An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Rialacha maidir le Comhaltas agus Cruinnithe Bord Sláinte)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

AN TRIU SCEIDEAL

Forálacha de Dhroim Díscaoilte

Alt 34.

Maoin a aistriú.

1. (1) Aon mhaoin réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, dílsithe don chomhlacht díscaoilte nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad ar an tosach feidhme chun bheith agus beidh siad, gan tíolacadh ná scannadh ar bith, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá chuid féin ag an gcomhlacht chun a n-aistrítear é, nó ar teachtadh ar iontaobhas agus dílsithe (de réir mar a dhlífidh an cás) dó, ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile a raibh an céanna, díreach an tosach feidhme, dílsithe den chomhlacht díscaoilte, dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas uile a dhéanann difear don chéanna agus a bhí ann agus infheidhmithe an tráth sin.

(2) Aon mhaoin a aistrítear leis an mír seo agus a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, ar seasamh i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an chomhlachta dhíscaoilte, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an gcomhlacht chun a n-aistrítear é á iarraidh sin aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an chomhlachta sin.

(3) Tar éis an tosach feidhme, gach ábhar i gcaingean a aistreofar de réir na míre seo chun comhlachta, féadfaidh an comhlacht sin agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don chomhlacht fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an mír seo a thabhairt don duine ar a bhfuil an t-ábhar i gcaingean ina cheangal.

Dliteanais a aistriú.

2. (1) Aon fhiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear fiacha stoic agus morgáiste, agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tort nó sáruithe conartha) a bhí, díreadh roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo, dlite den chomhlacht díscaoilte agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan glanadh aige tiocfaidh sé chun bheith agus beidh siad, ar an tosach feidhme, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gcomhlacht chun a n-aistrítear é agus dá réir sin íocfaidh nó glanfaidh an comhlacht sin é agus féadfar é a ghnóthú uaidh nó a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.

(2) Ní dhéanfaidh díscaoileadh faoi alt 34 neamhbhailí aon ordú íoca nó seic, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon ordú íoca nó seic, a bheidh eisithe ag an gcomhlacht díscaoilte agus nach mbeidh tíolaicthe le haghaidh íocaíochta roimh an tosach feidhme sin ná ní dhéanfaidh sé neamhbhailí aon údarás, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon údarás, a bheidh tugtha ag an gcomhlacht díscaoilte le go n-íocfaí méid an ordaithe íoca agus déanfaidh an comhlacht chun a n-aistrítear an dliteanas iomchuí socruithe le go n-íocfar méid gach ordaithe íoca den sórt sin a thíolacfar go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an tosach feidhme sin.

Conarthaí leanúnacha a choimeád ar marthain.

3. Aon bhanna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a thug an comhlacht díscaoilte do dhuine eile nó aon duine don chomhlacht díscaoilte agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an comhlacht díscaoilte agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlíonta go hiomlán roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, d'ainneoin an díscaoileadh, de bheith i bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí ainm an chomhlachta a bheidh sonraithe san ordú faoi alt 34 ann in ionad ainm an chomhlachta dhíscaoilte agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gcomhlacht a bheidh sonraithe amhlaidh nó ina choinne.

Rialacha agus rialacháin a choimeád i bhfeidhm.

4. Aon riail agus rialachán a rinne an comhlacht díscaoilte agus i bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, tar éis an tosach feidhme agus a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar riail nó rialachán a rinneadh ag an gcomhlacht ar an tosach feidhme dá ndílsítear na feidhmeanna iomchuí leis an Acht seo go ceann na coda a bheidh gan chaitheamh an tráth sin den tréimhse agus i leith an limistéir ar dó agus arb ina leith a rinne an comhlacht díscaoilte an céanna iarbhír, agus dá réir sin féadfaidh an comhlacht iomchuí dá ndílsítear amhlaidh na feidhmeanna iomchuí gach riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a athrú nó a chúlghairm agus pionóis agus geallbhruideadh a d'éirigh faoin gcéanna roimh an tosach feidhme nó dá éis a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm an tslí chéanna agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh an comhlacht díscaoilte an céanna a choimeád i bhfeidhm, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Rúin, etc. do leanúint i bhfeidhm.

5. Aon rún a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an comhlacht díscaoilte roimh an tosach feidhme agus nach raibh a oibriú a éifeacht nó a théarma tar éis scor nó éag roimh an tosach feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith aige, tar éis an tosach feidhme agus a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, ionann is dá mba rún é a rith, ordú é a rinne nó fógra é a sheirbheáil an comhlacht dá ndílsítear na feidhmeanna iomchuí leis an Acht seo ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an comhlacht díscaoilte an céanna iarbhír agus dá mbeadh feidhmeanna an chomhlachta díscaoilte infheidhmithe, ar an dáta sin, ag an gcomhlacht dá ndílsítear na feidhmeanna íomchuí amhlaidh.

Imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

6. Tiocfaidh an comhlacht a shonrófar san ordú iomchuí faoi alt 34 agus beidh sé, ar an tosach feidhme, ina pháirtí in ionad an chomhlachta dhíscaoilte in aon chaingean, agra, ionchúiseamh nó imeacht eile a bhí ar feitheamh roimh an tosach feidhme agus ar pháirtí ann an comhlacht díscaoilte agus leanfar den imeacht sin idir an comhlacht a shonrófar amhlaidh agus na páirtithe eile ann dá réir sin, agus ní thitfidh aon imeacht den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis de dhroim an díscaoilte, ná ní dhéanfaidh an díscaoileadh difear dó.

Leabhair a bheith inghlactha i bhfianaise.

7. (1) Na leabhair agus na doiciméid eile go léir a bhí ordaithe nó údaraithe le haon reacht nó faoi don chomhlacht díscaoilte a choimeád agus ab inghlactha i bhfianaise roimh an tosach feidhme, glacfar i bhfianaise iad tar éis an tosach feidhme chomh hiomlán agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(2) In aon chás ina mbeadh sliocht as aon leabhar nó doiciméad eile nó deimhniú ar lánas aon leabhair nó doiciméad eile, a bhí ordaithe nó údaraithe le haon reacht nó faoi don chomhlacht díscaoilte a choimeád, dá mbeadh sé arna fhíordheimhniú ag oifigeach áirithe de chuid an chomhlachta sin, inghlactha, díreach roimh an tosach feidhme, mar fhianaise ar an lánas sin, déanfar sliocht as an leabhar nó an doiciméad sin nó deimhniú ar lánas an leabhair nó an doiciméid sin, má bhíonn sé fíordheimhnithe sa tslí áirithe sin ag oifigeach de chuid an bhoird sláinte nó an chomhlachta eile ar comhréir leis an oifigeach áirithe a ghlacadh, tar éis an tosach feidhme, mar fhianaise ar an lánas a mhéid chéanna a ghlacfaí amhlaidh an sliocht nó an deimhniú céadluaithe dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Iniúchadh cuntas.

8. (1) A luaithe is féidir tar éis an tosach feidhme, iniúchfar na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an chomhlachta dhíscaoilte agus coistí an chéanna agus oifigeach faoi seach an chomhlachta dhíscaoilte agus na gcoistí sin, agus déanfar, gnóthófar agus cuirfear i bhfeidhm, chomh gar agus is féidir é, ionann is dá mba nár ritheadh an tAcht seo, dílomhála, formhuirir, muirir agus pionóis maidir leis na cuntais, leis an ioncam agus leis an gcaiteachas.

(2) Aon oifigeach don chomhlacht díscaoilte nó d'aon choiste dá chuid arb é a dhualgas aon chuntais de chuid, nó cuntas a thabhairt in aon chuid d'ioncam nó de chaiteachas, an chomhlachta dhíscaoilte agus fós gach comhalta den chomhlacht díscaoilte nó d'aon choiste den sórt sin measfar chun críocha an iniúchta iad a bheith fós féin, go dtí go mbeidh iniúchadh na gcuntas ar an ioncam agus ar an gcaiteachas sin suas go dtí an tosach feidhme críochnaithe, in oifig agus faoi cheangal na dualgais chéanna a chomhlíonadh agus na cuntais sin a thabhairt agus faoi réir na ndlíteanas céanna ionann is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Oifigigh a aistriú.

9. Aon duine a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, ina oifigeach don chomhlacht díscaoilte, ansin, ar an tosach feidhme sin, aistreofar é go dtí seirbhís an chomhlachta a shonraítear san ordú iomchuí faoi alt 34 agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach don chomhlacht sin agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar nár cuireadh deireadh lena oifig faoin gcomhlacht díscaoilte.

Conarthaí seirbhíse a choimeád ar marthain.

10. Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme idir an comhlacht díscaoilte agus aon duine nárbh oifigeach don chomhlacht díscaoilte leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an comhlacht a bheidh sonraithe san ordú iomchuí faoi alt 34 ann in ionad an chomhlachta dhíscaoilte, agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gcomhlacht a bheidh sonraithe amhlaidh nó ina choinne.