Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL An Coimisiún Cleachtas Srianta)

11 1972


Uimhir 11 de 1972


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ AGUS DO LEASÚ NA nACHTANNA UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 AGUS 1959. [20 Meitheamh, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1953, Uimh. 14 .

1959, Uimh. 37 .

1971, Uimh. 24 .

1932, Uimh. 2 .

1933, Uimh. 8 .

1946, Uimh. 9 .

1913, c. 31.

1941, Uimh. 32.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Leasú), 1959 ;

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Cleachtas Srianta a bhunaítear le halt 2;

ciallaíonn “rialacha cóir-chleachtais” rialacha faoi alt 4;

tá le “an Scrúdaitheoir” an bhrí a shanntar dó le halt 13;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

folaíonn “seirbhís” aon seirbhís ghairmiúil ach ní fholaíonn sé—

(a) aon seirbhís arna soláthar faoi chonradh fostaíochta,

(b) aon seirbhís is gnó baincéireachta de réir brí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

(c) soláthar leictreachais,

(d) aon seirbhís iompair arna soláthar nó arna hoibriú ag Córas Iompair Éireann,

(e) aon aersheirbhís nó seirbhís atá ag foghabháil léi,

(f) aon seirbhís iompair arna soláthar ag sealbhóir ceadúnais faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , nó faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ,

(g) aon seirbhís loingseoireachta nó aon seirbhís arna soláthar ag údarás cuain de réir brí an Acht Cuanta, 1946 , nó ag údarás píolótaíochta arna bhunú faoin Pilotage Act, 1913,

(h) aon seirbhís arna soláthar ag údarás áitiúil de réir brí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .

(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt atá san Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá ar intinn.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do roinn eile, is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don roinn eile den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá ar intinn.

An Coimisiún Cleachtas Srianta.

2. —(1) D'ainneoin na haisghairme a dhéantar le halt 26, leanfaidh an Coimisiún Cóir-Thrádála ar marthain ach ó dháta an Achta seo a rith is é a ghairfear de an Coimisiún Cleachtas Srianta agus is é a thabharfar air san Acht seo an Coimisiún.

(2) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal maidir leis an gCoimisiún.

(3) (a) Aon fhiosrúchán ag an gCoimisiún Cóir-Thrádála faoi Acht 1953 nó Acht 1959 a bheidh críochnaithe roimh dháta an Achta seo a rith measfar gur fiosrúchán é ag an gCoimisiún Cleachtas Srianta faoi alt 5.

(b) Aon fhiosrúchán ag an gCoimisiún Cóir-Thrádála faoi Acht 1953 nó Acht 1959 nach mbeidh críochnaithe ar dháta an Achta seo a rith measfar gur fiosrúchán é ag an gCoimisiún Cleachtas Srianta faoi alt 5.

Cleachtais neamhchóra.

3. —Ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh faoin Acht seo tabharfaidh an Coimisiún agus an Scrúdaitheoir aird ar na cleachtais neamhchóra atá sa liosta sa Tríú Sceideal.

Rialacha cóir-chleachtais.

4. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, ar mholadh an Scrúdaitheora nó ar iarratas ó chomhlachas a bheidh ionadaitheach do dhaoine a bhíonn ag gabháil do sholáthar agus d'imdháil earraí nó do sholáthar seirbhísí, rialacha a ullmhú agus a fhoilsiú a dhéanann, dar leis an gCoimisiún, léiriú ar dhálaí cóir-thrádála maidir le soláthar agus imdháil na n-earraí sin nó le soláthar na seirbhísí sin.

(2) Sula ndéanfaidh an Coimisiún rialacha cóir-chleachtais cuirfidh siad faoi deara go bhfoilseofar i cibé slí is cuí leo fógra á rá go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh agus tabharfaidh siad do dhuine ar bith a dteastóidh uaidh uiríolla a dhéanamh maidir le déanamh na rialacha a bheartófar caoi chuige sin, agus sonrófar san fhógra an t-am agus an tslí ina bhféadfar aon uiríolla a dhéanamh.

Fiosrúcháin ag an gCoimisiún.

