|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Achtachá in a Aisghairtear) | Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL Forálacha de Dhroim Díscaoilte) |
AN tACHT SLÁINTE, 1970
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL Rialacha maidir le Comhaltas agus Cruinnithe Bord Sláinte | |
[EN] | ||
Ceapacháin | ||
[EN] | 1. (1) Déanfar na comhaltaí den bhord a bheidh le ceapadh ag comhairle contae a cheapadh, i gcás an chéad cheapadh, ag an gcéad chruinniú den chomhairle a bheidh ann tar éis an bord a bhunú, agus dá éis sin ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle a bheidh ann tar éis gach toghadh cúigbhlianach comhaltaí le haghaidh na comhairle. | |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh comhaltaí den bhord le ceapadh ag bardas contae-bhuirge, ceapfar na comhaltaí sin, i gcás an chéad cheapadh, ag an gcéad chruinniú de chomhairle cathrach don chontae-bhuirg a bheidh ann tar éis an bord a bhunú agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú cheathrúnach den chomhairle cathrach a bheidh ann tar éis gach toghadh cúigbhlianach comhaltaí le haghaidh na comhairle cathrach. | |
[EN] | (3) Déanfar na comhaltaí den bhord sláinte iomchuí a bheidh le ceapadh ag Bardas Dhún Laoghaire a cheapadh, is gcás an chéad cheapadh, ag an gcéad chruinniú de Chomhairle Buirge Dhún Laoghaire a bheidh ann tar éis an bord a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú ceathrúnach den chomhairle sin a bheidh ann tar éis gach toghadh cúigbhlianach comhaltaí le haghaidh na comhairle sin. | |
[EN] | 2. (1) Má bhíonn, faoi Riail 1, beirt chomhaltaí nó níos mó le ceapadh ar bhord sláinte ag cruinniú de chomhairle contae, de chomhairle cathrach nó de Chomhairle Buirge Dhún Laoghaire, is mar seo a leanas a cheapfar iad: | |
[EN] | (a) féadfaidh aon ghrúpa comhairleoirí a mbeidh an líon riachtanach comhairleoirí ann comhairleoir a ainmniú chun bheith ina chomhalta den bhord agus ceapfar é ar an ainmniú sin gan aon vótáil; | |
[EN] | (b) toghfar an chuid eile de chomhaltaí an bhoird go comhleanúnach trí thromlach vótáí na gcomhaírleoirí nach comhaltaí d'aon ghrúpa comhairleoirí mar a dúradh; | |
[EN] | (c) ríomhfar an líon comhairleoirí is gá chun bheith ina ngrúpa chun críocha na rialach seo tríd an líon iomlán comhairleoirí a bheidh i láthair le linn an cheaptha a roinnt ar an líon comhaltaí a bheidh le ceapadh, nó mura slánuimhir an uimhir a ríomhfar amhlaidh, an chéad slánuimhir eile is mó ná an uimhir a ríomhfar amhlaidh. | |
[EN] | (d) ní bheidh comhairleoir ina chomhalta de chuid is mó ná grúpa amháin. | |
[EN] | (2) Má tharlaíonn gur comhalta amháin a bheidh le ceapadh chun boird sláinte faoi Riail 1 ceapfar é ag an gcruinniú iomchuí trí thromlach vótaí na gcomhairleoirí a bheidh i láthair le linn an cheaptha. | |
[EN] | 3. I gcás gan ach cuid de chontae a bheith i limistéar feidhme boird sláinte, ní bheith comhalta den chomhairle don chontae sin a toghadh do thoghlimistéar contae nach bhfuil aon chuid de i limistéar feidhme an bhoird sláinte cáilithe chun a thofa mar chomhalta den bhord sin faoi Riail 1. | |
[EN] | 4. Ní bheidh aon chomhalta den chomhairle do thoghlimistéar contae atá comhtheorannach le buirg Dhún Laoghaire cáilithe chun a cheaptha ag an gcomhairle sin mar chomhalta de bhord sláinte, agus chun críocha gach ceaptha den sórt ag an gcomhairle sin ní fholóidh na tagairtí i Riail 2 do chomhairleoirí nó comhairleoir aon chomhairleoir a toghadh don toghlimistéar contae sin. | |
[EN] | 5. (1) Déanfar na comhaltaí den bhord a thoghfar de réir alt 4 (2) (a) (ii) a thoghadh amhlaidh ó am go ham de réir rialacháin a bheidh déanta ag an Aire agus in aghaidh na tréimhse oifige a shonraítear sna rialacháin sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh rialacháin faoin riail seo, maidir le haon aicme comhaltaí a shonraítear sna rialacháin, na cáilíochtaí a fhorordú nach foláir a bheith ag iarrthóirí chun a dtofa mar chomhaltaí. | |
