Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Rialacháin a Dhaingnítear)

5 1973


Uimhir 5 de 1973


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (RIALACHÁIN A DHAINGNIÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ RIALACHÁIN ÁIRITHE ARNA nDÉANAMH FAOI ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 . [11 Meitheamh, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AR AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Rialacháin a dhaingniú.

1972, Uimh. 27 .

1. —Daingnítear leis seo na Rialacháin uile agus faoi seach a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Rialacháin a Dhaingniú), 1973 , a ghairm den Acht seo.