An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Airgead Reatha) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

24 1971

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1971

CUID V

Ilghnéitheach

Cumhachtaí agus feidhmeanna breise de chuid an Bhainc.

47. —Is dleathach don Bhanc chun críocha nó trí mheán an chiste ghinearálta, i dteannta na bhfeidhmeanna sin a fheidhmiú agus a chomhlíonadh a shanntar go sonrach dó leis na hAchtanna Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, cumhachtaí agus feidhmeanna a fheidhmiú agus a chomhlíonadh de chineál is féidir, de réir gnáth-chleachtais bhaincéireachta, le bancanna agus baincéirí a fheidhmiú.

Bannaí Cúlchiste Bainc Ceannais.

48. —(1) Féadfaidh an Banc urrúis (ar a dtabharfar Bannaí Cúlchiste Banc Ceannais agus dá ngairtear bannaí san alt seo) a eisiúint trí na hurrúis ciste ghinearálta ina ainm féin mar mhalairt ar cibé airgead reatha nó airgid reatha a shonróidh an Banc.

(2) Beidh eisiúint, teachtadh agus díol aon bhannaí faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Banc an tráth a eiseofar na bannaí sin, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha do shocrú praghais eisiúna na mbannaí, an ráta úis a íocfar orthu, na dátaí a íocfar ús orthu agus an dáta a aibeoidh na bannaí.

(3) Ní eiseoidh an Banc bannaí chuig aon duine seachas sealbhóir ceadúnais.

(4) Clarófar bannaí sa Bhanc.

(5) Féadfaidh sealbhóir bannaí iad a aistriú chuig aon sealbhóir eile ceadúnais ach ní aistreoidh sé iad chuig aon duine eile.

(6) Féadfaidh an Banc bannaí a cheannach ó shealbhóir na mbannaí sin agus cealóidh sé aon bhannaí a cheannóidh sé.

(7) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar bhannaí a eisiúint, a shannadh, a iomairliú nó a fhuascailt.

Cuntas an Státchiste a aistriú chun an Bhainc.

1866, c. 39.

49. —(1) Aistreofar chun an Bhainc Cuntas an Státchiste atá i mBanc na hÉireann agus, dá réir sin, forléireofar mar thagairtí don Bhanc na tagairtí do Bhanc na hÉireann atá in ailt 10, 11, 13 agus 15 den Exchequer and Audit Departments Act, 1866.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoin alt seo.

Cláir de bhannaí talún a aistriú chun an Bhainc.

50. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó in aon ordú faoi na hAchtanna sin, aistreofar chun an Bhainc na cláir de bhannaí Talún atá á gcoimeád ag Banc na hÉireann.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoin alt seo.

Forálacha a bhaineann le Banc na hÉireann.

1929, Uimh. 4 (Príobháideach).

51. —(1) Ní oibreoidh aon ní sa Chairt, in Achtanna an Bhainc nó in Acht 1929—

(a) chun cúirt ghinearálta a chosc, ó am go ham, ó dhéanamh mar leanas le rún—

(i) cuspóirí Bhanc na hÉireann a athrú trí aon chuspóir láithreach a thréigean, a shrianadh nó a leasú nó cuspóir nua a ghlacadh chuici, nó

(ii) cibé socrú is oiriúnach léi a dhéanamh maidir le bainistí cúrsaí nó seoladh gnó Bhanc na hÉireann (lena n-áirítear, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, socrú a bhainfidh le Stiúrthóirí (lena n-áirítear Rialtóir agus Leas-Rialtóir Bhanc na hÉireann) Bhanc na hÉireann nó le cúirteanna ginearálta nó imeachtaí nó vótáil sa chéanna), nó

(b) chun Banc na hÉireann a chosc ó bheith ag gabháil d'aon ghnó, nó ó bheith ag seoladh aon ghnó, a shonraítear in aon rún den sórt sin agus ó aon ní a dhéanamh atá comhghabhálach nó coimhdeach le haon ghnó den sórt sin.

(2) Má dhéantar aon iarratas chun na Cúirte de réir an ailt seo á iarraidh go neamhneofar rún faoi fho-alt (1) den alt seo (dá ngairtear rún sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo), ní bheidh éifeacht aige ach amháin an mhéid a dhaingneoidh an Chúirt é.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh sealbhóirí chuid nach 1ú san iomlán na 15 faoin gcéad de luach ainmniúil stoic chaipitil eisithe agus aon scair-chaipitil eisithe de chuid Bhanc na hÉireann iarratas a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Ní dhéanfaidh aon duine a mbeidh toilithe aige le rún nó a mbeidh vótáilte aige ar son rúin aon iarratas faoin alt seo maidir leis an rún.