[EN] | 6. Déanfaidh an tAire na comhaltaí den bhord a cheapfaidh sé a cheapadh ó am go ham in aghaidh cibé oifige nach faide ná cúig bhliana a shonróidh sé. | |
Seilbh Oifige | ||
[EN] | 7. Sealbhóidh gach comhalta den bhord oifig (mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin nó mura gcríochnóidh a chomhaltas roimhe sin faoi Riail II) go dtí an lá tar éis a chomharba a cheapadh nó a thoghadh, de réir mar a bheidh. | |
Dícháilíocht | ||
[EN] | 8. (1) Beidh aon duine is oifigeach nó seirbhíseach don bhord ach nach d'aicme a shonraítear faoi mhír (2) dícháilithe chun bheith ina chomhalta den bhord. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú aicme oifigeach nó seirbhíseach nach mbainfidh an riail seo léi a shonrú. | |
[EN] | 9. (1) I gcás comhalta den bhord a ceapadh ag comhairle contae do scor de bheith (nó bheith dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den chomhairle, scoirfidh sé freisin de bheith (nó beidh sé dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den bhord. | |
[EN] | (2) I gcás comhalta den bhord a ceapadh ag bardas contae-bhuirge nó ag Bardas Dhún Laoghaire do scor de bheith (nó bheith dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den chomhairle chathrach nó de Chomhairle Bhuirge Dhún Laoghaire (de réir mar a bheith) scoirfidh sé freisin de bheith (nó beidh sé dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den bhord. | |
Eirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais | ||
[EN] | 10. Féadfaidh comhalta den bhord éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt do rúnaí an bhoird ach ní bheidh éifeacht ag an éirí-as go dtí an chéad chruinniú eile den bhord a thionólfar tar éis an fógra a fháil. | |
[EN] | 11. (1) Má bhíonn comhalta den bhord a cheap comhairle contae gan bheith i láthair, in imeacht tréimshe comhleanúnaí sé mhí, ag aon chruinniú den bhord, scoirfidh sé, air sin, de bheith ina chomhalta den bhord agus déanfaidh an chomhairle, ag a céad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimshe sin, duine dá comhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh. | |
[EN] | (2) Má bhíonn comhalta den bhord a cheap bardas contae-bhuirge nó Bardas Dhún Laoghaire gan bheith i láthair, in imeacht tréimhse comhleanúnaí sé mhí, ag aon chruinniú den bhord, scoirfidh sé, air sin, de bheith ina chomhalta den bhord agus déanfaidh an chomhairle chathrach nó Chomhairle Bhuirge Dhún Laoghaire (de réir mar a bheidh), ag a gcéad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimshe sin, duine dá gcomhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh. | |
[EN] | (3) I gcás ina ligfear cruinniú den bhord ar lár mar gheall ar uireasa córaim, déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bhí i láthair an tráth agus san áit a bhí ceaptha le haghaidh an chruinnithe a thaifeadadh agus measfar go raibh na comhaltaí sin i láthair ag cruinniú den bhord chun críocha na rialacha sin. | |
[EN] | 12. Scoirfidh duine a toghadh de réir alt 4 (2) (a) (ii) de bheith ina chomhalta den bhord má scoireann sé de cháilíocht a bheith aige a thug teideal dó bheith ina iarrthóir chun a thofa. | |
[EN] | 13. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den bhord a cheap sé féin a fhoirceannadh. | |
Corr-fholúntais | ||
[EN] | 14. (1) Aon chorr-fholúntas a tharlóidh i measc na gcomhaltaí den bhord a cheap na húdaráis áitiúla iomchuí, déanfaidh an chomhairle nó an bardas a cheap an comhalta is cúis leis an bhfolúntas é a líonadh laistigh de mhí ó thráth an folúntas tarlú nó laistigh de cibé am breise a cheadóidh an tAire. | |
