29 1969


Uimhir 29 de 1969


ACHT NA BIOTÁILLE NEAMHAIBÍ (SRIANADH), 1969

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 2 D'ACHT NA BIOTÁILLE NEAMHAIBÍ (SRIANADH), 1947 . [8 Nollaig, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar alt 2 d'Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 .

1947, Uimh. 12

1. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní sheachadfar aon bhiotáille Éireannach ná aon bhiotáille choigríche chun í a chaitheamh sa Stát mura mbeidh sí, i gcás rum, ar stóras le bliain ar a laghad agus, in aon chás eile, le trí bliana ar a laghad.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 agus 1969, a ghairm d'Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 , agus den Acht seo le chéile.