10 1968


Uimhir 10 de 1968


AN tACHT UM LEABHARLANN CHESTER BEATTY, 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ D'UACHTARÁN NA hÉIREANN DUINE AMHÁIN D'IONTAOBHAITHE LEABHARLANN CHESTER BEATTY A CHEAPADH Ó AM GO hAM. [16 Bealtaine, 1968]

DE BHRÍ go ndearna Sir Alfred Chester Beatty, éagach, lena uacht, an leabharlann a bhailigh sé agus a bhunaigh sé mar Leabharlann Chester Beatty a réadtiomnú agus a thiomnú do dhaoine áirithe dá ngairtear ansin na hiontaobhaithe leabharlainne ar iontaobhas d'fhonn an leabharlann sin a choimeád agus a chothabháil le haghaidh úsáid agus tairbhe an phobail:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sainráite san uacht sin mian go ndéanfaí, i dteannta na ndaoine a ceapadh leis an uacht sin, daoine eile a cheapadh ó am go ham chun gníomhú mar iontaobhaithe leabharlainne den sórt sin agus dearbhú agus iarratas fairis sin gurb é Uachtarán na hÉireann a cheapfadh duine amháin de na daoine eile sin:

AR AN ÁBHAR SIN ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cumhacht an Uachtaráin chun iontaobhaí leabharlainne a cheapadh.

1. —Faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá in uacht Sir Alfred Chester Beatty, éagach, féadfaidh Uachtarán na hÉireann ó am go ham duine a cheapadh chun bheith ina iontaobhaí leabharlainne chun críocha na huachta sin agus na codaisíle a ghabhann leis dar dáta an 17ú lá de Shamhain, 1966.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Leabharlann Chester Beatty, 1968 , a ghairm den Acht seo.