|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1971 | ||
[EN] |
AN BILLE UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1971 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL), 1965. [29 Meitheamh, 1971.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” an British & Irish Steam Packet Company Limited; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965. | |
[EN] |
An tAire Airgeadais do cheannach tuilleadh scaireanna sa Chuideachta. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais trí mhilliún gnáthscair ar a mhéid sa Chuideachta £1 an ceann a cheannach i dteannta na ngnáthscaireanna a cheannaigh sé faoin gcomhaontú dár tugadh formheas le halt 2 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Airgead a sholáthar as an bPríomh-Chiste le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht. |
3. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a bheidh air a íoc faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun na suimeanna sin a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (3) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus na caiteachais a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] |
An tAire Airgeadais do theachtadh scaireanna sa Chuideachta. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais scaireanna sa Chuideachta faoin Acht seo a gheobhaidh sé a theachtadh an fad is cuí leis agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, na scaireanna sin go léir nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar dhóigh eile. |
[EN] | (2) Íocfar isteach sa Státchíste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste fáltas glan an Aire Airgeadais ó scaireanna sa Chuideachta a dhíol. | |
[EN] |
Au tAire Airgeadais do ráthú go n-aisíocfar airgead a gheobhadh an Chuideachta ar iasacht. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus dóigh agus i cibé airgead (ar a n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim cibé airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht le ceadú an Aire nó go n-íocfar ús ar airgead den sórt sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar dhóigh gur mó ná £5,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta. | |
[EN] | (3) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Chuideachta don Aire Airgeadais, má iarrann sé é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúir) a shonrófar san iarratas chun a urrú don Aire Airgeadais go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a bheidh íoctha aige faoin ráthaíocht. | |
[EN] | (4) A luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas a inseoidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh in imeacht na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin— | |
[EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |
[EN] | (b) i gcás aon íocaíocht a dhéanamh ag an Aire Airgeadais roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a aisíocadh leis an Aire Airgeadais ar scór na híocaíochta, | |
[EN] | (c) an méid príomhshuime a bhí faoi bhrí na ráthaíochta agus a bhí amuigh i ndeireadh na bliana sin. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste. | |
[EN] | (6) I gcás an t-iomlán nó aon chuid d'airgead a cheanglaíonn fo-alt (5) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan aisíoc de réir an fho-ailt sin déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith na suime sin agus déanfaidh an Chuideachta an tsuim sin (mar aon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus beidh sí, mura n-aisíocfar í mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, inghnóthaithe mar fhiach gnáthchonartha in aon Chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (8) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchíste aon airgead a aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais nó a ghnóthóidh an tAire Airgeadais ón gCuideachta faoin alt seo. | |
[EN] | (9) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit— | |
[EN] | (a) na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-alt (1) den alt seo glacfar gur tagairtí iad do choibhéis in airgead reatha an Stáit na príomhshuime iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh an ráta mhalairte tráth na ráthaíochta a thabhairt faoi réir an choinníll go ndéanfar, má bhíonn airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile ar áireamh na n-airgead reatha ag a raibh, an tráth sin, parluachanna a bunaíodh faoi Airteagail an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta an ríomh de réir an ráta mhalairte a bheidh bunaithe ar na luachanna sin; | |
[EN] | (b) gach tagairt d'airgead atá i bhfo-alt (5) den alt seo glacfar gur tagairt í do chostas in airgead reatha an Stáit an airgid iarbhír. | |
[EN] |
Caiteachais an Aire. |
6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua |
7. —(1) Féadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 agus 1971, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |