2 1972


Uimhir 2 de 1972


ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON RIALTAS CÉIMEANNA AN GHARDA SÍOCHÁNA AGUS AN LÍON UASTA COMHALTAÍ DEN GHARDA SÍOCHÁNA DE GACH CÉIM A CHINNEADH. [29 Feabhra, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Rialtas do chinneadh céimeanna an Gharda Síochána agus an líon uasta daoine de gach céim.

1. —(1) Beidh comhaltaí an Gharda Síochána arna roinnt i cibé céimeanna a chinnfidh an Rialtas ó am go ham le hordú.

(2) Is é líon comhaltaí gach céime den Gharda Síochána an líon sin ar a mhéid de chomhaltaí den Gharda Síochána a chinnfidh an Rialtas ó am go ham le hordú.

(3) Déanfar gach ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Aisghairm.

1925, Uimh. 7 .

2. —Déantar leis seo na focail “agus beidh sé có-dhéanta de pé oifigigh agus fir a shocróidh an Ard-Chomhairle ó am go ham ach gan iad do bheith níos líonmhaire ná méideanna iomlána na n-oifigeach agus na bhfear fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so” in alt 5 (2) d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 , agus alt 10 (1) den Acht sin agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a aisghairm amhail ar dháta, agus ó dháta, an chéad ordaithe faoi alt 1 den Acht seo a dhéanamh.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar Acht an Gharda Síochána, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1972, a ghairm d'Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1962, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1962, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.