Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

29 1972


Uimhir 29 de 1972


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT d'FHORCHUR DLEACHT, 1957 , AGUS FAOIN ACHT AIRGEADAIS, 1962 . [20 Nollaig, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Orduithe a dhaingniú.

1957, Uimh. 7 .

1962, Uimh. 15 .

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , agus faoin Acht Airgeadais, 1962 .

(2) Na sonraí a luaitear i gcolúin (1) agus (3), faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun gur fusaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad a aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa cholún sin (1) ná sa cholún sin (3) difear d'fhorléiriú, ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus cholún (2) den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Orduithe a Dhaingniú), 1972 , a ghairm den Acht seo.