13 1970


Uimhir 13 de 1970


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1970.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954 GO 1966. [2 Lúnasa, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1954, Uimh. 8 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 .

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht trí “an 31ú lá de Mhárta, 1972” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1969” sa mhíniú ar “an tréimhse ordaithe” atá i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) d'alt 4 den Phríomh-Acht:

“(1A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo in aon chás—

(a) más aon lá tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969, lá tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirgnimh a chríochnú, agus

(b) má cheanglaíonn Cuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Uimh. 28 de 1963) , gur gá cead faoin gCuid sin a fháil maidir leis an tógáil, leis an bhfairsingiú nó leis an bhfeabhsú,

mura lá nach déanaí ná an 9ú lá de Nollaig, 1969, lá an cheada sin a iarraidh.”

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht:

“(2A) Más aon lá tar éis an 31ú lá de Bhealtaine, 1969, lá tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirgnimh a chríochnú, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo ach go gcuirfear in ionad na tagartha do na sé bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla a críochnaíodh an tógáil, an fairsingiú nó an feabhsú—

(a) más aon lá roimh an lú lá d'Aibreán, 1970, an lá sin— tagairt don chéad chúig cinn de na blianta sin agus don chúig cinn sin amháin, agus

(b) más aon lá é tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1970, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1971—tagairt don chéad cheithre cinn de na blianta sin agus don chéad cheithre cinn sin amháin, agus

(c) más aon lá é tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1970—tagairt don chéad trí cinn de na blianta sin agus don chéad trí cinn sin amháin.”

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1966, agus den Acht seo le chéile.