|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Airgeadas) | Ar Aghaidh (CUID III Ospidéil, etc.) |
AN tACHT SLÁINTE, 1970
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV Comhlachtaí Airithe a Dhíscaoileadh, etc. | |
[EN] |
Údaráis sláinte áirithe a dhíscaoileadh agus forálacha iarmartacha. |
34. —(1) Forálfaidh an tAire, le hordú, le haghaidh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath, Údarás Sláinte Chorcaí, Údarás Sláinte Luimnigh agus Údarás Sláinte Phort Láirge a dhíscaoileadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh forálacha dóibh seo a leanas a bheith in ordú faoin alt seo— | |
[EN] | (a) aon mhaoin, cearta agus dliteanais de chuid an Údaráis (dá ngairtear an comhlacht díscaoilte san alt seo agus sa Tríú Sceideal) a aistriú chun an bhoird sláinte iomchuí nó chun údaráis áitiúil iomchuí, | |
[EN] | (b) conarthaí leanúnacha a rinne an comhlacht díscaoilte a choimeád ar marthain, | |
[EN] | (c) leanúint d'imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh, | |
[EN] | (d) sealbhóir aon oifige sláinte faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú chun oifige faoin mbord sláinte iomchuí atá, i dtuairim an Aire, cosúil leis an oifig sláinte sin, | |
[EN] | (e) sealbhóir aon oifige cúnaimh phoiblí faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú, le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh, go dtí oifig faoin mbord sláinte iomchuí nó faoi údarás áitiúil iomchuí atá, i dtuairim an Aire, cosúil leis an oifig chúnaimh phoiblí sin. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag an Tríú Sceideal maidir le díscaoileadh faoin alt seo, agus maidir le haon aistriú maoine, ceart agus dliteanas, buanú conarthaí, leanúint d'imeachtaí dlíthiúla nó aistriú oifigeach dá mbeidh socrú in ordú faoin alt seo agus sa Sceideal sin déanfar tagairtí don tosach feidhme a fhorléiriú mar thagairtí do thosach feidhme an ordaithe. | |
[EN] | (4) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme ordaithe faoin alt seo, ag gabháil do dhuine nó daoine a roghnú a mholfaí le ceapadh chun oifige a n-aistreofaí a sealbhóir chun boird sláinte nó údaráis áitiúil de réir an ordaithe, críochnófar an roghnú mar is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an bord sláinte an duine nó duine de na daoine a roghnóidh agus a mholfaidh na Coimisinéirí amhlaidh le ceapadh a cheapadh ionann is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nUdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , ó phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte tar éis an bord sláinte sin a bhunú nó ón údarás áitiúil a rinneadh an roghnú agus an moladh. | |
[EN] | (5) San ailt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “oifig sláinte” oifig a raibh, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí, feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, le feidhmiú maidir léi ag an Aire; | |
[EN] | ciallaíonn “oifig chúnaimh phoiblí” oifig a raibh, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí, feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, le feidhmiú maidir léi ag an Aire Leasa Sóisialaigh; | |
[EN] | ciallaíonn “bord sláinte iomchuí”, maidir le comhlacht díscaoilte áirithe, an bord sláinte a bhfuil ina limistéar feidhme an limistéar arbh é, roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí faoin alt seo, limistéar feidhme an chomhlachta dhíscaoilte é; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil iomchuí”, maidir le comhlacht díscaoilte áirithe, údarás áitiúil a shonraítear in alt 84, a raibh, roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí faoin alt seo, a limistéar feidhme i limistéar feidhme an chomhlachta dhíscaoilte. | |
[EN] |
Comhbhoird a dhíscaoileadh faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953 . |
35. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú faoi alt 45 (9) den Acht Sláinte, 1953 , a déarfaidh go dtiocfaidh sé i ngníomh ar thosach feidhme an ailt seo, aon orduithe a chúlghairm a bheidh i ngníomh an tráth sin agus ina mbeidh socrú chun comhbhoird a bhunú faoin alt sin agus, chun críche aon ordaithe den sórt sin, forléireofar an t-alt sin 45 (9) faoi réim na modhnuithe seo a leanas: |
[EN] | (a) forléireofar mír (a) ionann is dá ndéanfaí “chun boird sláinte nó dhá bhord sláinte nó níos mó nó chun comhbhoird bord sláinte nó chun boird oispidéal réigiúnaigh” a chur in ionad “chun údaráis sláinte nó chun dhá údarás sláinte nó níos mó nó chun comhbhord eile nó chun dhá chomhbhord eile nó níos mó”; | |
[EN] | (b) forléireofar mír (d) ionann is dá gcuirfí “faoi bhord sláinte nó faoi chomhbhord bord sláinte” a chur in ionad “faoi cheann de na húdaráis sláinte a cheap comhaltaí an chomhbhoird dhíscaoilte nó faoi chomhbhord eile a bhfuil a líomatáiste feidhme comhthórannach le líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte nó a bhfuil líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte ann nó atá ina chuid de líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte”. | |
