Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

37 1971


Uimhir 37 de 1971


AN tACHT LEITHREASA, 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [27 Nollaig, 1971]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótaladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £535,730,450, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim cúig chéad tríocha is cúig mhilliún, seacht gcéad is tríocha míle, ceithre chéad is caoga punt agus atá comhdhéanta den tsuim tríocha is ceithre mhilliún, ocht gcéad daichead is ocht míle, ceithre chéad is caoga punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1971, agus den tsuim cúig chéad milliún, ocht gcéad ochtó is dhá mhíle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1972, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim tríocha is seacht milliún, nócha is seacht míle, naoi gcéad caoga agus dhá phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-igcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1971 , a ghairm den Acht seo.