|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE, 1970) |
ACHT NA dTITHE, 1970
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
AN SCEIDEAL Fo-ailt a chuirtear le hAilt 15, 16 agus 18 d'Acht 1966 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CUID I Fo-ailt a chuirtear le hAlt 15 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (1) den alt seo an lú lá de Dheireadh fómhair, 1969, ná dá éis ach amháin i leith tithe ar tosaíodh á dtógáil roimh an lá sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis na tithe sin go heisiatach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (5) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh teach amháin nó níos mó nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith, más rud é agus ar an gcuntar— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) gurb é an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Nollaig, 1970, nó roimhe, a thosófar ag tógáil an tí nó gach tí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) nach lú ná trí chéad agus caoga troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí nó gach tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(i) i gcás teach a mbeidh saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig céad déag troigh chearnach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) i gcás an teach nó gach teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, gurb é céad áititheoir an tí nó gach tí comhalta den chumann a bheidh á áitiú mar ghnáth-áit chónaithe dó féin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (4) den alt seo i leith tí níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (7) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh teach amháin ní níos mó nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith más rud é, agus ar an gcuntar,— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) gur tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, a thosófar ag tógáil an tí nó gach tí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) nach lú ná tríocha a cúig méadar cearnach agus nach mó ná céad is sé mhéadar cearnach déag achar iomlán urlár uile an tí nó gach tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) i gcás an teach nó gach teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, gurb é céad áititheoir an tí nó gach tí comhalta den chumann a áitíonn é mar ghnáth-áit chónaithe dó féin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
faoi réir an choinníl nach dtabharfar deontas i leith tí arb úsáid seachas mar ghnáth-áit chónaithe an úsáid a dhéanfar de i dtuairim an Aire. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(7) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (6) den alt seo i leith tí níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CUID II Fo-ailt a chuirtear le hAlt 16 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) (a) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo, i gcás mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo a bheith comhlíonta, ionann is dá scriosfaí “i dtuathlimistéar”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (1) den alt seo an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, ná dá éis, ach amháin i leith tithe ar tosaíodh á dtógáil roimh an lá sin agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo maidir leis na tithe sin go heisiatach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh (i gcás ina gcomhlíontar ceanglais mhír (a) d'fho-alt (10) den alt seo) in aon limistéar nó (in aon chás eile) i dtuathlimistéar teach nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht) seo) tugtha ina leith, agus cibé méid sa deontas sin is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (7) den alt seo más rud é, agus ar an gcuntar,— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) gurb é an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Lúnasa, 1970, nó roimhe, a thosófar ag tógáil an tí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) nach lú ná trí chéad agus caoga troigh chearnach achar iomlán urlár an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(i) i gcás teach a mbeidh saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig céad déag troigh chearnach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) gurb ar láithreán seachas láithreán a mbeidh ranníoc íoctha maidir leis ag an Aire faoi alt 44, 45 nó 47 den Acht seo a thógfar an teach, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(d) go mbeidh an teach á áitiú ag an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais poiblí, gurb é céad áithitheoir an tí comhalta den chumann a bheidh á áitiú mar ghnáth-áit chónaithe dó féin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(7) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (6) den alt seo níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(8) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadas chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (9) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh (i gcás ina gcomhlíontar ceanglais mhír (a) d'fho-alt (10) den alt seo) in aon limistéar nó (in aon chás eile) i dtuathlimistéar teach nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith, más rud é, agus ar an gcuntar— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) gur tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, a thosófar ag tógáil an tí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) nach lú ná tríocha a cúig meadar cearnach agus nach mó ná céad agus sé mhéada cearnach déag achar iomlán urlár uile an tí nó arna thomhas sa tslí fhorordaithe, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) gurb ar láithreán seachas láithreán a mbeidh ranníoc íoctha maidir leis ag an Aire faoi alt 44, 45 nó 47 den Acht seo a thógfar an teach, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(d) go mbeidh an teach á áitiú ag an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais poiblí, gurb é céad áithitheoir an tí comhalta den chumann a bheidh á áitiú mar ghnáth-áit chónaithe dó féin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(9) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (8) den alt seo níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(10) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (6) ná fo-alt (8) den alt seo ach amháin más rud é gurb é tuairim an Aire go gcomhlíonann an duine a sholáthraigh an teach nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, céad áititheoir an tí ceanglais mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo, is é sin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) go bhfuil tithíocht ag teastáil ón duine sin nó ón áititheoir sin agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) gurb i dtuathlimistéar atá gnáthchónaí ar an duine sin nó ar an áititheoir sin agus go gcónaíonn sé amhlaidh i dteach plódaithe, nó i dteach atá neamhoiriúnach chun duine cónaí ann, nó go bhfuil tithíocht ag teastáil uaidh ar chúiseanna liachta nó atruacha nó ar chúiseanna eile dá sórt, agus gurb amhlaidh do dhála an duine nó an áititheora nach bhféadfadh sé teach, chun é féin á áitiú, a sholáthar gan cúnamh deontais faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CUID III Fo-ailt a chuirtear le hAlt 18 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (1) den alt seo an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, ná dá éis, ach amháin i leith foirgnimh ar tosaíodh á dtógáil roimh an lá sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis na foirgnimh sin go heisiatach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (6) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine i leith árasáin nó teaghasáin leithleacha, lánscartha a thógáil i bhfoirgneamh, más rud é, agus ar chuntar,— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) gurb é an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Nollaig, 1970, nó roimhe a thosófar, ag togáil an fhoirgnimh, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) nach lú ná dhá chéad agus caoga troigh chearnach, ná nach mó ná cúig chéad déag troigh chearnach, achar iomlán urlár uile an árasáin nó an teaghasáin, cibé acu é, arna thomhas sa tslí fhorordaithe. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Ní bheidh deontas faoin fho-alt (5) den alt seo níos mó maidir le gach árasán nó teaghasán ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(7) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (8) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine i leith árasáin nó teaghasáin leithleacha, lánscartha a thógáil i bhfoirgneamh más rud é, agus ar chuntar,— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) gur tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, a thosófar ag tógáil an fhoirgnimh, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) nach lú ná cúig mhéadar cearnach is fiche ná nach mó ná céad agus sé mhéadar déag cearnach achar iomlán urlár uile an árasáin nó an teaghasáin, cibé acu é, arna thomhas sa tslí fhorordaithe. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
faoi réir an choinníll nach dtabharfar deontas i leith árasáin ná teaghasáin arb úsáid seachas mar ghnáth-áit chónaithe an úsáid a dhéanfar de i dtuarinn an Aire. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(8) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (7) den alt seo níos mó maidir le gach árasán nó teaghasán ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|