Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

36 1968


Uimhir 36 de 1968


AN tACHT LEITHREASA, 1968

(An tiontú oifigiúil.)


ACHT CHUN NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , A LEITHREASÚ CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [18 Nollaig, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £340,975,385, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim trí chéad is daichead milliún, naoi gcéad seachtó is cúig mhíle trí chéad ochtó is cúig phunt agus atá comhdhéanta den tsuim ocht milliún déag, fiche is dhá mhíle, seacht gcéad is seachtó punt do Sheirbhís na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus den tsuim trí chéad agus dhá mhilliún is fiche, naoi gcéad caoga is dhá mhíle, sè chéad is cúig phunt déag do Sheirbhís na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, déantar iad a leithreasú chun na Seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonáitear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche is dhá mhilliún, céad caoga is seacht míle, trí chéad seachtó is punt amháin a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1968 , a ghairm den Acht seo.