(5) Déanfar iarratas faoin alt seo laistigh de 21 lá tar éis an dáta a ritheadh an rún agus féadfar é a dhéanamh thar cheann na ndaoine a bheidh i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad i scríbhinn chuige sin.

(6) Ar iarratas a bheith déanta faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh do neamhniú an rúin nó do dhaingniú an rúin go hiomlán nó go páirteach agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach léi, agus féadfaidh sí, más oiriúnach léi, na himeachtaí a chur ar atráth ionas go bhféadfar comhshocraíocht a dhéanamh chun sástacht na Cúirte chun leasanna comhaltaí neamhaontacha Bhanc na hÉireann a cheannach, agus féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh is dóigh léi a bheith foirsteanach chun aon chomhshocraíocht den sórt sin a urasú nó a chur in éifeacht ar shlí, ámh, nach gcaithfear aon chuid de chaipiteal Bhanc na hÉireann ag déanamh aon cheannach den sórt sin.

(7) I gcás ina rithfear rún—

(a) mura ndéanfar aon iarratas maidir leis faoin alt seo, déanfaidh Banc na hÉireann, laistigh de 15 lá ó dheireadh na tréimhse chun iarratas den sórt sin a dhéanamh, cóip chlóbhuailte den rún a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí, de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ; agus

(b) má dhéantar iarratas den sórt sin, déanfaidh Banc na hÉireann—

(i) fógra ar an bhfíoras sin a thabhairt láithreach don chláraitheoir; agus

(ii) laistigh de 15 lá ó dháta aon ordaithe do neamhniú nó do dhaingniú an rúin, cóip oifige den ordú agus, i gcás ordú do dhaingniú an rúin, cóip chlóbhuailte den rún a sheachadadh don chláraitheoir.

Féadfaidh an Chúirt aon tráth le hordú an t-am chun doiciméid a sheachadadh don chláraitheoir faoi mhír (b) den fho-alt seo a shíneadh go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt.

(8) Má mhainíonn Banc na hÉireann fógra a thabhairt nó aon doiciméad a sheachadadh don chláraitheoir mar a cheanglaítear le fo-alt (7) den alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur ar Bhanc na hÉireann agus ar gach oifigeach do Bhanc na hÉireann a mbeidh an mhainneachtain san déanta aige.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1929” Acht Bhanc na hÉireann, 1929 ,

tá le “Achtanna an Bhainc”, “an Chairt”, agus le “cúirt ghinearálta” na bríonna céanna faoi seach atá leo in Acht 1929.

Leasú ar Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 agus 1933.

1900, c. 51.

52. —(1) Ní bheidh feidhm ag Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 agus 1933, maidir le sealbhóir ceadúnais ná le banc taisce iontaobhais atá cláraithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965.

(2) Leasaítear leis seo alt 6(d) den Moneylenders Act, 1900, trí “banking or” a scriosadh.

Stiúrthóirí an Bhainc.

53. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1942—

(a) trí “beirt” a chur in ionad “triúr” i bhfo-alt (3) (b), agus

(b) trí “seisear” a chur in ionad “cúigear” i bhfo-alt (3) (c).

(2) Ceapfar na Stiúrthóirí baincéireachta, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Rialtóir, as i measc daoine a shealbhaíonn oifig mar stiúrthóirí Bainc Chomhlachais.

(3) Má scoireann agus aon uair a scoirfidh Stiúrthóir baincéireachta d'oifig a shealbhú mar stiúrthóir ar Bhanc Comhlachais tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, láithreach, dícháilithe chun oifig Stiúrthóra baincéireachta a shealbhú.

(4) (a) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an chéad lá (nach luaithe ná an lá a cheapfar faoi alt 1 (3) den Acht seo) a scoirfidh Stiúrthóir baincéireachta den oifig sin a shealbhú.

(b) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo maidir le duine a shealbhaíonn oifig mar Stiúrthóir baincéireachta an lá a cheapfar faoin alt sin 1 (3) i rith an téarma oifige dar ceapadh amhlaidh é.

Aoisliúntás.

1961, Uimh. 8 .

54. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 3 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1961 , féadfaidh leasú faoin Acht sin ar an scéim a rinneadh de bhun alt 33 (1) (c) d'Acht 1942 a fhoráil go bhféadfar dámhachtain a dhéanamh do dhuine, nó maidir le duine, a bheidh faoi bhun seasca bliain d'aois nuair a scoirfidh sé d'oifig mar Rialtóir a shealbhú ar chúiseanna seachas bás, éiglíocht mheabhrach nó choirp nó deireadh a chur le hoifig, má bhíonn téarma amháin curtha isteach aige mar Rialtóir.

(2) Féadfaidh an Banc ó am go ham, le ceadú an Aire, scéim a dhéanamh do leasú scéime faoi alt 31 (4) d'Acht 1927 nó faoi alt 33 (1) (c) d'Acht 1942 nó scéime faoin bhfo-alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh socrú a bheith i scéim faoin bhfo-alt seo chun sochair aoisliúntais (lena n-áirítear pinsin, liúntais agus aiscí) a dheonú do bhaintreacha agus do leanaí daoine lena mbaineann na scéimeanna sin agus chun na daoine lena mbaineann na scéimeanna sin d'íoc ranníocaí i leith na sochar sin.

(3) Leagfar gach scéim faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Taiscí faoi Acht 1942 a thabhairt ar ais.

55. —Ar alt 42 d'Acht 1942 a chúlghairm, tabharfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithnúnais ar ais, a luaithe is féidir, d'aon duine a choimeád taisce lóisteáilte sa Chúirt de bhun an ailt sin díreach roimh an gcúlghairm sin an taisce agus aon ús nó ioncam a bheidh faibhrithe chun bheidh dlite i leith an taisce sin.

Leasú ar an Bankers' Books Evidence Act, 1879.

1959, Uimh. 21 .

56. —Leasaítear leis seo alt 9 (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959 ) den Bankers' Books Evidence Act, 1879, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) A certificate which—

(a) purports to be signed by an officer of the Bank, and

(b) certifies that a licence was granted under section 9 of the Central Bank Act, 1971, to a specified person.

shall be prima facie evidence of the licence for the purposes of this Act, and it shall not be necessary to prove the signature of the officer or that he was in fact an officer of the Bank.”

Leasú ar alt 14 den Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970 .

1970, Uimh. 21 .

1927, Uimh. 32 .

57. —Leasaítear leis seo alt 14 den Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1);

“(1) Gan dochar d'alt 2 den Acht seo, forléireofar alt 10 den Acht Airgid Reatha, 1927 , mar alt a leanann de chead conarthaí, díolacháin, billí, nótaí, ionstraimí agus urrúis ar airgead agus gach uile shórt idirbheart, déileáil, ábhar, agus ní a bhaineann le hairgead nó a bhaineann le haon hairgead a íoc nó le dliteanas aon airgead a íoc, a dhéanamh, a fhorghníomhú nó a shealbhú de réir an tsean-airgid reatha, an airgid reatha nua nó airgid reatha stáit nó tíre éigin seachas an Stát, faoi réir an choinníll go mbeidh feidhm ag alt 13 den Acht seo a maidir le haon suim sa seanairgead reatha nach slánuimhir punt agus atá dlite nó a bheidh dlite le híoc an lá ceaptha nó dá éis.”

Cionta agus pionóis.

58. —(1) Aon duine a sháróidh alt 7, 14, 17, 18 nó 27 den Acht seo agus aon sealbhóir ceadúnais—

(a) a sháróidh alt 19, 20, 26, 31 nó 33 den Acht seo,

(b) a sháróidh coinníoll a bheidh ag gabháil le ceadúnas,

(c) a mhainneoidh déanamh de réir treorach faoi alt 21 nó 22 den Acht seo, nó de réir foriarratais faoi alt 25 den Acht seo,

(d) a sháróidh rialacháin faoi alt 24 nó 25 den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, nó

(ii) ar é chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air,

agus, má leantar tar éis an chiontaithe den sárú nó den mhainneachtain arb ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air in aghaidh gach lae ar leanadh amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain.

(2) I gcás alt 14 (2) den Acht seo a shárú maidir le scéim iontaobhais aonad, measfar an bainisteoir faoin scéim do shárú alt 14 den Acht seo.

An Banc d'ionchúiseamh cionta.

59. —Féadfaidh an Banc cion faoin Acht seo a bheidh á thriail go hachomair a ionchúiseamh.

Cionta maidir le comhlachtaí áirithe.

60. —I gcás cion a dhéanamh faoin Acht seo ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, comhalta d'aon choiste bainistí nó d'údarás rialála eile de chuid an chomhlachta sin nó ar thaobh aon oifigigh don chomhlacht sin beidh an duine sin, freisin, ciontach sa chion.