|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1973 | ||
[EN] |
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ D'ATHRÚ NA mBLIANTA CHUN TOGHCHÁIN ÁITIÚLA A DHÉANAMH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN ÁITIÚLA. [27 Meitheamh, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Toghcháin áitiúla a dhéanamh i 1974 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. 1963, Uimh 19. |
1. —(1) Leasaítear leis seo alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963 , arna leasú le halt 1 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1966 , agus le halt 3 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1972 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a): |
[EN] | “(a) Déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil sa bhliain 1974 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin.”. | |
[EN] | (2) Beidh téarmaí oifige comhaltaí d'údaráis áitiúla, arb iad na téarmaí reatha iad tráth an Achta seo a rith, arna síneadh ionas gur sa bhliain 1974 a dhéanfar na toghcháin do chomhaltaí d'údaráis áitiúla is túisce a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith agus measfar chun gach críche gur toghcháin chúigbhliantúla na toghcháin sin. | |
[EN] |
Bliain toghcháin áitiúil a shonrú le hordú. |
2. —(1) Má bhíonn an tAire sásta gur cheart toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a bheidh le déanamh de bhun alt 81 den Acht Toghcháin, 1963 , arna leasú, a chur siar, féadfaidh sé, le hordú, a fhoráil go ndéanfar an toghchán sin bliain a shonrófar san ordú (bliain dá ngairfear an bhliain toghcháin sonraithe ina dhiaidh seo san Acht seo). |
[EN] | (2) I gcás go mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) déanfar an tagairt i mír (a) d'alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963 (a chuirtear isteach le halt 1 (1) den Acht seo) don bhliain 1974 a fhorléiriú mar thagairt don bhliain a sonrófar san ordú gurb í an bhliain toghcháin sonraithe í agus beidh éifeacht dá réir sin ag an mír sin (a), | |
[EN] | (b) beidh téarmaí oifige comhaltaí d'údaráis áitiúla, arb iad na téarmaí reatha iad ar theacht i ngníomh don ordú, arna síneadh ionas gur sa bhliain a sonrófar amhlaidh gurb í an bhliain toghcháin sonraithe í a dhéanfar na toghcháin do chomhaltaí d'údaráis áitiúla is túisce a bheidh ann tar éis teacht i ngníomh don ordú agus measfar chun gach críche gur toghcháin chúigbhliantúla na toghcháin sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm. | |
[EN] | (4) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar cóip den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus an t-ordú a dhaingniú le rún ó gach Teach acu sin. | |
[EN] |
Athrú ar na blianta chun comhaltaí de choistí freastal scoile a cheapadh. |
3. —(1) Is sa bhliain 1974 a dhéanfar na ceapacháin is túisce a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , agus measfar gur ceapacháin chúigbhliantúla na ceapacháin sin. |
[EN] | (2) Is sa bhliain a sonrófar in ordú faoi alt 2 den Acht seo gurb í an bhliain toghcháin sonraithe í a dhéanfar na ceapacháin is túisce a dhéanfar, tar éis teacht i ngníomh don ordú, faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , agus measfar gur ceapacháin chúigbhliantúla na ceapacháin sin. | |
[EN] |
Foráil maidir le cruinnithe áirithe de choistí gairmoideachais. |
4. —Measfar gur cruinnithe cúigbhliantúla na cruinnithe is túisce a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , agus aon chruinnithe eile den sórt sin is túisce a bheidh ann tar éis teacht i ngníomh d'ordú faoi alt 2 den Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1973 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1973, mar aon Acht amháin agus folófar an tAcht seo sa chomhlua sin. |