An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Comhlachtaí Airithe a Dhíscaoileadh, etc.) Ar Aghaidh (CUID IV Seirbhísí Sláinte)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

CUID III

Ospidéil, etc.

Ospidéil, etc. a sholáthar agus a chothabháil.

38. —(1) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, aon ospidéal, sanatorium, teaghlach, saotharlann, clinic, lárionad sláinte nó áitreabh dá shamhail a theastóidh chun seirbhísí a sholáthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a sholáthar agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an tAire cibé ordú is oiriúnach leis a thabhairt do bhord sláinte maidir le soláthar nó cothabháil aon áitreabh a soláthríodh agus a chothabháiltear faoi fho-alt (1) agus maidir leis na comhshocraíochtaí chun seirbhísí a sholáthar ann, agus déanfaidh an bord sláinte de réir aon ordaithe den sórt sin.

(3) Féadfaidh bord sláinte scor agus, má ordaíonn an tAire dó é, scoirfidh sé d'áitreabh a sholáthar agus a chothabháil a bheidh á sholáthar agus á chothabháil aige faoi fho-alt (1).

(4) Ní fheidhmeoidh bord sláinte, ach amháin le toiliú an Aire, a chumhachtaí faoi fho-alt (3) maidir le scor d'ospidéal, sanatorium nó teaghlach a sholáthar agus a chothabháil.

(5) Ní thabharfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (3) maidir le scor d'ospidéal, sanatorium nó teaghlach a sholáthar agus a chothabháil ach amháin tar éis a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a sheoladh i dtaobh arb inmhianaithe an scor.

(6) Más rud, ar scor faoi fho-alt (3), go mbeidh duine ann a raibh oifig aige faoin mbord san áitreabh dá mbeidh difear déanta agus go dtairgfidh an bord oifig cosúil léi dó, measfar chun críocha aoisliúntais an duine nár cuireadh deireadh leis an oifig.

Seirbhísí creidimh.

39. —(1) Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí leis na húdaráis chuí chun seirbhísí creidimh a thabhairt i ngach oispidéal, sanatorium agus teaghlach atá á chothabháil aige.

(2) Ní foláir méid aon íocaíochta a dhéanfaidh bord sláinte le duine faoi chomhshocraíocht faoin alt seo a bheith ceadaithe ag an Aire.

Talamh a fháil do chomhlachtaí saorálacha.

1947, Uimh. 28 .

40. —(1) Féadfaidh bord sláinte, ar iarratas ó chomhlacht a sholáthraíonn seirbhísí forais nó aon seirbhís cosúil nó coimhdeach le seirbhís a fhéadfaidh an bord sláinte a sholáthar, agus le toiliú an Aire, aon talamh a sholáthar don chomhlacht a shuífidh an comhlacht, chun sástacht an bhoird sláinte, a bheith ag teastáil chun feidhmeanna an chomlachta a chomlíonadh go héifeachtúil.

(2) I gcás ina gcinnfidh bord sláinte talamh a sholáthar faoin alt seo do chomhlacht, féadfaidh sé an talamh a fháil trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeantach faoi Chuid VIII den Acht Sláinte, 1947 , agus féadfaidh sé an talamh sin a léasadh chun nó chun sochair an chomhlachta.

(3) I gcás ina n-iarrfaidh comhlacht ar bhord sláinte talamh a sholáthar faoin alt seo don chomhlacht, féadfaidh an bord, mar réamhchoinníoll a bheidh le comhlíonadh sula soláthróidh sé amhlaidh an talamh, a cheangal ar an gcomhlacht a ghlacadh air féin iomlán an chostais, nó cuid den chostas, a ghlanadh a bhainfidh leis an talamh sholáthar amhlaidh.

Comhlachtaí chun seirbhísí ospidéil a chomhoirdniú agus a fhorbairt.

1927, Uimh. 25 .

1947, Uimh. 28 .

41. —(1) (a) Déanfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí atá ionadaitheach do dhaoine a bhfuil baint acu le seirbhísí ospidéil a sholáthar agus le cibé comhlachtaí eile (lena n-áirítear comhlachtaí atá ag gabháil d'oideachas liachta) is dóigh leis is iomchuí, comhlacht a bhunú ar a dtabharfar Comhairle na nOspidéal agus dá ngairtear an Chomhairle san alt seo.