[EN] | (2) Ceapfaidh an tAire duine chun aon chorr-fholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí eile an bhoird a líonadh. | |
Córam | ||
[EN] | 15. Is é is córam don bhord— | |
[EN] | (a) más uimhir is inroinnte gan iarmhar ar cheathair líon iomlán comhaltaí an bhoird— | |
[EN] | (i) ceathrú cuid lín iomláin comhaltaí an bhoird, nó | |
[EN] | (ii) cúigear, | |
[EN] | cibé acu is mó, agus | |
[EN] | (b) muran uimhir is inroinnte gan iarmhar an cheathair líon iomlán comhaltaí an bhoird— | |
[EN] | (i) ceathrú cuid na céad uimhreach uile is mó ná sin is inroinnte gan iarmhar ar cheathair, nó | |
[EN] | (ii) cúigear, | |
[EN] | cibé acu is mó. | |
Cruinnithe | ||
[EN] | 16. (1) Tionólfar an chéad chruinniú den bhord lá a cheapfaidh an tAire. | |
[EN] | (2) Tar éis gach ceapadh comhaltaí a dhéanfaidh na húdaráis áitiúla iomchuí tionólfar cruinniú den bhord lá a cheapfaidh an tAire. | |
[EN] | (3) Tionólfaidh an bord dhá chruinniú dhéag ar a laghad gach bliain agus cibé cruinnithe eile is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú. | |
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach | ||
[EN] | 17. (1) Toghfaidh an bord ó am go ham duine dá chomhaltaí (nach comhalta is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) chun bheith ina chathaoirleach ar an mbord agus duine eile dá chomhaltaí (nach comhalta is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) chun bheith ina leaschathaoirleach ar an mbord. | |
[EN] | (2) Sealbhóidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach oifig ar feadh na tréimhse a shonróidh ar bord le linn a cheaptha mura rud é— | |
[EN] | (a) go scoirfidh sé de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den bhord; | |
[EN] | (b) go n-éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó an leascathaoirligh agus go dtiocfaidh a éirí-as chun bheith éifeachtach faoin riail seo; | |
[EN] | (c) go ndéanfaidh an bord trí rún, dár vótáil dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an bhoird agus a ndearnadh fógra seacht lá ar a ghiorra go rabhthas chun é a mholadh a thabhairt do gach duine a bhí ina chomhalta den bhord nuair a tugadh an fógra, a cheapadh mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach a fhoirceannadh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach den bhord aon tráth éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach trí fhógra faoina láimh a thabhairt don bhord, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí go dtosóidh an chéad chruinniú eile den bhord a thionólfar tar éis don bhord an t-éirí as a fháil. | |
[EN] | (4) Aon uair a tharlóidh, le linn cathaoirleach nó leas-chathaoirleach don bhord a bheith á thogadh, gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an mbord. | |
Imeachtaí ag Cruinnithe | ||
[EN] | 18. Ní bheidh imeachtaí an bhoird neamhbhailí mar gheall ar fholúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí nó aon éalaing ar na ceapacháin chun an bhoird nó ar cháilíocht aon chomhalta de. | |
[EN] | 19. Féadfaidh cathaoirleach nó, má bhíonn sé as láthair, leaschathaoirleach an bhoird cruinniú den bhord a ghairm. | |
[EN] | 20. Má dhiúltaíonn cathaoirleach an bhoird nó, má bhíonn sé as láthair, leas-chathaoirleach an bhoird cruinniú den bhord a ghairm tar éis iarratas chuige sin faoi lámha triúr comhaltaí den bhord a thíolacadh dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den bhord cruinniú den bhord a ghairm láithreach agus mura ndéanfaidh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach (gan diúltú amhlaidh), laistigh de sheacht lá tar éis an t-iarratas a thíolacadh, cruinniú den bhord a ghairm, féadfaidh aon triúr comhaltaí den bhord, ar na seacht lá sin a bheith caite, cruinniú den bhord a ghairm. | |
