3 1970


Uimhir 3 de 1970


An tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1970

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 2 DEN ACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1958 . [25 Márta, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 .

1958, Uimh. 17 .

1964, Uimh. 19 .

1. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , arna leasú le halt (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1964 , trí “1970” agus “seacht n-oiread is fiche” a chur in ionad “1965” agus “oiread is fiche” faoi seach.

(2) Na gníomhartha agus na nithe go léir a rinne comhairle contae roimh an lú lá d'Aibreán, 1970, maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin beidh siad chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1967, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1970.