|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 12 de 1973 | ||
[EN] |
AN tACHT UM RIALÚ BANC (LUACH SAOTHAIR AGUS COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA) (FORÁLACHA SEALADACHA), 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE SAOTHAIR RIALÚ A DHÉANAMH GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA AR LUACH SAOTHAIR AGUS TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA EILE FOSTAÍOCHTA FOSTAITHE BANC AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13 Iúil, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Tosach feidhme agus dul in éag. |
1. —(1) Más deimhin leis an Aire gur gá dó, d'fhonn cloí go ginearálta leis na Comhaontuithe Náisiúnta, gníomhú amhlaidh chun leas an náisiúin, féadfaidh sé le hordú lá a cheapadh ar a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh. |
[EN] | (2) Rachaidh an tAcht seo in éag cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “banc” sealbhóir ar cheadúnas ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , agus aon chuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) atá, nó dá mba chuideachta (de réir na brí réamhráite sin) gach sealbhóir ar cheadúnas den sórt sin a bheadh, ina fochuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , a dúradh) de chuid aon sealbhóra den sórt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “na Comhaontuithe Náisiúnta” Comhaontú Náisiúnta na Comhdhála Fostóirí-Saothraithe a rinneadh an 21ú lá de Nollaig, 1970, agus Comhaontú Náisiúnta na Comhdhála Fostóirí-Saothraithe a rinneadh an 31ú lá d'Iúil, 1972; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair. | |
[EN] |
Arduithe luach saothair, etc. a íocann bainc a tharchur chun na Cúirte Oibreachais agus cumhacht chun na harduithe sin a thoirmeasc go sealadach. |
3. —(1) Má dhéanann aon bhainc, ar thosach feidhme an Achta seo nó roimhe nó dá éis, arduithe luach saothair a íoc, nó má chomhaontaíonn siad iad a íoc, le haon fhostaithe dá gcuid nó má dhéanann siad leasú nó athrú, nó má chomhaontaíonn siad leasú nó athrú a dhéanamh ar aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta a bhaineann le haon fhostaithe dá gcuid ionas go dtabharfar téarmaí nó coinníollacha fostaíochta níos fearr nó níos fabhraí dóibh— |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire an t-ábhar sin a tharchur chun na Cúirte Oibreachais, agus | |
[EN] | (b) má tharchuirtear an t-ábhar chun na Cúirte Oibreachais— | |
[EN] | (i) breithneoidh sí é agus cinnfidh sí, sa tslí chéanna ina ndéanfaí sin dá mba ábhar é ab intarchurtha chuici faoi nós imeachta na gComhaontuithe Náisiúnta chun aighnis maidir le hábhair faoi réim na gComhaontuithe sin a réiteach, agus gur tarchuireadh chuici amhlaidh é, an bhfuil íoc na n-arduithe nó déanamh na bhfeabhsuithe nó na n-athruithe, nó (mura bhfuil siad íoctha nó déanta) an mbeadh a n-íoc nó a ndéanamh, dá n-íocfaí nó dá ndéanfaí iad, ar neamhréir le forálacha nó cuspóirí na gComhaontuithe Náisiúnta agus an Achta seo, agus | |
[EN] | (ii) tabharfaidh sí tuarascáil ar an ábhar sin don Aire mar aon le cibé moltaí (más ann) is cuí léi, | |
[EN] | agus beidh feidhm agus éifeacht ag na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 agus 1969, i ndáil leis an tarchur amhail is dá mba tharchur é faoi alt 24 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , agus | |
[EN] | (c) más rud é, tar éis an tuarascáil ón gCúirt Oibreachais i dtaobh an ábhair a bhreithniú, go gcinnfidh an tAire gan ordú a dhéanamh ina leith faoi alt 4 den Acht seo, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, fógra i dtaobh a chinneadh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus, má rinneadh ordú faoin alt seo i dtaobh an ábhair, measfar, air sin, chun na gcríocha a bhaineann le teideal aon fhostaithe lenar bhain an t-ordú chun aon arduithe luach saothair nó aon leasuithe nó athruithe ar aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, nach raibh sé i bhfeidhm riamh. | |
[EN] | (2) (a) Má bhíonn comhchaibidlí ar siúl i ndáil le héileamh ó fhostaithe aon bhainc ar arduithe a fháil ar a luach saothair nó ar leasuithe nó athruithe a dhéanamh ar aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta dá gcuid nó más rud é, ar thosach feidhme an Achta seo nó roimhe nó dá éis, go ndéanfaidh aon bhainc arduithe luach saothair a íoc nó comhaontú iad a íoc, le haon fhostaithe dá gcuid, nó go ndéanfaidh siad leasú nó athrú, nó comhaontú ar leasú nó athrú a dhéanamh, ar aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta aon fhostaithe dá gcuid ionas go dtabharfar téarmaí nó coinníollacha fostaíochta níos fearr nó níos fabhraí dóibh, féadfaidh an tAire, le hordú faoin alt seo, toirmeasc a chur le híoc na n-arduithe réamhráite ag na bainc sin ar dháta nó tar éis dáta nach luaithe ná tosach feidhme an ordaithe agus le feidhmiú nó le leanúint d'fheidhmiú na leasuithe nó na n-athruithe réamhráite ag na bainc sin ar dháta nó tar éis dáta nach luaithe ná tosach feidhme an ordaithe. | |
