32 1968


Uimhir 32 de 1968


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1965.

[23 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Míniú.

1965, Uimh. 15 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1965 .

Leasú ar alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 .

1958, Uimh. 35 .

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 , trí “caoga milliún” a chur in ionad “daichead is dhá mhilliún” (a cuireadh isteach le hAcht 1965).

Leasú ar alt 5 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1962 .

1962, Uimh. 24 .

3. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1962 , trí “caoga milliún” a chur in ionad “daichead is dhá mhilliún” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1965).

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1968, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1965, agus den Acht seo le chéile.