14 1968


Uimhir 14 de 1968


AN tACHT UM AN SCAIRBH ILCHRÍOCHACH, 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TAISCEALADH AGUS SAOTHRÚ NA SCAIRBHE ILCHRÍOCHAÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[11 Meitheamh, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “limisteár ainmnithe” limisteár atá ainmnithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Taiscealadh agus saothrú na scairbhe ilchríochaí.

2. —(1) Aon chearta de chuid an Stáit lasmuigh d'uiscí teorann thar leaba nó fo-ithir na farraige chun an grinneall agus an fho-ithir sin a thaiscealadh agus a n-ábhair mhaoine nádúrtha a shaothrú dílsítear leis seo iad, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, don Aire agus beidh siad infheidhmithe ag an Aire.

(2) Aon uair is oiriúnach leis an Rialtas é agus a ordóidh siad amhlaidh, déanfar aon chearta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a shonrófar san ordachán a dhílsiú d'Aire Stáit, agus beidh siad infheidhmithe ag Aire Stáit, a shonrófar san ordachán seachas an tAire.

(3) Féadfaidh an Rialtas le hordú aon limistéar a ainmniú mar limistéar arb infheidhmithe ann na cearta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(4) Féadfaidh an Rialtas le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Feidhm dhlíthe áirithe de chuid an Staít.

1961, Uimh. 41 .

3. —(1) (a) Aon ghníomh nó neamhghníomh—

(i) a tharlóidh ar shuiteáil i limistéar ainmnithe nó aon uiscí i bhfogas cúig chéad méadar do shuiteáil den sórt sin, agus

(ii) ar chion faoi dhlí an Stáit é dá mba sa Stát a tharla sé,

measfar, chun na gcríocha go léir a bhaineann leis an gcion gur sa Stát a tharla sé.

(b) Aon ghníomh nó neamhghníomh—

(i) a tharlóidh ar aon uiscí i limistéar ainmnithe (nach uiscí i bhfogas cúig chéad méadar do shuiteáil), nó faoi aon uiscí nó suiteáil, nó os cionn aon uiscí nó suiteála, i limistéar ainmnithe, i ndáil le leaba nó fo-ithir na farraige a thaiscealadh nó i ndáil lena n-ábhair mhaoine nádúrtha a shaothrú, agus

(ii) ar chion faoi dhlí an Stáit é dá mba sa Stát a tharla sé,

measfar, chun na gcríocha go léir a bhaineann leis an gcion, gur sa Stát a tharla sé.

(2) (a) Aon ghníomh nó neamhghníomh—

(i) a tharlóidh ar shuiteáil nó aon uiscí i bhfogas cúig céad méadar do shuiteáil den sórt sin, i limistéar ainmnithe, agus

(ii) arbh éagóir é dá mba sa Stát a tharla sé,

measfar chun na gcríocha go léir a bhaineann leis an éagóir, gur sa Stát a tharla sé.

(b) Aon ghníomh nó neamhghníomh—

(i) a tharlóidh ar aon uiscí i limistéar ainmnithe (nach uiscí i bhfogas cúig chéad méadar do shuiteáil), nó faoi aon uiscí nó suiteáil, nó os cionn aon uiscí nó suiteála, i limistéar ainmnithe, i ndáil le leaba nó foithir na farraige a thaiscealadh nó i ndáil lena n-ábhair mhaoine nádúrtha a shaothrú, agus

(ii) arbh éagóir é dá mba sa Stát a tharla sé,

measfar chun na gcríocha go léir a bhaineann leis an éagóir, gur sa Stát a tharla sé.

(c) San fho-alt seo tá le “éagóir” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 .

(3) Aon dlínse a thugtar d'aon chúirt faoin alt seo is dlínse í gan dochar d'aon dlínse is infheidhmithe, ar leithligh ón alt seo, ag an gcúirt nó aon chúirt eile.

Feidhm na nAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 agus 1960, agus an Achta um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960 .

1960, Uimh, 7.

4. —(1) Beidh feidhm ag na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 agus 1960, maidir le minearáil (de réir bhrí na nAchtanna sin) a bhfuil na cearta dá dtagraítear in alt 2 den Acht seo infheidhmithe ina leith mar atá feidhm acu maidir leis na minearáil sin sa Stát.

