1 1973


Uimhir 1 de 1973


AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1971. [30 Márta, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Meadú na teorann atá le hairleacain.

1960, Uimh. 10 .

1964, Uimh. 4 .

1. —Leasaítear leis seo alt 23 (2) (b) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , trí “ceithre mhilliún punt” a chur in ionad “trí mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1964 ).

Leasú ar alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 .

1966, Uimh. 7 .

1971, Uimh. 2 .

2. —Beidh éifeacht ag alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 (arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1971 ), maidir le gach ceann de na blianta airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, agus an 31ú lá de Mhárta, 1974, faoi seach, agus dá réir sin forléireofar an tagairt san alt sin (arna leasú amhlaidh) do sheacht mbliana airgeadais comhleanúnacha mar thagairt do naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1971, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1973, a ghairm díobh le chéile.