|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1968) | Ar Aghaidh (CUID II Forálacha Ginearálta maidir le Feiithiclí) |
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1968
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 . |
[EN] | (2) San Acht seo, aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura dtaispeáintear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá ar intinn. | |
[EN] | (3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura dtaispeáintear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá ar intinn. | |
[EN] |
Comhlua agus forléiriú. |
3. —Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 agus 1968, a ghairm den Acht seo agus den Phríomh-Acht i dteannta a chéile, agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon Acht amháin. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
4. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le críoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsula agus forálacha éagsúla den Acht seo. |
[EN] |
Aisghairm. |
5. —Aisghairtear leis seo ailt 119 (ina bhfuil foráil chun ospidéil a chúiteamh i gcásanna áirithe ina ndéantar díobháil do dhuine mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch) agus 88 (ina bhfuil foráil chun an Coimisinéir do dhéanamh fodhlíthe chun thrácht agus coisithe in áiteanna poiblí a rialú agus a stiúradh i gcoitinne, den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Mionleasuithe agus leasuithe iarmaltacha ar an bPríomh-Acht. |
6. —Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú sa tslí a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1). |
[EN] |
Gan feidhm a bheith ag an Public Offices Fees Act, 1879. 1879, c. 58. |
7. —Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo. |