acu leis an duine eile nó le gach duine de na daoine eile; agus chun críocha an fho-ailt seo measfar gur de chuid duine scaireanna—

(a) más de chuid chuideachta faoina rialú iad, nó

(b) má tá siad ar teachtadh ag iontaobhaithe de dhroim socraíochta (mar a mhínítear in alt 16 (3)) arb eisean an socraitheoir (mar a mhínítear amhlaidh) ina leith.

(3) I gcás duine d'fháil rialú cuideachta aon tráth—

(a) aon díolachán scaireanna sa chuideachta, cibé acu díolachán leis an duine sin é nó le duine óna bhfuair sé na scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach, a rinneadh roimh an tráth sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun rialú na cuideachta a aistriú, nó

(b) aon díolachán scaireanna sa chuideachta arna dhéanamh le duine eile óna bhfuair an duine chéadluaite iad go díreach nó go neamhdhíreach, is díolachán a rinneadh tar éis an trátha sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun na scaireanna a aistriú chun an duine chéadluaite,

measfar, chun críocha an dá alt roimhe seo, gur díolachán é a mbeidh rialú na cuideachta dá dhroim ag an neascheannaitheoir.

(4) Chun críocha an ailt seo agus an dá alt roimhe seo measfar gur díolachán le duine díolachán le cuideachta faoina rialú nó lena ainmní, agus measfar gur leas a bhunú i bhfabhar duine leas a bhunú i bhfabhar cuideachta faoina rialú nó i bhfabhar a ainmní.

(5) Chun na gcríocha réamhráite, i gcás beirt daoine nó níos mó a bheith ag gníomhú le chéile chun rialú cuideachta a fháil nó a fheidhmiú, measfar gur duine amháin iad maidir leis an gcuideachta sin.

(6) I gcás scaireanna a dhíol de bhun comhaontú roimh ré, measfar chun críocha an dá alt roimhe seo agus na bhforálacha roimhe seo den alt seo gurb é tráth an comhaontú a dhéanamh tráth an díolacháin.

É a cheadú i gcásanna áirithe íoc cánach a chur siar.

23. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine (dá ngairtear an díoltóir ina dhiaidh seo san alt seo) ag a mbeidh trádáil á seoladh ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún (dá ngairtear an trádáil anseo ina dhiaidh seo san alt seo) an leas iomlán a fuair sé in aon talamh a dhiúscairt i gcúrsa na trádála,

(b) nach duine a bhfuil baint aige leis an díoltóir an duine chun a ndearnadh an diúscairt (dá ngairtear an ceannaitheoir ina dhiaidh seo san alt seo),

(c) go bhfuil sna téarmaí ar faoina réir a rinneadh an diúscairt foráil le haghaidh an ceannaitheoir do dheonú léas ar an talamh don díoltóir,

(d) go mbeidh suim arb ionann luach di agus ceart an díoltóra chun léas a dheonú dó le cur i gcuntas mar chomaoin i leith na diúscartha le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh, agus

(e) laistigh de shé mhí tar éis tráth na diúscartha, go ndeonóidh an ceannaitheoir don díoltóir léas ar an talamh de réir na dtéarmaí sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den alt seo maidir le cáin in aghaidh bliana measúnachta sa bhonn-tréimhse dá ndéantar an diúscairt.

(2) Más rud é, an tráth a thiocfadh, mura mbeadh an fho-alt seo, aon mhéid cánach ioncaim a mhuirearaítear le measúnacht i leith brabús no gnóchan na trádála chun bheith dlite agus iníoctha (ar shlí seachas de bhua alt 418 nó 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ),—

(a) go gcoimeádfaidh an díoltóir an leas léasach a fuair sé ón gceannaitheoir, agus

(b) nach ndearna sé, maidir le hiomlán na talún nó le haon chuid dí, diúscairt ar leas a dhíorthaigh ón leas léasach sin,

beidh an oiread den mhéid sin cánach ioncaim is comhionann le naoi ndeichiú de cibé méid di nárbh inmhuirir dá mba nach raibh aon suim le cur i gcuntas mar a luaitear i bhfo-alt (1) (d) iníoctha ina naoi dtráthchodanna comhionanna gach bliain agus beidh an chéad tráthchuid acu iníoctha an lú lá d'Eanáir sa bhlian i ndiaidh na bliana ab iníochta, mura mbeadh an fo-alt seo an méid sin cánach ioncaim a dúradh.

(3) Más rud é, i gcás inar údaraíodh le fo-alt (2) go ndéanfaí íoc aon mhéid cánach ioncaim a chur siar,—

(a) go scoirfidh an díoltóir den leas léasach a fuair sé ón gceannaitheoir a choimeád,

(b) go ndéanfaidh an díoltóir, maidir le hiomlán na talún nó le haon chuid di, leas a dhíorthaigh ón leas léasach sin a dhiúscairt,

(c) go n-éagfaidh an díoltóir, ar pearsa aonair é, nó

(d) go dtosóidh an díoltóir, ar cuideachta é, de bheith á fhoirceannadh,

tiocfaidh an méid sin cánach ioncaim, nó, cibé acu é, tiocfaidh an oiread sin di nár tháinig cheana féin chun bheith dlite agus iníoctha, chun bheith dlite agus iníoctha láithreach.

(4) Maidir le haon mheasúnacht i leith forchánach a rinneadh ar an díoltóir, beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) maidir le cibé oiread den cháin a muirearaíodh tríd sin agus nárbh inmhuirir dá mba nach raibh aon suim le cur i gcuntas mar a luaitear i bhfo-alt (1) (d) mar atá feidhm acu maidir leis an oiread sin den cháin ioncaim a mhuirearaítear le measúnacht i leith brabús nó gnóchan na trádála agus nárbh inmhuirir sa chúinse sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain atá cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála nó, i gcás ina bhfuil sé le meas, de bhua aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin.

Feidhm Chuid IV.

1965, Uimh. 22 .

24. —(1) Beidh éifeacht ag an gCuid seo—

(a) don bhliain 1967-68 agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, in ionad Chaibidil VII de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(b) do na blianta 1965-66 agus 1966-67, in ionad Chuid VII den Acht Airgeadais, 1965 , agus ionann is dá gcuirtí in ionad gach tagartha sa Chuid seo d'fhoráil den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tagairt don fhoráil chomhréireach de na hachtacháin dá dtagraítear in alt 554 (1) den Acht sin mar na hachtacháin aisghairthe:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon mheasúnacht de bhun na Coda seo don bhliain 1965-66, 1966-67 nó 1967-68 nach bhféadfaí a dhéanamh go cuí dá mba nár achtaíodh an Chuid seo.

(2) Measúnacht ar bith a bhí déanta nó a airbheartaítear a bheith arna déanamh roimh dháta an Achta seo a rith, de bhun Chuid VII den Acht Airgeadais, 1965 , nó Chaibidil VII de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar gur measúnacht í arna déanamh faoin gCuid seo, ach má tháinig sí chun bheith críochnaitheach, dochloíte, féadfaidh an duine a measúnaíodh, trí fhógra i scríbhinn arna sheachadadh don chigire laistigh de thrí mhí tar éis dáta an rite sin, a cheangal go ndéanfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, í a áireamh mar mheasúnacht a bhfuil achomharc ar feitheamh ina leith.