[EN] | (2) Forléireofar tagairt i bhfo-alt (1) do chomhbhord bord sláinte mar thagairt do chomhbhord arna bhunú faoi alt 11. | |
[EN] |
Maoin áirithe a aistriú. |
36. —(1) Ar thosach feidhme alt 6— |
[EN] | (a) gach uile fhoras sláinte, agus an mhaoin eile go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe, nó ar teachtadh ar iontaobhas, d'údarás áitiúil (seachas údarás sláintíochta) nó dá chuid féin aige agus ar mhaoin í d'aontoisc chun críocha seirbhísí a aistreofaí ar an tosach feidhme sin, agus | |
[EN] | (b) an mhaoin eile go léir, readach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, roimh an tosach feidhme sin, dílsithe, nó ar teachtadh ar iontaobhas, d'údarás áitiúil nó dá chuid féin aige agus a d'ainmnigh an t-údarás sin mar mhaoin a bhí le haistriú chun an bhoird sláinte, | |
[EN] | agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, gan aon tíolacas ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corporáide nó cuideachta, dílsithe don bhord sláinte nó ina maoin de chuid an bhoird sláinte nó ar teachtadh ar iontaobhas dó (de réir mar a dhlífidh an cás) ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir a bhí an céanna, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas don údarás áitiúil nó dá chuid féin aige, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don chéanna agus a bhí an tráth sin ann agus inchomhlíonta. | |
[EN] | (2) An mhaoin go léir a aistrítear le fo-alt (1) chun boird sláinte agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 6, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm údaráis áitiúil déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar iarratas ón mbord sláinte a dhéanfar aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú sna leabhair chun ainm an bhoird sláinte. | |
[EN] | (3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (1) chun boird sláinte féadfaidh an bord sláinte, tar éis tosach feidhme an ailt seo, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean. | |
[EN] | (4) Tar éis tosach feidhme an ailt seo, gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de ghné leanúnach a rinne nó a thug údarás áitiúil do dhuine eile nó a rinne nó a thug duine eile d'údarás áitiúil, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus a bhain go heisiatach le seirbhísí a aistreofar ar an tosach feidhme sin chun an bhoird sláinte, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir údarás áitiúil agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe roimh an tosach feidhme sin agus a bhain go heisiatach le seirbhísí a aistreofar ar an tosach feidhme sin forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí ainm an bhoird sláinte ann in ionad ainm an údaráis áitiúil agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina choinne. | |
[EN] | (5) Tar éis tosach feidhme an ailt seo, gach riail agus rialachán a rinne údarás áitiúil go dleathach agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus a bhain go heisiatach le seirbhísí a aistreofar ar thosach feidhme alt 6 chun an bhoird sláinte leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar riail nó rialachán a rinne an bord sláinte ar an tosach feidhme sin go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh an tráth sin agus i leith an limistéir ar dó agus ina leith a rinne an t-údarás áitiúil iarbhír an céanna agus, dá réir sin, féadfaidh an bord sláinte gach riail agus rialachán den sórt sin a choimeád ar marthain a athrú nó a chúlghairm, agus pionóis agus forghéilltí a d'éirigh faoin gcéanna, roimh an tosach feidhme sin nó dá éis, a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm díreach mar a d'fhéadfadh, agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh, an t-údarás áitiúil an céanna a choimeád ar marthain, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo. | |
[EN] | (6) Tar éis tosach feidhme an ailt seo, gach rún a rith, gach ordú a rinne agus gach fógra a sheirbheáil údarás áitiúil roimh an tosach feidhme sin nach raibh a oibriú, a éifeacht nó a théarma caite nó éagtha roimh an tosach feidhme sin (is rún, ordú nó fógra a bhaineann go heisiatach le seirbhisí a aistreofar ar thosach feidhme alt 6 chun an bhoird sláinte) leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, ionann is dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra é a sheirbheáil an bord sláinte ar an dáta ar ar rith, ar a ndearna nó ar ar sheirbheáil an t-údarás áitiúil an céanna iarbhír agus dá mba ag an mbord sláinte a bhí feidhmeanna an údaráis sláinte inchomhlíonta an tráth sin. | |
