Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm)

8 1971


Uimhir 8 de 1971


AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [7 Aibreán, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Mínithe.

1933, Uimh. 8 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 .

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

1944, Uimh. 21 .

1934, Uimh. 17

2. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht—

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) :

“(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus fho-alt (5) den alt seo, ní dleathach, an lá ceaptha ná dá éis, do dhuine ar bith i gcúrsa gnó iompair marsantais de bhóthar a bheidh á sheoladh aige marsantas a iompar in aon limistéar sa Stát mura rud é—

(i) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairtear ceadúnas marsantais san Acht seo) a deonaíodh faoin gCuid seo den Acht seo á údarú dó gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh sa limistéar sin agus gur faoi réim agus de réir an cheadúnais sin a sheoltar an gnó sin, nó

(ii) gur limistéar díolmhaithe an limistéar sin agus nach n-iompraíonn an duine sin marsantas i gcúrsa an ghnó iompair marsantais de bhóthar sin ach amháin sa limistéar sin nó sa limistéar sin agus i limistéir dhíolmhaithe eile.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo agus alt 124 den Acht Iompair, 1944 , féadfaidh sealbhóir ceadúnais marsantais gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh—

(i) i limistéar díolmhaithe le feithicil nach mbeidh pláta feithicle ina leith arna eisiúint chuige,

(ii) i limistéar díolmhaithe fiú mura mbeidh an limistéar sin sonraithe sa cheadúnas,

(iii) nuair a bheidh earraí á n-iompar is earraí nach mbeidh á n-iompar faoi réir aon srianadh nó teorainniú reachtúil faoin alt seo, cibé acu a mbeidh nó nach mbeidh pláta feithicle arna eisiúint chuige i leith na feithicle ina mbeidh siad á n-iompar.”, agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 ) :

“(5) Ní bheidh feidhm maidir le hiompar eallaigh, caorach nó muc ag na srianta ar iompar marsantais a fhorchuirtear leis an alt seo.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht agus forálacha iarmartacha maidir le ceadúnais mharsantais.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht, a bhaineann le hoibriú ceadúnas marsantais—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad mhír (a):

“(a) oibreoidh sé i slí go n-údaróidh sé, agus déarfaidh sé go n-údaraíonn sé, don cheadúnaí faoin gceadúnas sin gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh i leith an mharsantais (nó an chineál marsantais) a bheidh sonraithe san iarratas sa limistéar (nó sna limistéir) a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus le cibé uimhir feithiclí a bheidh sonraithe sa cheadúnas (arb í an uimhir í a bheidh ríofa de réir fho-alt (4) den alt seo), ach sin faoi réir forálacha an Achta seo agus rialachán arna ndéanamh faoi agus faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas sin;”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad mhír (c) :

“(c) más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) é, déarfaidh sé gur ceadúnas den sórt sin é.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, oibreoidh gach ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) chun údarás a thabhairt, agus déarfaidh sé go n-údaraíonn sé, don cheadúnaí faoin gceadúnas sin gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar fud an Stáit i leith aon mharsantais nó i leith aon chineál marsantais.”, agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Is í an uimhir feithiclí a mbeidh teideal ag ceadúnaí faoi cheadúnas marsantais gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh leo—

(a) más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas—

(i) i gcás ina raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1971 , údaraithe faoin gceadúnas don cheadúnaí gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar fud an Stáit ach nach raibh sé údaraithe amhlaidh de bhua leathnú ar oibriú an cheadúnais a deonaíodh faoi alt 115 den Acht Iompair, 1944 , d'aon-toisc chun beodhíle a iompar ar fud an Stáit— uimhir feithiclí ar cóimhéid leis an uimhir a shocraítear faoi fhomhír (ii), (iii), nó (iv) den mhír seo (de réir mar is cuí), móide ceann,

(ii) i gcás ina raibh pláta feithicle amháin nó níos mó arna eisiúint nó arna n-eisiúint go dleathach chun an cheadúnaí an lú lá d'Eanáir, 1969, i leith feithiclí a bhí á n-oibriú aige faoi réim agus de réir an cheadúnais sin—uimhir feithiclí ar cóimhéid leis an uimhir plátaí feithicle sin,

(iii) i gcás nach raibh pláta feithicle arna eisiúint chun an cheadúnaí an lú lá d'Eanáir, 1969, ach go raibh sé go dleathach arna eisiúint chuige lá ar bith sa tréimhse trí bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1968—uimhir feithcilí ar cóimhéid leis an uimhir plátaí feithicle a bhí arna n-eisiúint chuige faoin gceadúnas sin an lá is déanaí sa tréimhse sin ar a raibh pláta feithicle arna eisiúint chuige amhlaidh,

(iv) in aon chás eile—aon fheithicil amháin,

(b) mura ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas, cibé uimhir feithiclí de cibé tuairisc a shonróidh an tAire ó am go ham ar an gceadúnas.

(5) Chun críocha fho-alt (4) den alt seo—

(a) i gcás ina ndearnadh pláta feithicle a eisiúint in aghaidh pláta feithicle a dúradh a cailleadh nó a díthíodh áireofar gur aon phláta feithicle amháin an dá phláta sin;

(b) i gcás ina mbeidh duine, contrártha d'alt 32 den Acht seo, gan pláta feithicle a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochána, measfar nach bhfuil an pláta sin arna eisiúint chun an duine sin.”.

(2) Ar thosach feidhme an Achta seo, deonóidh an tAire, de réir an Phríomh-Achta (arna leasú leis an Acht seo), ceadúnas marsantais in ionad gach ceadúnais mharsantais a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus aon cheadúnas marsantais a dheonófar amhlaidh measfar é a bheith arna dheonú de bhun iarratais faoi alt 11 den Phríomh-Acht.

(3) Gach ceadúnas a dheonófar de bhua fho-alt (2) den alt seo measfar é a bheith arna dheonú de bhun an iarratais faoin bPríomh-Acht ar an gceadúnas ar ina ionad a deonaíodh an ceadúnas céadluaite.

(4) I gcás ina ndéanfar de bhua fho-alt (2) den alt seo ceadúnas a dheonú do dhuine in ionad ceadúnais, beidh an ceadúnas sin is déanaí a luaitear arna chúlghairm air sin.

(5) Sa mhéid go mbaineann siad leis an uimhir feithiclí a fhéadfar a oibriú faoi cheadúnas marsantais, ní bheidh feidhm maidir le ceadúnas marsantais a bheidh arna eisiúint chun cuideachta údaraithe (iompar marsantais) ag fo-ailt (1) agus (4) d'alt 14 den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo.

Foráil eatramhach maidir le ceadúnais mharsantais áirithe.

4. —(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 14 (arna leasú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, aon uair is dóigh leis an Aire, maidir le ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) áirithe nach n-insíonn an uimhir feithiclí a shonraítear ansin de bhun an ailt sin 14 (arna leasú amhlaidh) go cothram an gnáth-líon feithiclí a d'oibrigh an ceadúnaí go dleathach faoi réim agus de réir téarmaí an cheadúnais sa tréimhse trí bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1968 (arb í an uimhir feithiclí í a bhí á n-úsáid aige réasúnta leanúnach nó rialta), féadfaidh an tAire an ceadúnas a leasú tríd an uimhir feithiclí a n-údaraítear don cheadúnaí leis an gceadúnas sin gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh leo a mhéadú go dtí cibé uimhir a mheasfaidh sé a bheith cóir agus réasúnach, agus beidh éifeacht ag an gceadúnas dá réir sin ar dháta an leasaithe agus dá éis.

(2) Scoirfidh an chumhacht a thugtar don Aire leis an alt seo d'éifeacht a bheith aige ag deireadh na bliana dar tús tosach feidhme an Achta seo.

Ré feidhme ceadúnas marsantais.

5. —(1) Gach ceadúnas marsantais a bhí i bhfeidhm an 30ú lá de Mheitheamh, 1970, agus nach ndeachaigh as feidhm nó nár cúlghaireadh ón dáta sin measfar, d'ainneoin aon ní in alt 19 nó 22 den Phríomh-Acht, é d'fhanúint i bhfeidhm go dtí tosach feidhme an Achta seo.

(2) Gach ceadúnas marsantais a dheonófar ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis leanfaidh sé i bhfeidhm (mura gcúlghairtear é nó mura rachaidh sé as feidhm roimhe sin) go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair i ndiaidh an dáta a deonaíodh é agus rachaidh sé in éag ansin mura n-athnuaitear é faoin bPríomh-Acht.

