|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Ospidéil, etc.) | Ar Aghaidh (Caibidil II Seirbhísí Ospidéil d'Othair Chónaithe agus d'Othair Sheachtracha) |
AN tACHT SLÁINTE, 1970
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Seirbhísí Sláinte | |
[EN] |
Caibidil I Cáilíocht | |
[EN] |
Lán-cháilíocht. |
45. —(1) Beidh lán-cháilíocht le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ag duine atá i gceachtar earnáil acu seo a leanas— |
[EN] | (a) daoine aosaithe nach bhfuil ábalta gan chruatan míchuí seirbhísí liachleachtóra ghinearálta agus seirbhísí máinliachta a shocrú dóibh féin agus dá gcleithiúnaithe, | |
[EN] | (b) cléithiúnaithe na ndaoine dá dtagraítear i mír (a). | |
[EN] | (2) Nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil nó nach bhfuil duine san earnáil a luaitear i bhfo-alt (1) (a), tabharfar aird ar acmhainn an chéile (más ann) an duine i dteannta acmhainn an duine féin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, aicme nó aicmí daoine a measfar iad a bheith sna hearnála a luaitear i bhfo-alt (1) a shonrú. | |
[EN] | (4) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] | (5) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947 , le rialacháin faoin alt seo. | |
[EN] | (6) Forléireofar tagairtí sa Chuid seo do dhaoine ag a bhfuil láncháilíocht mar thagairtí do dhaoine sna hearnála a luaitear i bhfo-alt (1) nó a mheastar a bheith sna hearnála sin. | |
[EN] | (7) Aon duine nach bhfuil i gceachtar earnáil acu sin a luaitear i bhfo-alt (1) ach a measann príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte é a bheith, maidir le seirbhís áirithe atá ar fáil do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht, neamhábalta, gan chruatan míchuí, an tseirbhís sin a sholáthar dó féin nó dá chleithiúnaithe, measfar, maidir leis an tseirbhís sin, gur duine é ag a bhfuil lán-cháilíocht. | |
[EN] |
Cáilíocht theoranta. |
46. —(1) Beidh cáilíocht theoranta le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ag duine atá in aon earnáil acu seo a leanas agus atá gan lán-cháilíocht— |
[EN] | (a) daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, | |
[EN] | (b) daoine aosaithe ar lú ná £1,200 a n-acmhainn bhliantúil, | |
[EN] | (c) daoine aosaithe ar as feirmeoireacht, go hiomlán nó go formhór, a thagann a n-acmhainn bhliantúil i dtuairim phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí, mura mó ná £60 luacháil inrátaithe na feirme nó na bhfeirmeacha iomchuí (lena n-áirítear na foirgnimh ar an gcéanna), | |
[EN] | (d) cleithiúnaithe daoine dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c). | |
[EN] | (2) Déanfar acmhainn bhliantúil chun críocha an ailt seo a ríomh de réir Riail 1 de na Rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus folóidh sí maidir le haon duine, acmhainn bhliantúil céile an duine sin i gcás ina gcónaíonn an céile leis an duine sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, forálacha eile a shaineoidh, i cibé slí is oiriúnach leis, earnála daoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2). | |
[EN] | (4) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh faoi fho-alt (3) agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] | (5) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947 , le rialacháin faoin alt seo. | |
[EN] | (6) Ar dháta tosach feidhme rialachán faoi fho-alt (3), scoirfidh fo-alt (1) d'éifeacht a bheith aige agus, má fhorálann na rialacháin amhlaidh, scoirfidh fo-alt (2) freisin d'éifeacht a bheith aige. | |
[EN] | (7) Forléireofar tagairtí sa Chuid seo daoine ag a bhfuil cáilíocht teoranta mar thagairtí do dhaoine sna hearnála a shonraítear i bhfo-alt (1) nó i rialacháin faoin alt seo, de réir mar is iomchuí. | |
[EN] | (8) Aon duine nach bhfuil in aon earnáil dá sonraítear i bhfo-alt (1) nó i rialacháin faoi fho-alt (3) ach a measann príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí é a bheith, maidir le seirbhísí áirithe atá ar fáil do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta, neamhábalta, gan chruatan míchuí, an tseirbhís sin a sholáthar dó féin nó dá chleithiúnaithe, measfar, maidir leis an tseirbhís sin, gur duine é ag a bhfuil cáilíocht theoranta. | |
[EN] |
Achomhairc. |
47. —(1) Nuair a chinnfidh oifigeach boird sláinte, agus alt 45 nó 46 á riaradh, nach bhfuil duine áirithe in earnáil a shonraítear leis an alt iomchuí nó faoi, beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne an chinnte chun duine (is oifigeach eile don bhord sláinte nó duine nach oifigeach den sórt sin) a cheapfaidh nó a ainmneoidh an tAire. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh le haghaidh achomhairc faoin alt seo a dhéanamh agus a chinneadh. | |
[EN] |
Dearbhú i dtaobh acmhainne. |
48. —D'fhonn a chinneadh ar duine nó nach duine ag a bhfuil láncháilíocht nó nach duine nó nach duine ag a bhfuil cáilíocht theoranta, nó duine nó nach duine atá i dteideal seirbhíse áirithe a sholáthraítear faoi na hAchtanna sláinte, 1947 go 1970, duine áirithe, féadfaidh bord sláinte a cheangal ar an duine sin dearbhú a dhéanamh i cibé foirm is iomchuí leis an mbord sláinte maidir lena acmhainn agus féadfaidh an bord sláinte cibé bearta a dhéanamh is oiriúnach leis chun an dearbhú a fhíorú. |
[EN] |
Athrú ar imthosca. |
49. —(1) I gcás duine a thaifeadadh ag bord sláinte mar dhuine atá i dteideal, mar gheall ar imthosca sonraithe, chun seirbhíse a sholátharíonn an bord faoi na hAchtanna sláinte, 1947 go 1970, cuirfidh sé in iúl don bhord aon athrú ar na himthosca sin a bhaineann de a theideal chun na seirbhíse sin. |
[EN] | (2) Beidh duine a sháróidh go feasach fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
Táille i gcás duine gan teideal d'fháil seirbhíse. |
50. —Nuair a bheidh duine tar éis seirbhís a fháil faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, agus go bhfaighfear amach nach raibh sé i dteideal na seirbhíse, féadfaidh an bord sláinte iomchuí táille a cheadóidh nó a ordóidh an tAire a bhaint amach ina leith. |