5. —(1) (a) Ar mholadh an Scrúdaitheora nó ar iarratas ón Aire arna tharchur ag an Scrúdaitheoir déanfaidh an Coimisiún agus, ar iarratas ó aon duine ar dhiúltaigh an Scrúdaitheoir d'iarratas uaidh féadfaidh an Coimisiún, a chur faoi deara go gcuirfear fiosrúchán ar bun—

(i) i dtaobh na ndálaí atá ann maidir le soláthar agus imdháil aon chineál earraí nó maidir le gné amháin nó níos mó de sholáthar agus d'imdháil cineál nó cineálacha earraí,

(ii) i dtaobh na ndálaí atá ann maidir le soláthar aon seirbhíse áirithe nó maidir le gné amháin nó níos mó de sholáthar cineál nó cineálacha seirbhíse, nó

(iii) i dtaobh gné amháin nó níos mó d'oibriú ordaithe faoi alt 8.

(b) Féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó aon duine áirithe, arna dhéanamh tar éis foilsiú fógra faoi alt 10 (4) á rá go bhfuil ar intinn léirbhreithniú speisialta a dhéanamh, an léirbhreithniú speisialta a dhéanamh trí bhíthin fiosrúcháin, ach i gcás ina gcinnfidh siad gan an léirbhreithniú speisialta a dhéanamh trí bhíthin fiosrúcháin, cuirfidh siad na cúiseanna lena gcinneadh in iúl don duine a rinne an t-iarratas.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), féadfar fiosrúchán a dhéanamh ag duine amháin nó níos mó de chomhaltaí an Choimisiúin ar a gcuirfidh an Coimisiún sin de chúram.

(3) Ní dhéanfaidh comhalta sealadach, ag gníomhú ina aonar, fiosrúchán gan toiliú an Aire.

(4) Ní cead thar chomhalta sealadach amháin gníomhú chun críche aon fhiosrúcháin áirithe.

(5) Is go poiblí a dhéanfar fiosrúchán ach amháin sa mhéid gur dóigh leis an gcomhalta nó leis na comhaltaí a bheidh á dhéanamh gur gá suíonna príobháideacha d'aon toisc chun fíorais a bhunú a ndéanfadh sé díobháil ábhartha do leasanna dlisteanacha duine ar bith iad a nochtadh go poiblí.

(6) Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar gach fiosrúchán faoi bhráid an Aire.

(7) I gcás an Coimisiún d'fháil iarratais ó dhuine ar bith (is duine a mbeidh an Scrúdaitheoir tar éis diúltú d'iarratas uaidh ar fhiosrúchán) á iarraidh orthu fiosrúchán a dhéanamh, agus go gcinnfidh siad gan an fiosrúchán a dhéanamh, cuirfidh siad na cúiseanna lena gcinneadh in iúl don duine sin.

Fógra faoi fhiosrúcháin agus tuarascálacha an Scrúdaitheora.

6. —(1) Tabharfaidh an Coimisiún cibé fógra is cuí leo faoi chinneadh chun fiosrúchán a dhéanamh.

(2) Beidh i bhfógra faoin alt seo ráiteas go ndearna an Scrúdaitheoir tuarascáil ar ábhair is iomchuí don fhiosrúchán beartaithe a thabhairt don Choimisiún faoi alt 16 agus go bhféadfaidh duine leasmhar cóip den tuarascáil a fháil ón gCoimisiún ar é dá hiarraidh.

(3) Faoi réir fho-alt (4), tabharfaidh an Coimisiún cóip de thuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) do dhuine leasmhar a iarrfaidh í.

(4) Ní bheidh i gcóip de thuarascáil a thabharfar faoi fho-alt (3) aon eolas faoi rún ar fhíoras ar eolas é is dóigh leis an gCoimisiún a dhéanfadh díobháil ábhartha do leasanna dlisteanacha aon duine más rud é nach rud riachtanach do thuiscint iomlán na tuarascála an t-eolas sin.

(5) Beidh tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) inghlactha i bhfianaise i bhfiosrúchán faoi alt 5.

Tuarascáil faoi fhiosrúchán.