(b) Is iad feidhmeanna na Comhairle—

(i) rialáil a dhéanamh ar an líon agus ar an gcineál ceapachán foireann comhairleoirí leighis agus cibé oifigeach nó foireann eile a fhorordófar, in ospidéil a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí a sholáthar faoin Acht seo;

(ii) cáilíochtaí le haghaidh ceapacháin dá dtagraítear i bhfomhír (i) a shonrú, faoi réir aon cheanglas ginearálta a chinnfidh an tAire;

(iii) comhairle faoi ábhair a bhaineann le heagrú agus oibriú seirbhísí ospidéil a thabhairt don Aire nó d'aon chomhlacht a bunaíodh faoin Acht seo;

(iv) tuarascálacha i dtaobh seirbhísí ospidéil a ullmhú agus a fhoilsiú;

(v) aon fheidhmeanna a fheidhmiú a fhorordófar, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle agus le cibé comhlachtaí eile a bhíonn ag gabháil d'oideachas leighis is dóigh leis an Aire is iomchuí, i dtaobh daoine a roghnú le haghaidh ceapacháin dá dtagraítear i bhfomhír (i); agus

(vi) cibé feidhmeanna gaolmhara eile a fheidhmiú a fhorordófar maidir le hospidéil.

(c) Sula ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír (b) (i) maidir le ceapachán, a ngabhann leis na dualgais maidir leis míochaine chliniciúil a theagasc nó taighde leighis a sheoladh faoi threoir coláiste amháin nó níos mó, rachaidh sí i gcomhairle leis an gcoláiste sin.

(d) Ní dhéanfar feidhm maidir le duine a roghnú le haghaidh ceapacháin, arb ollamh lánaimsire i gcoláiste a shealbhóir, a fhorordú faoi mhír (b) (v) ach amháin le toiliú an choláiste sin.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn “coláiste” coláiste a dhámhann dioplómaí cáilitheachta a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na nDochtúirí Leighis, 1927 , nó coláiste d'ollscoil a dhámhann dioplómaí den sórt sin.

(f) Lia-chleachtóirí cláraithe a bhíonn ag comhairliú i ndáil le seirbhísí ospidéil a sholáthar a bheidh i gcuid nach lú ná leath na ndaoine a cheapfar ina gcomhaltaí den Chomhairle.

(g) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt seo don nós imeachta chun daoine a roghnú lena gceapadh ar an gComhairle.

(2) (a) Bunóidh an tAire, le rialacháin, bord ospidéal réigiúnach do gach ceann de thrí réigiún a bheidh bunáitithe ar Bhaile Atha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh agus déanfaidh sé teideal agus limistéar feidhme gach bord a bhunófar amhlaidh a shonrú leis na rialacháin sin agus, faoi réir mhír (c), comhaltas gach boird den sórt sin a shonrú.

(b) Feidhmeoidh bord ospidéal reigiúnach cibé feidhmeanna a fhorordófar maidir le seirbhísí ospidéil a eagrú agus a fhorbairt i gcoitinne go héifeachtach sna hospidéil a riarann boird sláinte agus comhlachtaí eile ina limistéar feidhme a bhíonn ag soláthar seirbhísí faoin Acht seo.

(c) Is é a bheidh i leath comhaltaí boird ospidéal réigiúnaigh daoine arna gceapadh ag na boird sláinte a bhfuil a limistéir feidhme i limistéar feidhme an bhoird ospidéal réigiúnaigh agus ceapfaidh an tAire leath tar éis dul i gcomhairle, nó ar ainmniúcháin ó, cibé comhlachtaí atá ionadaitheach do dhaoine ag a bhfuil baint le seirbhísí ospidéil agus cibé comhlachtaí eile (lena n-áirítear comhlachtaí a bhíonn ag gabháil d'oideachas liachta) is dóigh leis an Aire is iomchuí.

