19 1968


Uimhir 19 de 1968


AN tACHT UM CHOSAINT TAIBHEOIRÍ, 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT A THOIRMEASC TAIFID, SCANNÁIN AGUS CRAOLTAÍ NEAMHÚDARAITHE A DHÉANAMH DE THAIBHIÚ SAOTHAR LITRÍOCHTA, DRÁMAÍOCHTA, CEOIL AGUS EALAÍNE. [2 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “craoladh” craoladh trí raidiótheileagrafaíocht cibé acu fuaimchraoladh nó craoladh teilifíse é;

ciallaíonn “scannán cineamatagrafach” aon phrionta, claonchló, téip nó earra eile a bhfuil taibhiú, nó cuid de thaibhiú, ag taibheoirí taifeadta air lena atáirgeadh don tsúil;

folaíonn “craobhscaoileadh chun an phobail” forleathadh de shreang chun rannpháirtithe i seirbhís idirleata;

ciallaíonn “taibhiú” taibhiú ag aon aisteoirí, amhránaithe, ceoltóirí, rinceoirí nó daoine eile a dhéanann aisteoireacht, amhránaíocht, urlabhairt, reacaireacht nó seinm i saothair litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, nó a dhéanann taibhiú ar shlí eile ar an gcéanna, agus folaíonn sé aon taibhiú den sórt sin a dhéantar, nó a bheartaítear a dhéanamh, inchloiste nó infheicthe le meáin mheicniúla nó meáin leictreacha;

ciallaíonn “taibheoirí”, i gcás taibhiú meicniúil, na daoine a ndéantar a dtaibhiú a atáirgeadh go meicniúil;

ciallaíonn “Radio Telefís Éireann” an t-údarás craolacháin a bunaíodh de bhua na nAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1966;

ciallaíonn “athchraoladh” craoladh comhthráthach ag eagras craolacháin amháin ar chraoladh le heagras craolacháin eile;

ciallaíonn “taifead” aon taifead nó deis dá shamhail chun fuaim a atáirgeadh, lena n-áirítear fuaimrian scannáin chineamatagrafaigh.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do scannán cineamatagrafach a dhéanamh, is tagairt í d'aon phróis a chur í gcrích trína ndéantar taibhiú nó cuid de thaibhiú a thaifeadadh lena atáirgeadh don tsúil.

Toirmeasc ar thaifid a dhéanamh gan toiliú ó na taibheoirí.

1963, Uimh. 10 .

2. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, má dhéanann duine go feasach—

(a) taifead, go díreach nó go neamhdhíreach, ó thaibhiú nó trí thaibhiú gan toiliú i scríbhinn ó na taibheoirí, nó

(b) taifead a rinneadh nó a mheastar a rinneadh contrártha don Acht seo a dhíol, nó a ligean ar fruiliú, nó a imdháil chun críocha trádála, nó ar mhodh trádála, taifead den sórt sin a thaispeáint nó a thairiscint chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó

(c) taifead den sórt sin a úsáid le haghaidh craoladh nó craobhscaoileadh chun an phobail,

beidh sé ciontach i gcion, agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil a chur air nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach taifid ar cruthaíodh cion ina leith, ach nach mó ná céad punt i leith aon idirbhirt áirithe, nó ar a chiontú ar dhíotáil dlífear fíneáil nach mó ná dhá mhíle punt a chur air.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (1) (a) den alt seo, is cosaint é a chruthú gur chun a úsáide príobháidí agus tís féin agus chuige sin amháin a rinneadh an taifead lena mbaineann an cúiseamh.

