|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1972 | ||
[EN] |
ACHT NA bPRÍOSÚN, 1972 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPRÍOSÚN, 1826 GO 1970. [25 Bealtaine, 1972] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt. |
[EN] |
Aistriú go coimeád míleata. 1960, Uimh, 27. |
2. —(1) Leanfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Bhealtaine, 1974. |
[EN] | (2) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh go mbeidh Dáil Éireann sásta gur chóir don alt seo scor de bheith i ngníomh féadfaidh sí, trí rún, a dhearbhú go bhfuil sí sásta mar a dúradh agus lá a cheapadh ar a scoirfidh an t-alt seo de bheith i ngníomh, agus ar an lá a cheapfar amhlaidh scoirfidh an t-alt seo de bheith i ngníomh. | |
[EN] | (3) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh, le linn don alt seo a bheith i ngníomh, gur dóigh leis an Aire nach leor cóiríocht phríosúin nó foireann phríosúin chun dálaí slána réasúnacha coimeádta a chur ar fáil do na daoine go léir a bheidh an tráth sin faoi choimeád i bpríosún nó a mbeidh cóiríocht phríosúin ag teastáil dóibh nó nach leor an céanna chun na dálaí sin a chur ar fáil gan mórdhochar do na gnáthshocruithe a chothabháil i bpríosún le haghaidh cóireála athinmheachain agus leasa príosúnach féadfaidh sé, i scríbhinn— | |
[EN] | (a) a dheimhniú gur dóigh leis amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) a ordú go n-aistreofar go coimeád míleata cibé cuid de na daoine a dúradh a shonróidh sé, | |
[EN] | agus air sin déanfar na daoine a shonrófar amhlaidh a aistriú go coimeád míleata agus fanfaidh siad sa choimeád sin— | |
[EN] | (i) i gcás daoine a bheidh ar athchur, go dtí go dtabharfar iad os comhair na cúirte ar chuici a rinneadh iad a athchur, | |
[EN] | (ii) i gcás daoine a bheidh curtha ar aghaidh chun trialach nó pianbhreithe, go dtí go dtabharfar iad os comhair na cúirte ar chuici a cuireadh ar aghaidh iad agus go mbeidh na himeachtaí maidir leis an triail nó leis an bpianbhreith críochnaithe, agus | |
[EN] | (iii) in aon chás eile, go dtí go mbeidh deireadh lena bpianbhreitheanna nó lena dtréimhsí eile coimeádta. | |
[EN] | (4) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh, le linn don alt seo a bheith i ngníomh, go mbeidh duine faoi choimeád míleata de bhun an ailt seo is duine a bheidh ar athchur nó a bheidh curtha ar aghaidh chun trialach nó pianbhreithe, déanfaidh cúirt a athchuirfidh tuilleadh é faoi choimeád nó déanfaidh cúirt a chuirfidh ar aghaidh é faoi choimeád chun trialach nó pianbhreithe nó déanfaidh cúirt a chuirfidh de phianbhreith air é a choinneáil faoi choimeád i bpríosún é a chimiú faoi choimeád míleata i gcaitheamh tréimhse an athchuir, an churtha ar aghaidh nó na pianbhreithe sin. | |
[EN] | (5) (a) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a ordú go n-aistreofar go príosún duine a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo, agus | |
[EN] | (b) ordóidh an tAire go n-aistreofar go príosún gach duine a bheidh i gcoimeád míleata mar a dúradh más dóigh leis nach ann a thuilleadh do na himthosca a thug iad a bheith á gcoinneáil i gcoimeád míleata, | |
[EN] | agus, má thugtar ordú faoin bhfo-alt seo, déanfar air sin aon duine lena mbaineann a aistriú go príosún. | |
[EN] | (6) I gcás ina dtabharfar ordú faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir ráiteas ina sonrófar gur tugadh sin mar aon le hainmneacha, cionta (nó na cionta inar cúisíodh iad) agus, i gcás inar iomchuí sin, pianbhreitheanna na ndaoine lena mbaineann. | |
[EN] | (7) Duine ar bith a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo ní leanfaidh sé de bheith á choinneáil i gcoimeád míleata ar an alt seo do scor de bheith i ngníomh. | |
[EN] | (8) Beidh feidhm ag Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, maidir le háiteanna ina mbeidh daoine á gcoinneáil i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm aige maidir le príosúin, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí don Aire san Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don Aire Cosanta. | |
[EN] | (9) Déanfaidh an tAire Cosanta rialacháin maidir leis na háiteanna agus leis an modh go ginearálta ina ndéanfar daoine a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo a choinneáil i gcoimeád agus beidh na rialacháin sin ar comhréir leis na rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, do rialú cóireáil, fostú agus rialáil daoine i bpríosún. | |
[EN] | (10) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun cosc a chur le duine a scaoileadh amach ar bhannaí. | |
[EN] | (11) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin. | |
[EN] | (12) San alt seo folaíonn “priosún” Foras Naomh Pádraig (de réir brí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960 ). | |
[EN] |
Príosúin a shonrú. |
3. —Féadfaidh an tAire ó am go ham áit nó áiteanna a shonrú le húsáid mar phríosún nó mar phríosúin agus beidh gach áit a shonrófar amhlaidh ina phríosún lena mbaineann Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
4. —(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1972 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na bPríosún, 1826 go 1972, a ghairm d'Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon ní amháin. |