|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 29 de 1968 | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1968 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1966. [23 Iúil, 1968.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 . |
[EN] |
Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha áirithe do Bhord Fáilte Éireann. |
2. —Ní rachaidh méiid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann chun Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontais le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £5,500,000 agus, dá réir sin, déanfar alt 2 (1) (b) d'Acht 1959 a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £3,000,000 a luaitear sa mhír sin agus a cuireadh isteach le halt 6 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1966 . |
[EN] |
Aisghairm ar alt 2 (4) d'Acht 1959. |
3. —Aisghairtear leis seo alt 2 (4) d'Acht 1959. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1968 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1966, agus den Acht seo le chéile. |