(3) Ní sárú é ar fho-alt (1) den alt seo taifead a dhéanamh ó thaibhiú nó trí thaibhiú gan toiliú i scríbhinn ó na taibheoirí más rud é—

(a) gurb é Radio Telefís Éireann a rinne an taifead lena áiseanna féin, gur thoiligh na taibheoirí i scríbhinn an taibhiú a chraoladh ag Radio Telefís Éireann agus nach ndearna Radio Telefís Éireann an taifead, ná atáirgeadh air, a úsáid chun críche ar bith seachas an craoladh sin, nó

(b) gurb é a bhí sa taifead—

(i) atáirgeadh ar thaibhiú a corpraíodh i dtaifead a rinneadh le toiliú na dtaibheoirí agus nach chun críche seachas iad siúd ar chucu a tugadh an toiliú sin a rinneadh an t-atáirgeadh, nó

(ii) atáirgeadh ar thaibhiú a corpraíodh i dtaifead a rinneadh chun cúrsaí reatha a thuairisciú agus nach chun críche seachas é sin a rinneadh an t-atáirgeadh, nó

(iii) atáirgeadh ar thaibhiú a corpraíodh i dtaifead mar chúlra, nó lena bheith teagmhasach ar shlí eile i leith leis na príomh-ábhair a bhí, nó a bhí faoi léiriú, sa taifead agus nach chun críche seachas é sin a rinneadh an t-atáirgeadh.

(4) I gcás ina ndéanfaidh Radio Telefís Éireann taifead (seachas taifead den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo), go díreach nó go neamhdhíreach, lena áiseanna féin ar thaibhiú gan toiliú i scríbhinn ó na taibheoirí, ach gur taibhiú é ar thoiligh na taibheoirí i scríbhinn lena chraoladh, déanfaidh Radio Telefís Éireann, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta a críochnaíodh déanamh an taifid nó cibé tréimhse (más ann) is faide ná sin ar a gcomhaontófar idir Radio Telefís Éireann agus na taibheoirí, an taifead agus aon atáirgthí air a scriosadh, agus, má sháraíonn Radio Telefís Éireann forálacha an fho-ailt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) den alt seo maidir le taifead ar thaibhiú is de chineál sainfhaisnéiseach, ach ní úsáidfear taifead den sórt sin chun craoladh ná chun aon críche eile gan toiliú na dtaibheoirí agus beidh feidhm ag alt 12 (9) den Acht Cóipchirt, 1963 , maidir leis ionann is dá mba atáirgeadh é faoi fho-alt (7) den alt sin ar shaothar de chineál sainfhaisnéiseach.

(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt, agus, ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná dhá mhíle punt, a chur air.

Toirmeasc ar scannáin chineamatagrafacha a dhéanamh gan toiliú ó thaibheoirí.

1963, Uimh. 10 .

3. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, má dhéanann duine go feasach—

(a) scannán cineamatagrafach, go díreach nó go neamhdhíreach, ó thaibhiú nó trí thaibhiú gan toiliú i scríbhinn ó na taibheoirí, nó

(b) scannán cineamatagrafach a rinneadh nó a mheastar a rinneadh contrártha don Acht seo a dhíol nó a ligean ar fruiliú, nó a imdháil chun críocha trádála, nó, ar mhodh trádála, scannán den sórt sin a thaispeáint nó a thairiscint chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó

(c) scannán cineamatagrafach den sórt sin a úsáid le haghaidh craoladh nó craobhscaoileadh chun an phobail,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach caoga troigh scannáin ar cruthaíodh cion ina leith, ach nach mó ná céad punt i leith aon idirbhirt áirithe, nó ar a chiontú ar dhíotáil dlífear fíneáil nach mó ná dhá mhíle punt a chur air.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (1) (a) den alt seo, is cosaint é a chruthú gur chun a úsáide príobháidí agus tís féin agus chuige sin amháin a rinneadh an scannán cineamatagrafach lena mbaineann an cúiseamh.

(3) Ní sárú é ar fho-alt (1) den alt seo Radio Telefís Éireann do dhéanamh scannáin chineamatagrafaigh lena áiseanna féin, nó trí thaibhiú, gan toiliú i scríbhinn ó na taibheoirí más rud é—

(a) gur thoiligh na taibheoirí i scríbhinn le craoladh an taibhithe ag Radio Telefís Éireann agus nár úsáid Radio Telefís Éireann an scannán ná atáirgeadh air chun aon chríche seachas an craoladh, nó

(b) gur scannán de thaibhiú a corpraíodh i scannán cineamatagrafach a rinneadh go dleathach an scannán.

