|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SLÁINTE, 1970) | Ar Aghaidh (CUID II Riarachán) |
AN tACHT SLÁINTE, 1970
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte, 1970 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] | (4) Ach amháin mar a bhforáiltear go sonrach dá mhalairt, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar, le hordú nó orduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) Aon tagairt atá san Acht seo do Chuid, alt nó sceideal, is tagairt í do Chuid, alt nó sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. |
[EN] | (2) Aon tagairt atá san Acht seo d'fho-alt, mír, fomhír nó riail is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don riail den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. |