(2) Beidh feidhm ag an Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960 , maidir le peitriliam (de réir bhrí an Achta sin) a bhfuil na cearta dá dtagraítear san alt sin 2 infheidhmithe ina leith mar atá feidhm aige maidir le peitriliam sa Stát.

Sábháilteacht uiscebhealaigh.

5. —(1) Ní dhéanfaidh, ní athróidh ná ní fheabhsóidh aon duine aon déanmhas ná oibreacha i limistéar ainmnithe, ná ní aistreoidh aon ní ná ábhar as limistéar ainmnithe, gan toiliú an Aire Iompair agus Cumhachta.

(2) Féadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta, mar choinníoll ar a mbreithneoidh sé iarratas ar thoiliú faoin alt seo, a cheangal go dtabharfar cibé pleananna agus sonraí a mheasfaidh sé is gá agus, ar aon iarratas den sórt sin a fháil, féadfaidh sé a chur faoi deara fógra i dtaobh an iarratais, agus i dtaobh an ama ar lena linn a fhéadfar agus an slí ina bhféadfar agóidí i gcoinne an iarratais sin a dhéanamh, a fhoilsiú ar cibé slí a mheasfaidh sé is cuí chun eolas a thabhairt do dhaoine dá ndéanann sé difear, agus, sula dtabharfaidh sé a thoiliú, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, duine a cheapadh chun fiosriúchán a sheoladh, agus tabharfar fógra de réir forálacha an Achta seo i dtaobh an fiosrúchán a sheoladh.

(3) Más é tuairim an Aire Iompair agus Cumhachta go mbeadh an gníomh ar iarradh a thoiliú ina leith ina chúis bhacainne nó chontúirte d'uiscebhealach, diúltóidh sé toiliú leis nó tabharfaidh sé a thoiliú faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.

(4) Na caiteachais go léir a thabhóidh an tAire Iompair agus Cumhachta ag seoladh fiosrúcháin faoin alt seo, déanfaidh an duine a d'iarr an toiliú lenar bhain an fiosrúchán iad a íoc mura n-ordóidh an tAire sin, le ceadú an Aire Airgeadais, a mhalairt (agus sa chás sin íocfar iad feadh an ordaithe sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas), agus socróidh an tAire Airgeadais méid na gcaiteachas agus beidh sé inghnóthaithe ag an Aire Iompair agus Cumhachta ón duine mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Más cuí leis an duine é a sheolfaidh fiosrúchán faoin alt seo féadfaidh sé a ordú go ndéanfar na costais agus na caiteachais a thabhaigh aon duine i ndáil leis an bhfiosrúchán a íoc ag aon duine eile a láithraigh nó a raibh ionadaí uaidh ag an bhfiosrúchán agus, má iarrann an duine é a thabhaigh na costais nó a dhílfidh iad a íoc, déanfaidh máistir fómhais de chuid na hArd-Chúirte na costais agus na caiteachais a fhómhasadh agus a fhionnadh agus beidh méid na gcostas agus na gcaiteachas nuair a bheidh siad fionnta amhlaidh inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) I gcás ina dtógfaidh duine déanmhas, nó ina n-aistreoidh sé ní nó ábhair, gan toiliú an Aire Iompair agus Cumhachta nó ina mainneoidh sé coinníoll a chomhlíonadh a cuireadh le tabhairt toiliú an Aire sin faoin alt seo agus gur bacainn ar uiscebhealach, nó contúirt d'uiscebhealach, i dtuairim an Aire, an tógáil, an t-aistriú nó an mhainneachtain féadfaidh an tAire sin fógra a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal air an déanmhas sin a aistriú nó déanamh de réir cibé ordacháin eile a mheasfaidh an tAire sin nó aon Aire eile is gá agus sin laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná tríocha lá) a shonrófar san fhógra, nó, más dóigh leis an Aire sin géar-ghá a bheith lena dhéanamh, féadfaidh sé féin a déanmhas a aistriú nó déanamh de réir na n-ordachán.

