8 1973


Uimhir 8 de 1973


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A BHEITH AG LAGHDUITHE ÁIRITHE ARNA nDÉANAMH AG ÚDARÁIS ÁITIÚLA AR RÁTAÍ DON BHLIAIN AIRGEADAIS ÁITIÚIL DAR TOSACH AN 1ú LÁ D'AIBREÁN, 1973. [27 Meitheamh, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Laghdú ar ráta a chinn údarás áitiúil do 1973-74.

1955, Uimh. 12 .

1. —Ní bheidh an ráta a cheap údarás áitiúil don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1973, neamhbhailí de bhíthin go ndearna an t-údarás áitiúil, tar éis an chruinnithe meastachán a bhí ann de bhun alt 10 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 , ag ar chinn an t-údarás ráta sa phunt a bhí le tobhach chun na gcríocha leithleacha a sonraíodh sa mheastachán caiteachas lenar glacadh ag an gcruinniú, go ndearna sé, ag féachaint do laghdú ar an méid ba ghá a ranníoc nó a íoc ar shlí eile sa bhliain sin ag údaráis áitiúla as rátaí i leith seirbhísí sláinte agus seirbhísí tithíochta, an ráta sin a laghdú agus an ráta don bhliain airgeadais áitiúil a dúradh a cheapadh dá réir sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí), 1973 , a ghairm den Acht seo.