20 1969


Uimhir 20 de 1969


ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE AIRGEADAIS DO THÓGÁIL TUILLEADH SCAIREANNA IN AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, DÁ CHUMHACHTÚ DON AIRE SIN TUILLEADH ÍOCAÍOCHTAÍ CAIPITIL A DHÉANAMH LE AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, SIN, DO LEATHNÚ AGUS DO LEASÚ ACHTANNA NA nAERCHUIDEACHTAÍ, 1966 AGUS 1967, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [29 Iúil, 1969]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1966, Uimh. 4 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1966” Acht na nAerchuideachtaí, 1966 ;

ciallaíonn “Aerlínte” Aerlínte Éireann, Teoranta.

Cumhacht an Aire Airgeadais chun tuilleadh scaireanna a fháil in Aerlinte.

2. —I dteannta na scaireanna atá aige in Aerlínte de bhua alt 2 d'Acht 1966, féadfaidh an tAire Airgeadais suibscríobh le haghaidh tuilleadh scaireanna (d'aon aicme) de chuid Aerlínte go feadh méid nach mó ná deich milliún punt.

Suimeanna breise capitial a íoc le Aerlínte.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Iompair agus Cumhachta, cibé suimeanna, nach mó ná cúig mhilliún punt, a íoc le Aerlínte a theastóidh ó Aerlínte chun íoc as caiteachas arna thabhú ag Aerlínte agus is inmhuirir go cuí i leith caipitil.

(2) Na suimeanna a íocfar le Aerlínte faoin alt seo is ar cibé téarmaí maidir le hús agus ábhair eile a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham a íocfar iad ach ní bheidh siad inaisíoctha.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht as an bPríomh-Chiste.

4. —(1) Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a bheidh iníoctha aige faoin Acht seo.

(2) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airgead a íoc as a bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon airgead is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús a Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críoch na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste a t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirea agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoi alt seo agus aon chaiteachais a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Meabhrán agus airteagail chomhlachais Aerlínte a athrú.

1963, Uimh. 33 .

5. —Déanfaidh Aerlínte cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí , 1963, chun a mheabhrán agus a airteagail chomhlachais a athrú chun iad a bheith de réir an Achta sin.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1966.

6. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1966—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1) (A) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais n cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná caoga milliún punt a méid comhiomlán príomhshuime a dhlífidh sé ao tráth áirithe a íoc i leith ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin (1) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maid le hairgead a bheidh faighte ar iasacht ag Aer Lingus agus ag Aerlínte (mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin ag an Aire nach mbeidh aisíoctha).”,

(b) trí “i bhfo-alt (1) (A)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (2) agus (3)” i bhfo-alt (10) (a),

(c) trí “i bhfo-alt (1) (A) agus” a chur isteach i ndiaid “d'airgead” i bhfo-alt (10) (b), agus

(d) trí fho-ailt (2) agus (3) a scriosadh.

Alt 4 d'Acht 1966 a aisghairm.

7. —Aisghairtear leis seo alt 4 d'Acht 1966.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1969, a ghairm d'Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 agus 1967, agus den Acht seo le chéile.