27 1968


Uimhir 27 de 1968


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1964. [20 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

1964, Uimh. 38 .

1935, Uimh. 16 .

1. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1964 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná ceithre chéad milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear in alt 4 (3) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1968, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1964, agus den Acht seo le chéile.