7. —In aon tuarascáil a dhéanfaidh an Coimisiún faoi alt 5 (seachas tuarascáil ar fhiosrúchán faoi alt 5 (1) (b))—

(a) tabharfar tuairisc ar na dálaí atá ann maidir le soláthar nó imdháil na n-earraí lena mbaineann nó maidir le soláthar na seirbhísí lena mbaineann, sa mhéid go dtagann na dálaí sin faoi raon an fhiosrúcháin lena mbaineann an tuarascáil,

(b) déarfar an bhfuil (agus má tá, conas atá) i gceist in aon cheann de na dálaí sin cleachtais srianta lena n-áirítear comhshocraíochtaí, comhaontuithe nó comhthuiscintí a choisceann nó a shrianann iomaíocht nó a choinníonn siar trádáil nó soláthar aon seirbhíse nó a bhfuil i gceist iontu praghas athdhíola a chothabháil,

(c) déarfar an bhfuil, i dtuairim an Choimisiúin, aon chur isteach ar iomaíocht nó trádáil nó ar sholáthar seirbhísí mar a luaitear i mír (b) thuas neamhchóir nó ag oibriú in aghaidh leas an phobail,

(d) déarfar an bhfuil i gceist in aon cheann de na dálaí sin, i dtuairim an Choimisiúin, cleachtais (lena n-áirítear comhshocraíochtaí, comhaontuithe nó comhthuiscintí) nó modhanna iomaíochta (cibé acu a bhaineann siad le praghas nó nach mbaineann) atá neamhchóir nó ag oibriú in aghaidh leas an phobail,

(e) tabharfar na cúiseanna leis na tátail a bheidh luaite sa tuarascáil, agus

(f) déarfar an é tuairim an Choimisiúin gur chóir don Aire ordú a dhéanamh faoi alt 8 agus luafaidh siad foirm an ordaithe a bheidh á mholadh acu.

Orduithe maidir le cleachtais srianta, etc.

8. —(1) Tar éis tuarascáil ón gCoimisiún faoi alt 5 (seachas tuarascáil ar fhiosrúchán faoi alt 5 (1) (b)) a bhreithniú dó féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur gá sin ar mhaithe le leas an phobail agus tar éis dó dul i gcomhairle le haon Aire eile lena mbaineann, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, le hordú, maidir le haon earraí nó seirbhísí lena mbaineann an tuarascáil—

(a) cosc a chur le cleachtais srianta, lena n-áirítear comhshocraíochtaí, comhaontuithe nó comhthuiscintí a choisceann nó a shrianann iomaíocht nó a choinníonn siar trádáil nó soláthar aon seirbhíse nó a bhfuil i gceist iontu praghas athdhíola a chothabháil;

(b) cosc a chur le cleachtais neamhchóra nó le modhanna neamhchóra iomaíochta (cibé acu a bhaineann siad le praghas nó nach mbaineann);

(c) cibé foráil a dhéanamh a mheasann an tAire is gá chun cothrom a áirithiú do gach duine maidir le soláthar nó imdháil earraí nó le soláthar seirbhísí;

(d) cibé foráil eile is cuí leis a dhéanamh maidir le cleachtais srianta nó cleachtais neamhchóra nó modhanna neamhchóra iomaíochta (cibé acu a bhaineann siad le praghas no nach mbaineann) i dtaobh soláthar agus imdháil earraí nó soláthar seirbhísí.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Ní bheidh éifeacht ag ordú faoin alt seo mura mbeidh sé daingnithe le hAcht ón Oireachtas ach, ar é a bheith daingnithe amhlaidh, beidh feidhm dlí aige de réir a théarmaí.

(4) Má mholann an Coimisiún, i dtuarascáil chun an Aire, go ndéanfaí ordú agus go gcinnfidh an tAire gan aon ordú a dhéanamh, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis dó an tuarascáil a fháil, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar na cúiseanna lena chinneadh.

Fiosrúcháin i dtaobh diúltú ábhair nó modhanna áirithe a úsáid chun críocha áirithe.

9. —(1) Aon uair a iarrfaidh an tAire orthu sin a dhéanamh cuirfidh an Coimisiún faoi deara go ndéanfar fiosrúchán i dtaobh diúltú nó diúltú líomhnaithe ag fostóirí nó fostaithe (nó ag aon chuallaíocht d'fhostóirí nó d'fhostaithe nó d'fhostóirí agus d'fhostaithe) ábhair áirithe nó modhanna áirithe a úsáid chun críocha monaraíochta nó déanmhais.

