An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Seirbhísí Eile) Ar Aghaidh (CUID V Forálacha Ilghnéitheacha)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

Caibidil VI

Forálacha Ilghnéitheacha i dtaobh Seirbhísí

Rialacháin.

1953, Uimh. 26 .

72. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a bheidh inchurtha chun feidhme maidir le gach bord sláinte nó le bord sláinte amháin nó níos mó i dtaobh an mhodha ar a ndéanfaidh agus a mhéid a dhéanfaidh an bord nó na boird seirbhísí a chur ar fáil faoin Acht seo agus i dtaobh riaradh na seirbhísí sin i gcoitinne.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil maidir le haon seirbhís faoin Acht seo gur d'aicme áirithe de na daoine ag a bhfuil cáilíocht chun na seirbhíse sin agus don aicme sin amháin atá an tseirbhís sin á cur ar fáil.

(3) D'ainneoin aon fhoráil eile atá san Acht seo, leanfaidh aon rialacháin a rinneadh faoin Acht Sláinte, 1953 , i ngníomh agus measfar gur faoin Acht seo a rinneadh iad agus gurb inleasaithe nó inchúlghairthe iad dá réir sin.

Amhras i dtaobh cén t-údarás sláinte atá freagrach a chinneadh.

73. —Cinnfidh an tAire, i gcás aon amhras nó díospóid a bheith ann maidir le haon duine áirithe nó le daoine d'aicme áirithe, an t-údarás sláinte a bheidh freagrach in aon seirbhís faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a sholáthar don duine sin nó do dhaoine den aicme sin (i gcás arb iomchuí).

Táillí agus ranníocaí a ghnóthú.

74. —Aon táille a ghearrfaidh nó ranníoc a thoibheoidh bord sláinte faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, nó faoi rialacháin faoi na hAchtanna sin, féadfar, mura n-íocfar í, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb ina leith a gearradh an táille, ó chéile (más ann) an duine nó, má bhíonn an duine básaithe, óna ionadaí dlíthiúil pearsanta.

Ráitis bhréagacha, etc.

75. —Má dhéanann duine ar bith, chun aon seirbhís faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a fháil dó féin nó d'aon duine eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis na hAchtanna sin—

(a) aon ráiteas bréagach nó aon uiríoll bréagach a thabhairt go feasach nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó

(b) aon doiciméad nó eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird nó a sholáthar nó a chur faoi deara nó a cheadú go feasach sin a thabhairt ar aird nó a sholáthar,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.