9 1969


Uimhir 9 de 1969


AN tACHT UM CHOLÚN NELSON, 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE DE DHROIM AN DAMÁISTE A RINNEADH DO CHOLÚN NELSON AN 8ú LÁ DE MHÁRTA, 1966, AGUS DE DHROIM AN COLÚN SIN A THÓGÁIL AS INA DHIAIDH SIN. [29 Aibreán, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bardas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “an Colún” Colún Nelson;

ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse ón 8ú lá de Mhárta, 1966, go dtí lá íoctha na suime a shonraítear in alt 2 (1) (a) den Acht seo;

ciallaíonn “na hiontaobhaithe” na hiontaobhaithe don Cholún agus

ciallaíonn “na hiontaobhais” iontaobhais na n-iontaobhaithe.

Cúiteamh.

2. —(1) Íocfaidh an Bardas na suimeanna seo a leanas leis na hiontaobhaithe ar mhodh cúitimh:

(a) suim £21,750 mar gheall ar an damáiste don Cholún an 8ú lá de Mhárta, 1966, agus an Colún a thógáil as ina dhiaidh sin,

(b) an tsuim a shonraítear sa chéad fho-alt eile mar gheall ar an gcailliúint ioncaim a bhain do na hiontaobhaithe in imeacht na tréimhse iomchuí de dhroim an damáiste agus an tógáil as a dúradh, agus,

(c) suim ar cóimhéid le méid na gcostas uile amhail idir aturnae agus cliant a bhain do na hiontaobhaithe de dheasca díthiú an Cholúin agus na n-imeachtaí, na n-imréiteach agus na dteagmhas dá dhroim sin.

(2) Is í an tsuim dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin roimhe seo an tsuim a bhfuil an chomhréir chéanna idir í agus £1,500 atá idir an méid laethanta sa tréimhse iomchuí agus 365.

(3) Déanfaidh na hiontaobhaithe na suimeanna a íocfar leo faoin alt seo a chaitheamh chun cibé críocha, is críocha chun ar caitheadh ioncam ó tháillí isteach chun an cholúin, is cuí leo.

Láithreán an Cholúin a dhílsiú agus iontaobhais a fhoirceannadh.

1895, c. 16.

3. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo—

(a) tiocfaidh láithreán an Cholúin chun bheith agus beidh sé, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh eile, dílsithe agus arna dhílsiú don Bhardas go feadh an eastáit agus an leasa uile chun a raibh sé, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe do na hiontaobhaithe,

(b) beidh na hiontaobhais arna bhfoirceannadh.

(2) Féadfaidh an Bardas, le toiliú an Aire, láithreán an Cholúin a leithreasú chun aon chríche laistigh dá bhfeidhmeanna.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir leis an dílsiú faoin alt seo.

Slánaíocht agus bailíocht.

4. —Ní bheidh aon ábhar caingne, imeachta ná éilimh d'aon sórt ná cineál in aghaidh na n-iontaobhaithe ná aon duine acu ag aon duine mar gheall ar a ngníomhartha—

(a) ag comhaontú dóibh glacadh leis an bhforáil airgeadais atá in alt 2 den Acht seo mar shocrú iomlán críochnaitheach ar gach éileamh maidir leis an gColún agus a láithreán, agus

(b) gan leacht cuimhne a atógáil do Nelson,

agus beidh an éifeacht agus an bhailíocht chéanna ag na gníomhartha sin agus a bheadh acu dá mbeidís údaraithe go sainráite le téarmaí na n-iontaobhas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Cholún Nelson, 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.