(4) I gcás ina ndéanfaidh Radio Telefís Éireann scannán cineamatagrafach (seachas scannán den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo), go díreach nó go neamhdhíreach, lena áiseanna féin ar thaibhiú gan toiliú i scríbhinn ó na taibheoirí, ach gur taibhiú é ar thoiligh na taibheoirí i scríbhinn lena chraoladh, déanfaidh Radio Telefís Éireann, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta a críochnaíodh déanamh an scannáin nó cibé tréimhse (más ann) is faide ná sin ar a gcomhaontófar idir Radio Telefís Éireann agus na taibheoirí, an scannán agus aon atáirgthí air a scriosadh, agus, má sháraíonn Radio Telefís Éireann forálacha an fho-ailt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) den alt seo maidir le scannán de thaibhiú is de chinéal sainfhaisnéiseach, ach ní úsáidfear scannán den sórt sin chun craoladh ná chun aon chríche eile gan toiliú na dtaibheoirí, agus beidh feidhm ag alt 12 (9) den Acht Cópchirt, 1963, maidir leis ionann is dá mba atáirgeadh é faoi fho-alt (7) den alt sin ar shaothar de chineál sainfhaisnéiseach.

(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt, agus ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná dhá mhíle punt, a chur air.

Measfar taifid agus scannáin choigríche do shárú an Achta in imthosca áirithe.

4. —Chun críocha míreanna (b) agus (c) d'alt 2 (1) den Acht seo agus míreanna (b) agus (c) d'alt 3 (1) den Acht seo, aon taifead nó scannán lena mbaineann ordú faoi alt 12 den Acht seo agus a rinneadh go díreach nó go neamhdhíreach ó thaibhiú nó trí thaibhiú, measfar, má bhí toiliú aon taibheora le déanamh an taifid nó an scannáin riachtanach de réir dlí na tíre ina ndearnadh é, measfar é a bheith arna dhéanamh contrártha don Acht má rinneadh é, go bhfios nó gan fhios, gan an toiliú a bhí riachtanach amhlaidh.

Toirmeasc ar chraoladh gan toiliú ó na taibheoirí.

5. —Faoi réir forálacha an Achta seo, aon duine a dhéanfaidh go feasach, ar shlí seachas trí thaifead nó scannán cineamatagrafach a úsáid nó trí chraoladh a ghlacadh, taibhiú, nó aon chuid de thaibhiú, ag taibheoirí, a chraoladh nó a chraobhscaoileadh chun an phobail, gan toiliú i scríbhinn ó na taibheoirí, beidh sé ciontach i gcion, agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Taibhithe a athchraoladh.

6. —Measfar go bhfolaíonn toiliú le taibhiú a chraoladh, mura bhforálann an toiliú a mhalairt, toiliú leis an taibhiú a athchraoladh.

Toirmeasc ar phlátaí shealbhú le taifid a dhéanamh contrártha don Acht.

7. —Má dhéanann duine, nó má bhíonn ina sheilbh, pláta nó feist dá shamhail chun taifid a dhéanamh contrártha don Acht seo, beidh sé ciontach i gcion, agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Cumhacht ag an gcúirt a taifid a sháraíonn an tAcht a scriosadh.

8. —An chúirt a dtabharfar os a comhair aon imeachtaí faoin Acht seo féadfaidh sí, ar an gciontóir a chiontú, a ordú na taifid, na scannáin chineamatagrafacha nó na plátaí go léir, nó na feistí dá samhail go léir, a bheidh i seilbh an chiontóra agus a mheasfaidh an chúirt a bheith arna ndéanamh contrártha don Acht seo, nó a bheith oiriúnaithe le haghaidh taifid a dhéanamh contrártha don Acht seo, agus ar ciontaíodh an ciontóir ina leith, a scriosadh nó cibé ní eile a dhéanamh leo is cuí leis an gcúirt.

