|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1969 | ||
[EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1969 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT CHUN SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , A LEITHREASÚ CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO LEASÚ ALT 4 DEN ACHT LEITHREASA, 1965 . [13 Nollaig, 1969] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £363,498,080, a leithreasú. 1891, c. 24. |
1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim trí chéad seasca is trí mhilliún, ceithre chéad nócha is ocht míle agus ochtó punt agus atá comhdhéanta den tsuim ocht milliún, cúig chéad seasca is míle amháin agus ochtó punt le haghaidh Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, agus den tsuim trí chéad caoga is ceithre mhilliún, naoi gcéad tríocha is seacht míle punt le haghaidh Seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1970, déantar iad a leithreasú le haghaidh na Seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo. |
[EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche is ceithre mhilliún, dhá chéad caoga is dhá mhíle, céad is dhá phunt déag, a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 4 den Acht Leithreasa, 1965 . 1854, c. 94. |
2. —Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Leithreasa, 1965 , le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): |
[EN] | “(2) (a) Is é méid a bheidh le híoc isteach sa Státchiste i leith aon airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo an méid d'airgead reatha an Stáit a gheofar nuair a dhéanfar an tsuim a gheofar ar iasacht amhlaidh a chomhshó in airgead reatha de chuid an Stáit. | |
[EN] | (b) Déanfaidh an tAire Airgeadais an comshó láithreach nó aon tráth is cuí leis laistigh de bhliain ó thráth an airgid a fháil ar iasacht agus, go dtí go ndéanfar an comhshó, féadfaidh sé an tsuim a gheofar ar iasacht amhlaidh a thaisceadh lasmuigh den Stát. | |
[EN] | (c) Beidh sna cuntais airgeadais bhliantúla faoi alt 2 den Public Revenue and Consolidated Fund Charges Act, 1854, ráiteas ag insint aon suimeanna a bheidh i dtaisce faoin bhfo-alt seo ag deireadh na bliana airgeadais. | |
[EN] | (d) Chun críocha cumhachtaí an Aire Airgeadais airgead a fháil ar iasacht, is é méid a mheasfar a bheith faighte ar iasacht i gcás airgead a fháil ar iasacht faoin alt seo an méid a bheidh íoctha isteach sa Státchiste.” | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1969 , a ghairm den Acht seo. |