(7) Má tharlaíonn laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoi fho-alt (6) den alt seo go mainneoidh an duine ar a seirbheálfar an fógra déanamh de réir téarmaí an fhógra, féadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta féin an déanmhas dá dtagraíonn an fógra a aistriú nó déanamh de réir na n-ordachán a bheidh san fhógra, de réir mar a bheidh.

(8) Má tharlaíonn faoi fho-alt (6) nó (7) den alt seo go n-aistreoidh an tAire Iompair agus Cumhachta aon déanmhas dá dtagraítear i bhfógra faoin bhfo-alt sin (6) nó go ndéanfaidh sé de réir aon ordacháin a bheidh i bhfógra den sórt sin, féadfaidh an tAire sin a chostas sin a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh an fógra mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo nó a mhainneoidh déanamh de réir coinníoll a ghabh le toiliú an Aire Iompair agus Cumhachta a thabhairt faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil a mbeidh inti cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air.

Suiteála i limistéir ainmnithe chosaint

6. —(1) Féadfaidh an tAire, d'fhonn suiteáil i limistéar ainmnithe a chosaint, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta agus leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, le hordú, faoi réir aon eisceachtaí a fhorálfaidh an t-ordú, a thoirmeasc ar longa dul isteach gan a thoiliú sa chuid sin den limistéar a shonrófar san ordú.

(2) Má théann long isteach i gcuid de limistéar ainmnithe contrártha d'ordú faoin alt seo, beidh a húinéir agus a máistir ciontach i gcion mura gcruthófar nach raibh a fhios, agus nach bhféadfadh fios a bheith ó fhiosrú réasúnach, ag an máistir faoin toirmease a d'fhorchur an t-ordú.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, agus

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil a mbeidh inti cibé méid is cuí leis an gcúirt, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Ola a eisligean.

1956, Uimh. 25 .

7. —(1) Má eisligtear aon ola lena mbaineann alt 10 den Acht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 , nó aon mheascán ina bhfuil cuid nach lú ná céad rann den ola sin i milliún rann den mheascán, nó má éalaíonn aon ola den sórt sin, amach in aon chuid den fharraige—

(a) as píp-líne, nó

(b) ar shlí seachas as long, de dhroim aon oibríochta chun taiscealadh a dhéanamh ar leaba agus fo-ithir na farraige nó a n-ábhair mhaoine nádúrtha i limistéar ainmnithe a shaothrú,

beidh úinéir na píp-líne nó, de réir mar a bheidh, an duine a sheol na hoibríochtaí ciontach i gcion mura gcruthóidh sé, i gcás eisligean as áit ar áitiú aige, gurbh é ba chúis leis gníomh ag duine a bhí ansin gan cead (sainráite nó intuigthe) uaidh nó, i gcás éalú, gur ghlac sé an oiread cúraim agus a bhí réasúnach lena chosc agus go ndearna sé, a luaithe agus ab fhéidir tar éis é a thabhairt faoi deara, an oiread agus a bhí réasúnach lena stopadh nó lena laghdú.

(2) Aon duine a bheidh ciontach faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil a mbeidh inti cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air.

Cáblaí agus píp-línte fomhuirí.

1885, c. 49.

8. —(1) Beidh feidhm ag alt 3 den Submarine Telegraph Act, 1885, agus ag Airteagal IV agus ag an gcéad mhír d'Airteagal VII den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin maidir leis na cablaí agus na píp-línte uile faoin mórmhuir agus forléireofar an t-alt sin 3—

(a) mar thagairt do chumarsáidí teileafóin agus freisin do chumarsáidí teileagrafaíochta, agus

(b) maidir le píp-línte agus cáblaí leictreachais, ionann is dá scriosfaí ó “to which the Convention” go dtí deireadh fho-alt (1).

(2) Aisghairtear leis seo ailt 4 agus 13 den Submarine Telegraph Act, 1885.

Gléas riadiótheileagrafaíochta.

9. —Measfar, chun críocha na nAchtanna Raidió-Thelegrafaíochta. 1926 agus 1956, agus aon rialachán faoi na hAchtanna sin, (ach, i gcás rialacháin a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, faoi réir aon intinn a mhalairt sna rialacháin), gur sa Stát atá aon suiteáil atá i limistéar ainmnithe agus fós aon uiscí i bhfogas cúig chéad méadar d'aon suiteáil den sórt sin.