(2) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (6) d'alt 5, agus ag mír 8 den Chéad Sceideal, maidir le fiosrúchán faoin alt seo.

Léirbhreithniú speisialta ar ordú faoi alt 8.

10. —(1) Ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire arna tharchur ag an Scrúdaitheoir, déanfaidh an Coimisiún léirbhreithniú speisialta ar oibriú ordaithe faoi alt 8.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó dhuine a mbeidh an Scrúdaitheoir tar éis iarratas uaidh ar léirbhreithniú speisialta a dhiúltú, léirbhreithniú speisialta a dhéanamh ar oibriú ordaithe faoi alt 8.

(3) Féadfaidh baint a bheith ag léirbhreithniú speisialta le hoibriú ordaithe go hiomlán nó le gnéithe áirithe d'oibriú ordaithe.

(4) Cuirfidh an Coimisiún faoi deara go bhfoilseofar i cibé slí is oiriúnach leo fógra go bhfuil ar intinn acu léirbhreithniú speisialta a dhéanamh agus tabharfaidh siad caoi d'aon duine ar mian leis aighneachtaí a chur faoina mbráid maidir le hábhar an léirbhreithnithe déanamh amhlaidh agus sonrófar san fhógra an t-am agus an tslí chun aighneachtaí a dhéanamh.

(5) Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an Aire tuarascáil ar gach léirbhreithniú speisialta agus luafar sa tuarascáil cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon iarratas chun an Choimisiúin faoi alt 5 (1) (b) agus, má rinneadh, na fáthanna gur chinn siad gan géilleadh don iarratas.

(6) Más é tuairim an Choimisiúin gur cheart don Aire an t-ordú is ábhar do léirbhreithniú speisialta a leasú, déanfaidh siad moladh dá réir sin ina dtuarascáil ar an léirbhreithniú agus luafaidh siad foirm an ordaithe leasaithigh a bheidh á mholadh acu.

(7) Más é tuairim an Choimisiúin gur cheart don Aire an t-ordú is ábhar do léirbhreithniú speisialta a chúlghairm, déanfaidh siad moladh dá réir sin ina dtuarascáil ar an léirbhreithniú.

An Coimisiún do scrúdú tuarascálacha an Scrúdaitheora faoi alt 16 (4).

11. —Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar gach tuarascáil a thabharfaidh an Scrúdaitheoir dóibh faoi alt 16 (4) agus tabharfaidh siad tuairimí ar an tuarascáil don Aire agus féadfaidh siad moltaí a thabhairt don Aire i dtaobh cad ba cheart a dhéanamh faoin tuarascáil.

Staidéar agus taifeach ag an gCoimisiún.

12. —I dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar don Choimisiún le hailt 4, 5, 7 agus 9 go 11, déanfaidh an Coimisiún staidéar agus taifeach (agus tuairisceoidh siad don Aire, ar é dá iarraidh sin, torthaí aon staidéir nó taifigh den sórt sin) ar an éifeacht ar leas an phobail atá ag modhanna iomaíochta, cineálacha cleachtais srianta, monaplachtaí, struchtúr aon mhargaí, cónascadh comhlachtaí corpraithe nó fáil urláimh orthu, oibriú fiontar ilnáisiúnta agus reachtaíocht iomchuí, agus féadfaidh go mbeadh ar áireamh nó gurb é a bheadh in aon staidéar nó taifeach faoin alt seo staidéar nó taifeach ar aon fhorbairt lasmuigh den Stát a bhaineann le haon cheann de na nithe thuas.

Scrúdaitheoir Cleachtas Srianta.

13. —(1) Déanfaidh an tAire ó am go ham duine a cheapadh ar a dtabharfar an Scrúdaitheoir Cleachtas Srianta agus dá ngairtear an Scrúdaitheoir san Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an Scrúdaitheoir.

Cumhachtaí an Scrúdaitheora.

14. —(1) Féadfaidh an Scrúdaitheoir imscrúdú a dhéanamh agus, ar iarratas ón Aire, déanfaidh sé—

(a) imscrúdú faoi aon ghné de sholáthar nó d'imdháil earraí nó de sholáthar seirbhíse,

(b) imscrúdú faoi aon ghné d'oibriú ordaithe faoin Acht seo,

(c) imscrúdú sa Stát faoi aon ghné de sholáthar nó d'imdháil earraí nó de sholáthar seirbhíse ag duine lasmuigh den Stát.

