An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THIONSCAL NA gCAPALL, 1970) Ar Aghaidh (CUID II Bord na gCapall)

19 1970

AN tACHT UM THIONSCAL NA gCAPALL, 1970

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thionscal na gCapall, 1970 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Bord na gCapall a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar mar lá bunaithe chun críocha an Achta seo faoi alt 4 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn tagairtí d'fheidhmeanna a chomhlíonadh tagairtí do chumhachtaí a fheidhmiú;

folaíonn “capall” aon láir, capall coillte, capaillín, searach, bromach, cliobóg nó stail agus, freisin, aon asal, múille nó ránach;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a deonaíodh faoi alt 28 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

folaíonn “áitreabh” táilte.

Caiteachas.

3. —Déanfar aon chaiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

An lá bunaithe.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oideachais.

5. —Leagfar gach ordú agus rialachán faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.