Feidhm na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1967.

10. —Féadfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh, le rialacháin, socrú a dhéanamh—

(a) chun déileáil mar fhostaíocht inárachaithe chun críocha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1967, le haon fhostaíocht a fhorordóidh na rialacháin is fostaíocht i ndáil le saothrú na n-ábhar maoine a luaitear in alt 2 (1) den Acht seo nó le taiscealadh leaba agus fo-ithir na farraige in aon limistéar ainmnithe d'ainneoin nach fostaíocht sa Stát an fhostaíocht sin,

(b) chun déileáil le haon fhostaíocht den sórt sin mar fhostaíocht (díobhálacha ceirde) inárachaithe chun críocha na nAchtanna sin, agus

(c) chun forálacha na nAchtanna sin a mhodhnú ina bhfeidhm i gcás daoine i bhfostaíocht den sórt sin.

Feidhm na nAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 agus 1963.

11. —Féadfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh, le rialachán, socrú a dhéanamh—

(a) chun déileáil mar fhostaíocht inárachaithe chun críocha na nAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 agus 1963, le haon fhostaíocht a fhorordóidh na rialacháin is fostaíocht i ndáil le taiscealadh nó saothrú d'aon chineál a luaitear in alt 10 den Acht seo d'ainneoin nach fostaíocht sa Stát an fhostaíocht sin, agus

(b) chun forálacha na nAchtanna sin a mhodhnú ina bhfeidhm i gcás daoine i bhfhostaíocht den sórt sin.

Fiosrúcháin.

12. —(1) Aon uair a bheartófar fiosrúchán a sheoladh faoin Acht seo, déanfar fógra faoina sheoladh a thabhairt i cibé slí a ordóidh an tAire Iompair agus Cumhachta.

(2) Féadfaidh duine a cheapfar chun fiosrúchán a sheoladh faoin Acht seo gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) finné a thoghairm chun teacht ina láthair ag an bhfiosrúchán,

(b) finnéithe a thiocfaidh os a chomhair ag an bhfiosrúchán a scrúdú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo don duine sin daoine a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinnéithe den sórt sin aon doiciméid ina gcumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird a mheasfaidh an duine sin is gá chun críocha an fhiosrúcháin.

(3) Beidh finné ag fiosrúchán faoin Acht seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna agus dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(4) Aon duine—

(a) ar é a thoghairm go cuí chun teacht i láthair mar fhinné ag fiosrúchán faoin Acht seo, a mhainneoidh teacht i láthair,

(b) agus é i láthair amhlaidh mar fhinné, a dhiúltóidh mionn a thogáil a iarrfaidh an duine a bheidh ag seoladh an fhiosrúcháin air go dleathach a thógáil nó an doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh ina chumhacht nó faoina rialú agus a iarrfaidh an duine a bheidh ag seoladh an fhiosrúcháin air go dleathach a thabhairt ar aird dó, nó aon cheist a fhreagairt a n-iarrfaidh an duine údaraithe sin freagra uirthi,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

Inchúisimh.

13. —(1) Féadfar imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo (lena n-áirítear cion faoi Acht eile arna chur chun feidhme leis an Acht seo nó faoi agus aon ní is cion de bhua alt 3 (1) den Acht seo) a bhunú, agus féadfar déileáil chun gach críche teagmhasaí leis an gcion mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

(2) Má bhíonn comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine ciontach i gcion den sórt sin agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin le toiliú nó cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon mhainneachtain ar thaobh, aon stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach dá shamhail de chuid an chomhlachta nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin beidh seisean, agus an comhlacht freisin, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina n-aghaidh agus iad a phionósú dá réir sin.

(3) Beidh ag comhalta den Gharda Síochána i limistéar ainmnithe na cumhachtaí, an chosaint agus na pribhléidí go léir atá aige sa Stát.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

14. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Caiteachais.

15. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire Stáit eile ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

16. —Féadfar an tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 , a ghairm den Acht seo.