(2) Féadfaidh an Scrúdaitheoir imscrúdú a dhéanamh faoi aon ghné d'oibriú rialacha cóir-chleachtais.

Áitribh agus taifid, etc., a iniúchadh.

15. —(1) D'fhonn aon eolas a fháil is gá le haghaidh feidhmiú aon fheidhme dá chuid ag an Scrúdaitheoir faoin Acht seo féadfaidh oifigeach údaraithe, ar a údaraíocht a thabhairt ar aird má iarrtar sin air—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh agus é a iniúchadh is áitreabh ina mbíonn aon ghníomhaíocht á seoladh i ndáil le gnó soláthair nó imdhála earraí nó soláthair seirbhíse, nó i ndáil le heagrú daoine nó le cabhrú le daoine atá ag gabháil d'aon ghnó den sórt sin,

(b) a cheangal ar an duine ag a mbíonn aon ghníomhaíocht den sórt sin á seoladh agus ar aon duine a bheidh fostaithe i ndáil léi aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin agus a mbeidh cumhacht nó urláimh ag an duine sin orthu a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe, agus cibé eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil uaidh go réasúnach i dtaobh aon iontrálacha i leabhair, doiciméid agus taifid den sórt sin,

(c) aon leabhair, doiciméid agus taifid den sórt sin a iniúchadh agus cóipeanna díobh a dhéanamh nó sleachta a bhaint astu,

(d) a cheangal ar dhuine a luaitear i mír (b) aon eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na daoine ag a mbeidh gníomhaíocht den sórt sin á seoladh (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlacht neamhchorpraithe daoine, eolas maidir lena chomh altas agus a choiste bainistíochta nó údarás rialúcháin eile) nó a bheidh fostaithe i ndáil léi,

(e) a cheangal ar dhuine a bheidh luaite i mir (b) aon eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil go réasúnach ón oifigeach maidir leis an ngníomhaíocht sin.

(2) Sula bhfeidhmeoidh oifigeach údaraithe aon chumhachtaí a thugtar dó de bhua an ailt seo, cuirfidh sé i bhfios d'úinéir áitribh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) nó do dhuine a luaitear i bhfo-alt (1) (b) (cibé acu é)—

(a) na cumhachtaí atá ag oifigeach údaraithe faoin alt seo, agus

(b) go bhfuil ceart ag an úinéir nó ag an duine eile faoi fho-alt (3) dearbhú faoin alt seo a iarraidh.

(3) (a) Féadfaidh úinéir áitribh a mbeartaíonn oifigeach údaraithe dul isteach ann agus é a iniúchadh nó féadfaidh duine a mbeidh oifigeach údaraithe tar éis ceanglas a chur air faoin alt seo, dearbhú faoin alt seo a iarraidh ar an Ard-Chúirt.

(b) I gcás ina ndéanfaidh úinéir áitribh a mbeartaíonn oifigeach údaraithe dul isteach ann agus é a iniúchadh, nó duine a mbeidh oifigeach údaraithe tar éis ceanglas a chur air faoin alt seo, diúltú oifigeach a ligean isteach nó diúltú déanamh de réir an cheanglais (cibé acu é), déanfaidh an t-úinéir nó an duine eile laistigh de sheacht lá ina dhiaidh sin dearbhú faoin alt seo a iarraidh ar an Ard-Chúirt.

(c) Ar cibé fianaise a bheidh tugtha ar aird agus aon uiríolla a bheidh déanta ag an Scrúdaitheoir agus duine dá dtagraítear i mír (a) a éisteacht di, féadfaidh an Ard-Chúirt, dá rogha féin, a dhearbhú nach gcuireann leas an phobail de cheangal ar an Scrúdaitheoir na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar dó leis an alt seo, agus ar dhearbhú den sórt sin a dhéanamh dó scoirfidh an Scrúdaitheoir den dul isteach nó den iniúchadh iomchuí a dhéanamh nó (de réir mar a bheidh) tarraingeoidh sé siar an ceanglas iomchuí faoin alt seo.

(4) Faoi réir fho-alt (3) duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar leis an alt seo nó nach ndéanfaidh de réir ceanglas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) Luafar in údaraíocht oifigigh údaraithe na nithe a bhféadfaidh sé gníomhú ina leith faoin alt seo.

