An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN ÚDARÁIS UM ARD-OIDEACHAS, 1971)

22 1971

ACHT AN ÚDARÁIS UM ARD-OIDEACHAS, 1971

AN SCEIDEAL.

An tÚdarás um Ard-Oideachas.

1. Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige, agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. Is iad comhaltaí an Údaráis cathaoirleach and ocht ngnáthchomhalta dhéag ar a mhéid ar comhaltaí acadúla seachtar díobh ar a laghad agus ar comhaltaí seachas comhaltaí acadúla seachtar díobh ar a laghad.

3. (1) Is é an Rialtas ar mholadh an Aire a cheapfaidh cathaoirleach an Údaráis agus féadfaidh an Rialtas é a chur as oifig.

(2) Féadfaidh cathaoirleach an Údaráis éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

(3) Faoi réir forálacha an Sceidil seo, sealbhóidh cathaoirleach an Údaráis a oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an Rialtas.

4. (1) Ceapfaidh an Rialtas gnáth-chomhalta den Údarás ar mholadh an Aire agus, sula ndéanfaidh sé moladh, rachaidh an tAire i gcomhairle faoin moladh le cathaoirleach an Údaráis.

(2) Go ceann tréimhse cúig bhliana a cheapfar gnáth-chomhalta den Údarás agus féadfar a cheapadh a athnuachan go ceann téarma cúig bliana eile, ach tar éis dó a bheith deich mbliana in oifig ní bheidh sé cáilithe chun go ndéanfar a cheapadh a athnuachan nó go mbeidh dhá bhliain eile caite.

5. Ceapfaidh an tÚdarás duine dá ghnáth-chomhaltaí chun bheith ina leas-chathaoirleach. Ní faide ná dhá bhliain a bheidh téarma an cheaptha agus ní fhéadfar an ceapadh a athnuachan. Má scoireann an duine a cheapfar, aon tráth in imeacht an téarma sin de bheith ina chomhalta den Údarás, scoirfidh sé freisin an tráth sin de bheith ina leas-chathaoirleach.

6. (1) Féadfaidh an Rialtas, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach an Údaráis, gnáth-chomhalta den Údarás a chur as oifig.

(2) Féadfaidh gnáth-chomhalta den Údarás éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

7. I gcás ina n-ainmneofar comhalta den Údarás le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.

8. Aon duine atá de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Údarás.

9. Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú, agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla breith air príosúnacht nó pianseirbhís a fhulaingt nó má scoireann sé de ghnáth-chónaí a bheith air sa Stát.

10. I gcás ina slánóidh comhalta den Údarás seachtó bliain d'aois, scoirfidh sé air sin d'oifig a shealbhú.

11. Íocfaidh an tÚdarás le comhalta den Údarás—

(a) cibé liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais,

(b) cibé suimeanna i leith caiteachas a mheasfaidh an tÚdarás a bheith réasúnach.

12. Beidh vóta ag cathaoirleach an Údarás agus ag gach gnáthchomhalta den Údarás ag cruinniú den Údarás.

13. (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Socróidh an tAire dáta, tráth agus ionad chéad-chruinniú an Údaráis.

14. Seisear comhaltaí an córam do chruinniú den Údarás.

15. Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é cathaoirleach an Údaráis a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an Údaráis as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, is é an leascathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair,

(c) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an Údaráis as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh agus nach mbeidh an leas-chathaoirleach i láthair nó go mbeidh oifig an leaschathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú le bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

16. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Údarás a mbeidh easaontas maidir léi idir na comhaltaí a bheidh i láthair a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

17. Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

18. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an tÚdarás, trí bhuan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó.

19. (1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó feín a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú comhalta den Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás, agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an Sceidil seo) an Údaráis agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

20. (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé, san fhoirm sin a dúradh, na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire, as a chonlán féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais, ó am go ham.

(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

21. (1) Tabharfaidh an tÚdarás, i ndeireadh gach cúig bliana comhleanúnacha nó cibé tráth nó tráthanna eile a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo i gcaitheamh na gcúig bliana comhleanúnacha roimhe sin nó i gcaitheamh cibé tréimhse eile a cheapfaidh an tAire.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna d'aon tuarascáil den sórt sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Tabharfaidh an tÚdarás don Aire cibé eolas i dtaobh comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis a iarrfaidh sé ó am go ham.

22. Ceapfaidh an tÚdarás duine dá oifigigh chun bheith ina Rúnaí don Údarás.

23. Féadfaidh an tÚdarás cibé feidhmeanna dá chuid is cuí leis a fheidhmiú trí nó ag aon oifigigh nó seirbhísigh dá chuid a bheidh údaraithe go cuí chuige sin.