Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

15 1971


Uimhir 15 de 1971


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (INRÁTAITHEACHT CHÍOSANNA) (CEALÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHEALÚ INRÁTAITHEACHT CHÍOSANNA ÁIRITHE AMHAIL AR AN 1ú LÁ d'AIBREÁN, 1971, AGUS UAIDH SIN AMACH, DO LEASÚ ALT 21 (3A) DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946 , AGUS CHUN NA CRÍCHE CÉADLUAITE DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE. [13 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Inrátaitheacht chíosanna áirithe a chealú.

1838, c.56.

1. —Ní bheidh aon duine a fhaigheann cíos i leith oidhreachtán atá díolmhaithe ó rátú faoi alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, faoi dhliteanas a rátaithe i leith an chíosa, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo agus alt 3 den Acht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1971.

Síneadh ar an tréimhse a luaitear in alt 21(3A) den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

1946, Uimh. 24 .

1960, Uimh. 38 .

2. —Déantar leis seo an tréimhse a luaitear in alt 21 (3A) den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960 ) a shíneadh bliain agus, dá réir sin, déanfar an tagairt san alt sin don tréimhse deich mbliana dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1960, a fhorléiriú mar thagairt don tréimhse aon bhliain déag dar tosach an lá sin.

Aisghairm.

3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Cosaint.

1946, Uimh. 24 .

4. —Gach rud a rinne údarás rátúcháin de réir brí an Achta Rialtais Áitiúil, 1946 , sular achtaíodh an tAcht seo agus in oirichill an tAcht seo a achtú, beidh aige agus measfar go raibh aige ariamh an bhailíocht agus an éifeacht (más ann) a bheadh aige dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm nuair a rinneadh an rud sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

5. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Inrátaitheacht Chíosanna) (Cealú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.

(3) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, a ghairm d'Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1965, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.

(4) Féadfar na hAchtanna Rialtais (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1967, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.

(5) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, a ghairm d'Achta Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1955, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.

(6) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971, a ghairm d'Achta Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 agus 1955, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.

(7) Faoi réir alt 1 (2) de seo, measfar gur tháinig an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1970.