[EN] | 21. Trí lá ghlana ar a ghiorra roimh chruinniú den bhord, déanfar fógra i dtaobh tráth agus áit an chruinnithe bheartaithe faoi láimh an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh nó, más comhaltaí den bhord a ghairfidh an cruinniú, faoi lámha na gcomhaltaí sin, a shocrú san áit ar gnách leis an mbord cruinniú a bheith aige agus, más comhaltaí den bhord a ghairm an cruinniú sonróidh an fógra an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú. | |
[EN] | 22. Trí lá ghlana roimh aon chruinniú den bhord, déanfar toghairm chun bheith ag an gcruinniú, a shonróidh an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú agus a bheidh faoi láimh rúnaí an bhoird, a fhágáil nó a sheachadadh leis an bpost i ngnáth-áit chónaithe gach comhalta den bhord, ach ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht cruinnithe a mhainneachtain fógra den sórt sin a fhágáil nó a sheachadadh amhlaidh do chomhalta den bhord nó do chuid de chomhaltaí an bhoird. | |
[EN] | 23. Ní dhéanfar aon ghnó ag cruinniú den bhord seachas an gnó a bheidh sonraithe sa toghairm i ndáil leis. | |
[EN] | 24. Ag cruinniú den bhord— | |
[EN] | (a) is é cathaoirleach an bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, | |
[EN] | (b) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh cathaoirleach an bhoird i láthair, is é an leas-chathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, | |
[EN] | (c) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh cathaoirleach an bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh agus nach mbeidh an leas-chathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | |
[EN] | 25. Déanfar miontuairiscí ar imeachtaí cruinnithe den bhord a dhréachtú agus a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chruinnithe nó an chéad chruinnithe eile iad. | |
[EN] | 26. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú den bhord a thaifeadadh i miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe. | |
[EN] | 27. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a vótálfaidh ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den bhord a thaifeadadh sna miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe agus taispeáinfidh an taifead cé na comhaltaí a votáil ar son agus cé na comhaltaí a votáil in aghaidh na ceiste. | |
[EN] | 28. Féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an bord a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an bhoird a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú den bhord a thionólfar go cuí de réir dlí. | |
[EN] | 29. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den bhord (seachas toghadh cathaoirligh nó leas-chathaoirligh), beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe. | |
[EN] | 30. Aon comhalta den bhord ag a mbeidh— | |
[EN] | (a) aon leas in aon chuideachta nó gnólacht a mbeartaíonn an bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó | |
[EN] | (b) aon leas in aon chonradh a bheartaíonn an bord a dhéanamh, | |
[EN] | nochtfaidh sé don bhord an leas sin a bheith aige agus cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh a dhéanfaidh an bord maidir leis an gconradh, agus taifeadar aon nochtadh den sórt sin i miontuairiscí an bhoird. | |
[EN] | 31. Féadfaidh an bord buan-orduithe a dhéanamh chun a imeachtaí a rialáil, seachas imeachtaí a bhfuil socrú dá rialáil déanta le reacht nó faoi reacht (lena n-áirítear an tAcht seo), agus féadfaidh sé na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | 32. Fíordheimhneofar séala an bhoird le síniú an chathaoirligh (nó comhalta éigin eile a bheidh údaraithe chun gníomhú chuige sin) agus le síniú oifigigh don bhord a bheidh údaraithe gníomhú mar sin. |