Cosaint speisialta.

9. —D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den Acht seo, i gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, is cosaint é a chruthú—

(a) gur chun cúrsaí reatha a thuairisciú agus chuige sin amháin a rinneadh an taifead, an scannán cineamatagrafach, an craoladh nó an craobhscaoileadh chun an phobail, lena mbaineann an cúiseamh, nó

(b) gurb é amháin ba chúis leis an taibhiú atá i gceist a chur isteach sa taifead, sa scannán cineamatagrafach, sa chraoladh nó sa chraobhscaoileadh chun an phobail, lena mbaineann an cúiseamh, é bheith mar chúlra nó a bheith teagmhasach ar shlí eile i leith leis na príomh-ábhair a bhí, nó a bhí faoi léiriú, sa taifead, sa scannán, sa chraoladh nó sa chraobhscaoileadh chun an phobail.

Toiliú thar ceann taibheoirí.

10. —Más rud é, in aon imeachtaí faoin Acht seo, go gcruthófar—

(a) go ndearnadh an taifead, an scannán cineamatagrafach, an craoladh nó an craobhscaoileadh chun an phobail, lena mbaineann na himeachtaí, le toiliú i scríbhinn ó dhuine a chuir i gcéill, tráth an toilithe a thabhairt, go raibh údarás aige ó na taibheoirí é a thabhairt thar a gceann, agus

(b) nach raibh aon chúis réasúnach ag an duine a rinne an taifead, an scannán, an craoladh nó an craobhscaoileadh chun an phobail lena chreidiúint nach raibh an t-údarás sin ag an duine a thug an toiliú,

beidh feidhm ag forálacha an Achta seo ionann is dá mbeadh sé cruthaithe gur thoiligh na taibheoirí féin i scríbhinn leis an taifead, an scannán, an craoladh nó an craobhscaoileadh chun an phobail a dhéanamh.

Toiliú a thabhairt gan údarás.

11. —(1) I gcás—

(a) taifead, scannán cineamatagrafach, craoladh nó forleathadh a dhéanamh le toiliú i scríbhinn ó dhuine a chuir i gcéill, tráth an toilithe a thabhairt, go raibh údarás aige ó na taibheoirí é a thabhairt thar a gceann agus a fhios aige san am nach raibh an t-údarás sin aige, agus

(b) go mbeadh, de bhua alt 10 den Acht seo, an toiliú ina chosaint in aon imeachtaí maidir leis an déanamh sin i gcoinne an duine dar tugadh an toiliú,

beidh an duine a thug an toiliú ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt sin 10 maidir le himeachtaí faoin alt seo.

Feidhm ag forálacha áirithe den Acht maidir le tíortha eile.

12. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a fhoráil go mbeidh feidhm ag cibé forálacha den Acht seo a shonrófar san ordú maidir le taibhithe, taifid agus scannáin chineamatagrafacha, faoi seach, a rinneadh i cibé tíortha coigríche nó i cibé grúpa nó grúpaí de thíortha coigríche a shonrófar san ordú, in imthosca is de shórt a bhéarfadh, dá mba sa Stát a rinneadh na taibhithe, na taifid nó na scannáin chineamatagrafacha, gur shárú ar fhorálacha an Achta a ndéanamh.

(2) Ní dhéanfaidh an Rialtas ordú faoin alt seo ag cur aon fhorálacha de chuid an Achta seo chun feidhme maidir le haon tír nach páirtí i gcoinbhinsiún le haghaidh taibheoirí a chosaint ar páirtí ann freisin an Stát mura deimhin leis an Rialtas go ndearnadh nó go ndéanfar socrú faoi dhlíthe na tíre sin trína dtabharfar leorchosaint sa tír sin do thaibhithe sa Stát.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Chosaint Taibheoirí, 1968 , a ghairm den Acht seo

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála le hordú.