(d) Forléireofar tagairt san Acht seo do bhord ospidéal réigiúnach mar thagairt do chomhlacht a bunaíodh faoin bhfo-alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le comhlacht a bunaíodh faoin Acht seo—

(a) beidh sé ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain;

(b) féadfaidh sé agairt agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus féadfaidh sé talamh a shealbhú agus a dhiúscairt;

(c) soláthróidh sé agus sealbhóidh sé gnáthshéala agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala;

(d) beidh feidhm maidir leis an gcomhlacht ag rialacha 6, 7, 10, 13, 14 (2), 15 agus 18 go 32 atá leagtha amach sa Dara Sceideal agus chun na críche sin forléireofar mar thagairt don chomhlacht aon tagairt den bhord sna rialacha sin.

(4) Déanfar an chéad chruinniú comhlachta a bhunófar faoin alt seo a chomóradh lá a cheapfaidh an tAire agus comórfaidh an comhlacht cibé cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú.

(5) (a) Ceapfaidh an tAire ó am go ham, as comhaltaí comhlachta a bhunófar faoin alt seo, cathaoirleach agus leaschathaoirleach don chomhlacht sin.

(b) Sealbhóidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach a cheapfar faoin bhfo-alt seo oifig go ceann na tréimhse a shonróidh an tAire le linn é a cheapadh mura rud é—

(i) go scoirfidh sé bheith, nó go dtiocfaidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhlacht;

(ii) go n-éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó an leaschathaoirligh agus go dtiocfaidh an t-éirí-as in éifeacht faoin bhfo-alt seo;

(iii) go bhfoirceannfaidh an tAire a cheapadh mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach.

(c) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach a cheapfar faoin bhfo-alt seo éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn faoina láimh a thabhairt don Aire, ach ní thiocfaidh an t-éirí-as in éifeacht go dtosóidh an chéad chruinniú den chomhlacht a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a fháil.

(6) Ní dhiúscróidh comhlacht a bhunófar faoin alt seo talamh ná maoin ach amháin le toiliú an Aire.

(7) (a) Féadfaidh comhlacht a bhunófar faoin alt seo cibé coistí a cheapadh is oiriúnach leis agus féadfaidh sé feidhmeanna agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a shainiú agus, faoi réir aon teorann a shonróidh an tAire, féadfaidh sé feidhmeanna sonraithe a tharmligean chun aon choistí den sort sin.

(b) Féadfaidh daoine nach comhaltaí de chomhlacht a cheap coiste faoin bhfo-alt seo a bheith, le toiliú an Aire, ina gcomhaltaí den choiste sin.

(8) Beidh i rialacháin faoin alt seo cibé forálacha is dóigh leis an Aire, faoi réir fho-alt (1) (b), is iomchuí maidir le líon, grádanna, modh ceapacháin, coinníollacha seirbhíse, seilbh oifige agus luach saothair oifigeach agus seirbhíseach comhlachta a bhunófar faoin alt seo.

(9) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ceapacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) (i) a dhéanfaidh bord ospidéal réigiúnach:

(a) déanfar an luach saothair agus na liúntais agus aon chostais choimhdeacha maidir le duine a cheapfar amhlaidh agus a shannfar do bhord sláinte nó d'ospidéal áirithe nó do ghrúpa áirithe ospidéal a chúiteamh leis an mbord ospidéal réigiúnach ag an mbord sláinte nó ag údarás an ospidéil nó an ghrúpa ospidéal;

(b) beidh aon duine den sórt sin, an fad a bheidh sé sannta amhlaidh, faoi réir an rialú céanna ag a bhfuil feidhm faoin Acht seo nó ar slí eile maidir le hoifigigh don bord sláinte nó maidir le ceapacháin chun an ospidéil áirithe nó an ghrúpa áirithe ospidéal, de réir mar is iomchuí.

(10) (a) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (2) a fhoráil go ndéanfar aon tagairt do bhord sláinte san Acht seo (seachas in ailt 13, 14, 16, 17, 22 agus 23) nó in aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhord ospidéal réigiúnach.

(b) Ní oibreoidh an fo-alt seo chun a cheadú alt 15 do chur Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, chun feidhme maidir le ceapacháin, seachas ceapacháin d'ospidéil a chothabhálann boird sláinte.