(3) Gach ceadúnas marsantais a athnuafar faoin bPríomh-Acht tar éis tosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair i ndiaidh an dáta is déanaí a athnuadh é agus rachaidh sé in éag ansin mura n-athnuafar arís é faoin bPríomh-Acht.

Clár de cheadúnais mharsantais.

6. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara go mbunófar agus go gcoimeáfar clár de na ceadúnais mharsantais uile a dheonófar ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agus beidh an clár sin i cibé foirm agus beidh cibé sonraí ann a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Beidh an clár sin ar oscailt gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag duine ar bith ar tháille a íoc a mbeidh cibé méid inti a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Beidh duine ar bith i dteideal cóip a fháil ón Aire d'aon taifead sa chlár sin ar tháille a íoc a mbeidh cibé méid inti a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.

(4) Gach táille is iníoctha faoin alt seo baileofar agus cuirfear i gcuntas í i cibé slí a fhorordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(5) Gach doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead sa chlár sin, agus a airbheartóidh é a bheith deimhnithe ag oifigeach don Aire gur cóip dhílis é den taifead sin glacfar, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear é a bheith arna dheimhniú aige amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, i bhfianaise é in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead sin agus gur fianaise é ar théarmaí an taifid sin.

Ceadúnas á dheonú don Wexford Steamships Company Limited.

7. —D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, measfar gur ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas a dheonaigh an tAire Tionscail agus Tráchtála an 24ú lá de Mhárta, 1937, don Wexford Steamships Company Limited, agus a n-airbheartaítear gur deonaíodh é faoi Chuid II den Phríomh-Acht agus measfar gur ocht déag an uimhir feithiclí a raibh plátaí feithicle arna n-eisiúint go dleathach ina leith chun an Wexford Steamships Company Limited a dúradh an lú lá d'Eanáir, 1969, agus ní bheidh feidhm ag alt 4 den Acht seo maidir leis an gceadúnas sin.

Tarlódh bóthair idirnáisiúnta a cheadúnú sa Stát.

1935, Uimh. 23 .

1958, Uimh. 19 .

8. —(1)  (a) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó san Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 , féadfaidh an tAire, maidir le leoraí nó tarracóir a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear in alt 7 (1) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 , a dúradh (arna leasú le halt 29 den Acht Iompair, 1958 ) ceadúnas (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, ceadúnas fartha bóthair srianta) a dheonú do dhuine á údarú dó an fheithicil a allmhairiú agus í a úsáid chun críocha iompar marsantais de bhóthar sa Stát faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leis an Aire a fhorchur agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(b) Ní fhorleíreofar aon ní san alt seo mar ní a cheadaíonn do dhuine feithicil, a bhfuil ceadúnas fartha bóthair srianta deonaithe ina leith, a úsáid chun earraí a luchtaíodh isteach ar an bhfeithicil sin sa Stát a sheachadadh sa Stát.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú go measfar gur ceadúnas fartha bóthair srianta ceadúnas nó aicme ceadúnas (mar a bheidh sonraithe san ordú) arna eisiúint de bhun comhaontú idirnáisiúnta iltaobhach nó dé-thaobhach ar páirtí ann an Stát ag údarás inniúil Stáit eile, ag eagras idirnáisiúnta nó ag duine nó comhlacht ag gníomhú thar ceann eagrais den sórt sin.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) Ní bheidh feidhm ag ailt 9 (arna leasú leis an Acht seo) agus 34 den Phríomh-Acht maidir le duine is sealbhóir ar cheadúnas fartha bóthair srianta nó ar cheadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é nuair a bheidh an duine sin ag gabháil d'iompar marsantais de bhóthar faoi réim agus de réir téarmaí an cheadúnais.

(4) Beidh feidhm ag alt 7 (3) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 , maidir le ceadúnas fartha bóthair srianta ionann agus dá mba cheadúnas é faoi alt 7 den Acht sin.

(5) Féadfaidh an tAire dá rogha féin táille a bhaint amach a mbeidh cibé méid inti a chinnfidh sé maidir le ceadúnas fartha bóthair srianta nó maidir le ceadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é.

Aisghairm.

9. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal.

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Tosach feidhme.

11. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Gearrtheideal agus forléiriú.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.