|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 34 de 1968 | ||
[EN] |
ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1968 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1963. [6 Lúnasa, 1968.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Reifrinn bhunreachta maidir leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1968, agus leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1968. |
1. —I reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1968, agus i reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1968— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo ar chárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963 , | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) aon chárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) cuirfidh sé in iúl gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafar ann an uimhir agus an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1), | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) beidh ann an ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir, an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige go dtí an seoladh céanna a luafar ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 maidir le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiúin vótaíochta agus ina mhaighne: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh aon reifreann neamhbhailí mar gheall ar aon mhainneachtain sna cóipeanna sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó ina mhaighne, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) nuair a bheidh Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963 ) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 , á cur chun feidhme, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(5) (a) I gcás ina mbeidh páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cabhrú leis an vótálaí tríd an togra atá luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán agus a fhriafraí den vótálaí ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an mBille sin a bheith ina dhlí nó an bhfuil tú i gcoinne an Bille sin a bheith ina dhlí?’ agus ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, marcálfaidh sé an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí, ach ní thabharfaidh sé aird ar aon treoir i scríbhinn. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Mura dtuigeann an vótálaí brí na ceiste sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) léifidh an t-oifigeach ceannais amach don vótálaí an coimriú sin ar an togra is ábhar don reifreann atá sa ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1968 , | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) fiafróidh an t-oifigeach ceannais ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh— vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a athrú? nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a athrú?’, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) marcálfaidh an t-oifigeach ceannais ansin an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí, ach ní thabharfaidh sé aird ar aon treoir i scríbhinn.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | FOSCRíBHINN | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 1. Féadfaidh tú vótáil sna Reifrinn ar dhá thogra:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | AN PáIPéAR BALLóIDE BáN | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | AN BILLE UM AN TRíú LEASú AR AN mBUNREACHT, 1968: Is é atá beartaithe leis an mbille seo dáilcheantair a shocrú sa dóigh nach mbeidh an líon daoine os coinne an teachta, i gcás ar bith, os cionn, ná faoi bhun, an mheánlíon náisiúnta méid is mó ná an séú cuid, agus nach foláir aird a thabhairt ar fhairsinge agus ionsroichteacht dáilcheantar, ar a riachtanaí atá sé limistéir chaothúla ionadaíochta a bheith ann agus nach ngabhfadh dáilcheantair thar theoranta na gcontaetha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | AN PáIPéAR BALLóIDE UAINE | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | AN BILLE UM AN gCEATHRú LEASú AR AN mBUN-REACHT, 1968: Is é atá beartaithe leis an mbille seo—(1) In ionad an chórais vótála a úsáidtear faoi láthair i dtoghcháin don Dáil, córas a bheith ann ina n-úsáidfear an “vóta díreach” agus nach dtoghfar do gach dáilcheantar ar leith ach aon chomhalta amháin; (2) Coimisiún a bhunú chun na dáilcheantair a shocrú, ach é a bheith de cheart ag an Dáil na dáilcheantair a shocrófar amhlaidh a leasú; agus (3) A shocrú go bhféadfar, aon uair a lánscoirfear an Dáil, an Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a thoghadh, gan iomaíocht, mar dhara comhalta do dháilcheantar a roghnóidh sé, is dáilcheantar arb é atá ann an dáilcheantar, nó a n-áirítear ann cuid den dáilcheantar, a raibh sé ina ionadóir dó roimh an lánscor. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 2. Má THOILíONN Tú leis na tograí sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os coinne an fhocail Tá ar an bpáipéar. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 3. MURA dTOILíONN Tú leis na tograí sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os cionne an fhocail NíL ar an bpáipéar. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 4. Féadfar cóipeanna de na Billí a scrúdú, agus a cheannach ar shé phingin an ceann, in aon Phostoifig. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin, 1963 . |
2. —Déantar leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin, 1963 , a leasú tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Cuid I | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I REIFREANN BUNREACHTA. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (Éadan an Pháipéir) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Nóta—Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar r chúl an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach iad a bheith inléite.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
3. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1968, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, mar aon ní amháin. |