[EN] | (7) Is ag an mbord sláinte a bheidh na muirir iasachta go léir iníoctha is muirir iasachta i leith airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha maoine a aistrítear le fo-alt (1) chun boird sláinte agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha tar éis tosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (8) Aon fhiach de chuid údaráis áitiúil a dtiocfaidh muirir iasachta chun bheith iníoctha ina leith ag bord sláinte faoi fho-alt (7) tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina fhiach ar an mbord. | |
[EN] | (9) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh maoin le haistriú ó údarás áitiúil faoin alt seo, | |
[EN] | (b) nach bhfuil iomlán limistéar feidhme an údaráis sin i i limistéar feidhme an aon-bhoird sláinte amháin, agus | |
[EN] | (c) go n-éireoidh amhras nó díospóid i dtaobh cad é an bord sláinte chun a ndéanfar an t-aistriú faoin alt seo, | |
[EN] | ainmneoidh an tAire an bord sláinte chun a ndéanfar an t-aistriú, agus déanfar tagairtí san alt seo do bhord sláinte a forléiriú dá réir sin maidir leis an maoin sin. | |
[EN] | (10) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh chun aon fhoras sláinte sonraithe a aistriú chun bord ospidéal réigiúnach agus féadfaidh foráil a dhéanamh san ordú sin chun aon fhoráil áirithe den alt seo a chur chun feidhme maidir leis an aistriú sin mar atá feidhm aici maidir le haistriú chun boird sláinte. | |
[EN] | (11) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis ordú a dhéanamh faoi fho-alt (10) ní chuirfear an mhaoin iomchuí leis an maoin a aistreofar chun boird sláinte faoi fho-alt (1). | |
[EN] |
Oifigigh áirithe a aistriú agus conarthaí áirithe a choimeád ar marthain. |
37. —(1) Ar thosach feidhme alt 6, gach oifigeach do gach údarás áitiúil a cheapann comhaltaí chun an bhoird sláinte agus arbh oifigeach é, díreach roimh an tosach feidhme sin, a aistreofar faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach don bhord sláinte agus, chun críche aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar nár cuireadh deireadh lena oifig faoin údarás áitiúil. |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) forléireofar an tagairt d'oifigeach a aistreofar faoin bhfo-alt sin mar thagairt d'aon oifigeach acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) aon oifigeach a mbaineann a dhualgais go heisiatach le seirbhísí a thiocfaidh, ar thosach feidhme alt 6, chun bheith aistrithe chun an bhoird sláinte, | |
[EN] | (b) aon oifigeach, seachas oifigeach dá dtagraítear i mír (a), a bhfuil feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, dílsithe maidir leis don Aire, seachas aon oifigeach den sórt sin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar oifigeach nach n-aistreofar faoin bhfo-alt sin, agus | |
[EN] | (c) aon oifigeach, seachas oifigeach dá dtagraítear i mír (a) mar oifigeach a aistreofar faoi mhír (b), a bheidh ainmnithe ag an údarás áitiúil a cheap comhaltaí chun an bhoird sláinte a cheapann comhaltaí chun an bhoird sláinte mar dhuine a aistreofar faoin bhfo-alt sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do dhuine nó daoine a roghnú a mholfaí le ceapadh chun oifige a n-aistreofar a sealbhóir chun an bhoird sláinte de bhun fho-alt (1), críochnófar an roghnú mar is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an bord sláinte an duine nó duine de na daoine a roghnóidh agus a mholfaidh na Coimisinéirí amhlaidh a cheapadh ionann is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nUdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , ó phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte tar éis an tosach feidhme sin a rinneadh an moladh agus an roghnú. | |
[EN] | (4) Cuirfear faoi bhráid an Aire agus cinnfidh sé aon cheist a éireoidh i dtaobh oifigeach áirithe nó oifigigh d'aicme áirithe a bheith aistrithe de bhun fho-alt (1) nó i dtaobh an bhoird chun an n-aistreofar oifigeach. | |
[EN] | (5) Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo idir údarás áitiúil a cheap comhaltaí chun an bhoird sláinte agus aon duine nárbh oifigeach don údarás áitiúil ach ba dhuine a bhí le haistriú faoin bhfo-alt seo, leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an bord sláinte ann in ionad an údaráis áitiúil agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina choinne. | |
[EN] | (6) I bhfo-alt (5) déanfar an tagairt do dhuine a aistreofar faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt— | |
[EN] | (a) d'aon duine atá ag gabháil go heisiatach do shaothar i ndáil le seirbhísí a thiocfaidh, ar thosach feidhme alt 6, chun bheith aistrithe chun an bhoird sláinte, agus | |
[EN] | (b) d'aon duine, seachas duine dá dtagraítear i mír (a), a bhí ainmnithe ag an údarás áitiúil a cheap comhaltaí chun an bhoird sláinte mar dhuine a aistreofaí faoin bhfo-alt sin. | |
[EN] | (7) Cuirfear faoi bhráid an Aire agus cinnfidh sé aon cheist a éireoidh maidir le fo-alt (5) i dtaobh ar duine nó daoine a bhí le haistriú faoin bhfo-alt sin duine áirithe nó daoine d'aicme áirithe. |