(6) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Scrúdaitheoir chun críocha an ailt seo.

Tuarascálacha ag an Scrúdaitheoir.

16. —(1) Más rud é, de thoradh imscrúdaithe faoi alt 14 (1) (a), 14 (1) (b) nó 14 (2), gur dóigh leis an Scrúdaitheoir gur chóir don Choimisiún fiosrúchán faoin Acht seo nó léirbhreithniú speisialta faoi alt 10 a dhéanamh nó gur chóir dóibh rialacha cóir-chleachtais a dhéanamh, tabharfaidh sé don Choimisiún tuarascáil ar an imscrúdú ina mbeidh moladh chuige sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Scrúdaitheoir imscrúdú faoi alt 14 (1) (a) nó 14 (1) (b) ar an Aire dá iarraidh sin déanfaidh sé, in ionad a thuarascáil a thabhairt don Choimisiún, í a thabhairt don Aire agus beidh inti cibé fíorais a mheasfaidh an Scrúdaitheoir is iomchuí ach ní luafar inti aon tuairim de chuid an Scrúdaitheora.

(3) Más rud é, i dtuarascáil ar imscrúdú faoi alt 14 (1) (b), go luafaidh an Scrúdaitheoir go ndearnadh ina thuairim sárú ar ordú faoin Acht seo déanfaidh sé, in ionad an tuarascáil a thabhairt don Choimisiún, í a thabhairt don Aire.

(4) Féadfaidh an Scrúdaitheoir tuarascáil ar imscrúdú faoi alt 14 (1) (c) a thabhairt don Choimisiún agus déanfaidh sé amhlaidh más ar iarratas ón Aire a rinneadh an t-imscrúdú.

(5) I gcás ina n-iarrfaidh an tAire faoi alt 5 imscrúdú a dhéanamh nó faoi alt 10 léirbhreithniú speisialta a dhéanamh, tabharfaidh an Scrúdaitheoir don Choimisiún cóip den tuarascáil iomchuí uaidh.

Cearta an Scrúdaitheora ag fiosrúcháin.

17. —Féadfaidh an Scrúdaitheoir fianaise a thabhairt ag fiosrúchán faoi alt 5 agus féadfaidh sé finnéithe a ghairm agus a cheistiú ag fiosrúchán den sórt sin.

Cóipeanna de thuarascálacha a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

18. —(1) Leagfaidh an tAire os comhair gach Tí den Oireachtas cóip den tuarascáil a bheidh déanta ag an gCoimisiún ar gach fiosrúchán faoi alt 5 nó alt 9 agus ar gach léirbhreithniú speisialta faoi alt 10.

(2) Is dleathach don Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún aon eolas sa tuarascáil a fhágáil ar lár as an gcóip sin ar dóigh leis go ndéanfadh a fhoilsiú díobháil ábhartha do leasanna dlisteanacha aon duine, mura mbeidh an t-eolas sin riachtanach do lán-tuiscint na tuarascála agus déanfar ráiteas ina luafar gné ginearálta aon eolais a bheidh fágtha ar lár amhlaidh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas i dteannta na cóipe den tuarascáil a bheidh leagtha faoina bhráid amhlaidh.

Dlinse na gcúirteanna chun urghaire a dheonú.

19. —Is dleathach do chúirt dlínse inniúla urghaire a dheonú ar fhoriarratas an Aire nó aon duine eile d'fhonn tabhairt go ndéanfaí de réir téarmaí ordaithe faoi alt 8 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire d'ainneoin go mbeidh chuige sin ábhar ann d'imeachtaí éigin eile, sibhialta nó coiriúil.

Ordú a shárú.

20. —(1) Duine ar bith a sháróidh (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil d'ordú faoi alt 8 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire beidh sé ciontach i gcion.

(2) Gach duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine eile nó a thabharfaidh cúnamh dó nó a rachaidh i gcomhcheilg leis, d'fhonn aon rud a dhéanamh (trí ghníomh nó neamhghníomh) a ndearbhaítear le fo-alt (1) gur cion é a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion é féin.

Cion maidir le fianaise ag fiosrúchán.

