12 1972


Uimhir 12 de 1972


AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 5 DEN ACHT TOGHCHÁIN, 1963 , DO DHÍCHUR DÍCHAILÍOCHTAÍ COMHALTAIS ÁIRITHE MAIDIR LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS COMHLACHTAÍ GAOLMHARA ÁIRITHE EILE, D'ATHRÚ NA mBLIANTA CHUN TOGHCHÁIN ÁITIÚLA A BHEITH ANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN ÁITIÚLA. [4 Iúil, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 5 (2) den Acht Toghcháin, 1963 .

1963, Uimh. 19 .

1. —Leasaítear leis seo alt 5 (2) den Acht Toghchán, 1963, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a), (b), (c) agus (d):

“(a) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil i dtoghlimistéar áitiúil má bhíonn bliain is fiche d'aois sroichte aige agus más sa limistéar sin a bhí gnáth-chónaí air an dáta cáilitheach.”.

Míchumais áirithe comhaltais maidir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí gaolmhara áirithe eile a dhíchur.

1939, Uimh. 27 .

2. —(1) Ní bheidh duine dícháilithe chun a thofa, a roghnaithe nó a cheaptha ina chomhalta, nó chun bheith ina chomhalta, d'údarás áitiúil, de choiste gairmoideachais nó de choiste talmhaíochta contae—

(a) mar gheall ar é d'fháil cúnamh ghinearálta de réir brí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, laistigh de dhá mhí dhéag roimh an lá nó ón lá a toghadh é nó a roghnaíodh nó a ceapadh amhlaidh é, nó

(b) mar gheall ar é a bhreithniú ina fhéimheach nó é do dhéanamh comhshocraíochta lena chreidiúnaithe laistigh de chúig bliana roimh an lá nó ón lá a toghadh é nó a roghnaíodh nó a ceapadh amhlaidh é.

(2) Scoirfidh na forálacha seo a leanas d'Airteagal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Applications of Enactments) Order, 1898, d'éifeacht a bheith acu maidir le comhaltas ar údarás áitiúil, ar choiste gairmoideachais nó ar choiste talmhaíochta contae, is é sin:

(a) fomhír (b) de mhir (4),

(b) “or has, within or during the time aforesaid, been adjudged bankrupt, or made a composition or arrangement with his creditors” i bhfomhír (c) de mhír (4), agus

(c) mír (7).

Athrú ar na blianta a mbeidh toghcháin áitiúla ann.

1963, Uimh. 19 .

1966, Uimh. 28 .

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963 , arna leasú de alt 1 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1966 , trí an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Beidh toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil ann sa bhliain 1973 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiadh sin.”.

(2) Na téarmaí oifige a bheidh ag rith tráth rite an Achta seo i gcás comhaltaí údarás áitiúil beidh siad arna síneadh chun bheith de réir na dtoghchán is túisce a bheidh ann sa bhliain 1973 do chomhaltaí d'údaráis áitiúla tar éis an tAcht seo a rith agus measfar chun gach críche gur toghcháin cheann cúig bliana na toghcháin sin.

Athrú ar na blianta chun comhaltaí de choistí freastal scoile a cheapadh.

1926, Uimh. 17 .

4. —Na ceapacháin is túisce a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , déanfar iad sa bhliain 1973 agus measfar gur ceapacháin cheann cúig bliana iad.

Foráil maidir le cruinnithe áirithe de choistí gairmoideachais.

1930, Uimh. 29 .

5. —Measfar gur cruinnithe cheann cúig bliana na cruinnithe is túisce a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1972, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1966, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Folóidh an comhlua, na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1972, ailt 1 agus 2 den Acht seo.