(11) Féadfaidh an tAire deontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le comhlacht a bhunófar faoin alt seo.

(12) Déanfaidh Bord Iontaobhais na nOspidéal cibé ranníocaí a ordóidh an tAire ó am go ham a íoc as Ciste Iontaobhais na nOspidéal faoi chomhair caiteachais comhalachta a bhunófar faoin alt seo.

(13) Féadfaidh comhlacht a bhunófar faoin alt seo bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas ach ní ghlacfaidh sé bronntanas má bhíonn aon choinníollacha a bheidh ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an chomhlachta.

(14) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh faoin alt seo agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.

(15) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947 , le rialacháin faoin alt seo.

(16) Ní oibreoidh aon ní san alt seo ná i rialacháin faoin Acht seo chun deireadh a chur le haon chearta, nó difear a dhéanamh d'aon chearta, a bhí ag duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) (i) an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969.

Coimisiún na nOspidéal a dhíscaoileadh.

42. —(1) Díscaoiltear leis seo Coimisiún na nOspidéal (dá ngairtear an Coimisiún san alt seo).

(2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is foirsteanach de dhroim an Coimisiúin a dhíscaoileadh agus go háirithe—

(a) chun maoin, cearta agus dliteanais an Choimisiúin a aistriú chun comhlachta a bhunófar faoin Acht seo.

(b) chun conarthaí leanúnacha a rinne an Coimisiún a choimeád ar marthain,

(c) chun leanúint d'imeachtaí dlíthiúla ar páirtí iontu an Coimisiún,

(d) chun sealbhóir aon oifige faoin gCoimisiún a aistriú chun oifige cosúil léi faoi chomhlacht a bhunófar faoin Acht seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar cibé dáta, nach luaithe ná an lú lá d'Eanáir, 1971, a cheapfaidh an tAire le hordú chuige sin.

Leasú ar Acht na nOspidéal Puiblí, 1933.

1933, Uimh. 18 .

43. —(1) Leasaítear leis seo an míniú ar “ospidéal” in alt 1 d'Acht 1933 trí “nó chun seirbhísí a sholáthar d'ospidéil” a chur isteach i ndiaidh “i gcúrsaí leighis”.

(2) Déanfaidh alt 14 (5) d'Acht 1933, ina oibriú maidir le ceapacháin arna ndéanamh idir dáta tosach feidhme an ailt seo agus dáta tosach feidhme alt 42, a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí “cibé tréimhse a shonróidh an tAire” in ionad “dhá bhliain”.

(3) San alt seo ciallaíonn “Acht 1939” Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 .

Riarachán an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar.

1845, c. 107.

44. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfaidh sé le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun go n-aistreofar riarachán an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar chun an bhoird sláinte (dá ngairtear an bord sláinte iomchuí san alt seo) ar cuid dá limistéar feidhme Contae Bhaile Atha Cliath.

(2) I gcás ina mbeidh ordú déanta faoin alt seo—

(a) déanfaidh an bord sláinte iomchuí agus a oifigigh agus a sheirbhísigh an Phríomh-Ospidéil Meabhar-Ghalar a riaradh ionann is dá mba ospidéal á chothabháil ag an mbord faoi alt 38 é agus

(b) déanfar tagairt in aon achtachán do rialtóir agus lia cónaitheach an Phríomh-Oispidéil Meabhair-Ghalar a fhorléiriú mar thagairt d'oifigeach an bhoird sláinte iomchuí arb é dochtúir leighis sinsearach an Ospidéil sin é de thuras na huaire.

(3) Aon duine a bhí, díreach roimh dháta tosach feidhme na ailt seo, ina oifigeach don Aire ar fostú sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar agus a roghnóidh, laistigh den tréimhse sé mhí dar tosach an dáta tosach feidhme sin, go gceapfaí é chun poist faoin mbord sláinte iomchuí, ceapfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin é amhlaidh amhail ó dháta tosach feidhme ordaithe faoin alt seo.

(4) D'ainneoin forálacha an Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun go bhfeidhmeoidh an bord sláinte iomhcuí feidhmeanna maidir leis na bPríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a dheisiú, a mhéadú, a fheabhsú, a choimeád suas nó a throscánú.