21. —Beidh duine ciontach i gcion más rud é, le hintinn duine eile (dá ngairtear an gearánach san alt seo) a aslú gan fianaise a thabhairt ag fiosrúchán faoin Acht seo, go ndéanfaidh sé, go mbagróidh sé go ndéanfaidh sé, go gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfadh duine eile nó go mbagróidh sé go ndéanfadh duine eile, ní ar bith acu seo a leanas—

(a) scor de thrádáil leis an ngearánach nó de sheirbhísí a sholáthar dó,

(b) a thrádáil leis an ngearánach, nó a sholáthar seirbhísí dó, a shrianadh,

(c) leatrom a dhéanamh ar an ngearánach ina théarmaí trádála leis an ngearánach nó ina sholáthar seirbhísí dó.

Cionta maidir le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe.

22. —(1) Má dhéanann comhlacht corpraithe nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith mainneachtain ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile aon chomhlachta den sórt sin, nó is aon oifigeach eile dá shamhail do chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thionsonamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(2) (a) Féadfar comhlacht corpraithe a cur ar aghaidh chun é a thriail ar dhíotáil i leith cion faoin Acht seo faoi chúirtbhannaí nó dá n-éagmais.

(b) Ar é a dhíotchúiseamh os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla nó na Cúirte Cuarda, féadfaidh an comhlacht corpraithe pléadáil ciontach nó neamhchiontach a thaifeadadh i scríbhinn trína ionadaí agus mura láithreoidh sé trí ionadaí arna cheapadh aige chuige sin, nó, cé go láithreoidh sé amhlaidh, nach ndéanfaidh sé pléadáil ar bith a thaifeadadh, ordóidh an Chúirt pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh agus rachaidh an triail ar aghaidh ionann agus dá mbeadh an comhlacht corpraithe tar éis an phléadáil sin a thaifeadadh go cuí.

(c) Beidh ráiteas i scríbhinn a airbheartóidh a bheith sínithe ag rúnaí an chomhlachta chorpraithe á rá go ndearnadh an duine a bheidh luaite sa ráiteas a cheapadh mar ionadaí an chomhlachta chun críocha an fho-ailt seo inghlactha gan a thuilleadh cruthúnais mar fhianaise gur ceapadh an duine sin amhlaidh.

(3) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe chun críche nó i gcúrsa imeachtaí faoin alt seo féadfar é a sheirbheáil trína fhágáil ag oifig chláraithe an chomhlachta sin nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin nó, mura bhfuil aon oifig den sórt sin sa Stát, trína fhágáil ag an gcomhlacht, nó trína chur leis an bpost go dtí an comhlacht, in aon áit sa Stát ina bhfuil gnó á sheoladh aige.

Pionóis.

23. —(1) Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo nach bhforáiltear pionós speisialta ina leith—

(a) dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil a chur air nach mó ná £200 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó

(b) dlífear, ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil a chur air nach mó ná £5,000 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £500 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) (a) I gcás duine a chiontú i gcion faoin Acht seo mar gheall ar é do mhainniú, d'fhaillí nó do dhiúltú déanamh de réir forála in ordú á cheangal air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe agus go bhfanfaidh an gníomh sin gan déanamh aige tar éis dáta an chiontaithe sin beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná £10 in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontaithe chéadluaite sin, a fhanfaidh an gníomh gan déanamh aige nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí.

(b) Is cion leanúnach cion faoin bhfo-alt seo agus dá réir sin féadfar imeachtaí nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.

Imeachtaí achomaire.

1851, c. 93.

24. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomhaire a thabhairt ar aghaidh i leith ciona faoin Acht seo.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ón lá is déanaí a rinneadh an cion.

Cosaint maidir le dualgas reachtúil a fheidhmiú.

25. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon ní a dhéanfar i bhfeidhmiú dualgais reachtúil.

Aisghairm agus forálacha iarmartacha.

26. —(1) Aisghairtear leis seo Acht 1953 agus Acht 1959.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), gach ordú faoi alt 9 d'Acht 1953 a bheidh i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar, chun críocha an Achta seo, gur ordú é faoi alt 8 den Acht sin.

Caiteachais.

27. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó an Coimisiún nó an Scrúdaitheoir ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

28. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta, 1972 , a ghairm den Acht seo.