[EN] | (b) Aon ordú faoin alt seo i ndáil le haon ábhar mura gcúlghairtear é rachaidh sé in éag— | |
[EN] | (i) ar thosach feidhme ordú faoi alt 4 den Acht seo i ndáil leis an ábhar, | |
[EN] | (ii) ar an dáta a bhfoilseofar fógra san Iris Oifigiúil i dtaobh cinneadh ón Aire faoi fho-alt (1) (c) den alt seo, i ndáil leis an ábhar, | |
[EN] | (iii) ar an dáta a bhfoilseofar an fógra san Iris Oifigiúil i dtaobh cinneadh ón Aire faoi mhír (c) den fho-alt seo i ndáil leis an ábhar, nó | |
[EN] | (iv) sé mhí tar éis a thosach feidhme, | |
[EN] | cibé acu is luaithe. | |
[EN] | (c) Má chinneann an tAire, tar éis ordú a dhéanamh faoin alt seo, gan an t-ábhar lena mbaineann an t-ordú a tharchur faoin alt seo chun na Cúirte Oibreachais, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, fógra i dtaobh a chinneadh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus measfar, air sin, chun na gcríocha a bhaineann le teideal aon fhostaithe lenar bhain an t-ordú chun aon arduithe luach saothair nó aon leasuithe nó athruithe ar aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, nach raibh an t-ordú i bhfeidhm riamh. | |
[EN] | (d) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith in ordú faoin alt seo a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha an ordaithe. | |
[EN] | (e) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo a chúlghairm. | |
[EN] | (3) Aon bhanc a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo. | |
[EN] |
Cumhacht chun arduithe luach saothair ag bainc a thoirmeasc. |
4. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go ndéanfaidh aon bhainc, ar thosach feidhme an Achta seo nó roimhe nó dá éis, arduithe luach saothair a íoc, nó comhaontú iad a íoc, le haon fhostaithe dá gcuid, nó go ndéanfaidh siad leasú nó athrú, nó comhaontú leasú nó athrú a dhéanamh ar aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta aon fhostaithe dá gcuid ionas go dtabharfar téarmaí nó coinníollacha fostaíochta níos fearr nó níos fabhraí dóibh, agus | |
[EN] | (b) go gcinnfidh an Chúirt Oibreachais i dtuarascáil a thabharfaidh sí don Aire faoi alt 3 den Acht seo, nó i dtuarascáil nó i moladh arna dhéanamh ar an tosach feidhme sin nó roimhe nó dá éis, faoi alt 24 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , go bhfuil íoc na n-arduithe nó déanamh na bhfeabhsuithe nó na n-athruithe nó (mura bhfuil siad íoctha nó déanta) go mbeadh a n-íoc nó a ndéanamh, dá n-íocfaí nó dá ndéanfaí iad, ar neamhréir le forálacha nó cuspóirí cheachtar de na Comhaontuithe Náisiúnta nó an Achta seo, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, le hordú, luach saothair agus téarmaí agus coinníollacha eile fostaíochta na bhfostaithe sin a chinneadh in aghaidh nó i leith na tréimhse lena mbaineann an t-ordú agus féadfaidh sé toirmeasc a chur ar aon arduithe ar an luach saothair a cinneadh amhlaidh a íoc ag na bainc sin leis na fostaithe sin tar éis tosach feidhme an ordaithe, agus ar aon leasuithe nó athruithe a dhéanamh, i rith nó i leith na tréimhse réamhráite, ar théarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta na bhfostaithe sin arna gcinneadh amhlaidh a thabharfadh téarmaí nó coinníollacha fostaíochta níos fearr nó níos fabhraí dóibh. | |
[EN] | (2) Aon bhanc a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh foráil in ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le banc amháin nó níos mó agus le haicme amháin fostaithe nó níos mó de chuid bainc amháin nó níos mó agus féadfaidh sé foráil éagsúil a dhéanamh i leith aicmí éagsúla fostaithe sa bhanc céanna nó i mbainc éagsúla nó i leith na n-aicmí céanna fostaithe i mbainc éagsúla. | |
[EN] | (b) Féadfar luach saothair agus téarmaí agus coinníollacha eile fostaíochta a shonrú in ordú faoin alt seo i cibé slí (lena n-áirítear forálacha a leagan amach trína bhféadfar iad a fhionnadh) agus faoi threoir cibé ábhair a bheidh sonraithe san ordú. | |
[EN] | (c) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith in ordú faoin alt seo a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha an ordaithe. | |
[EN] | (d) Ní bheidh éifeacht ag ordú faoin alt seo i leith— | |
[EN] | (i) íocaíochtaí a bheidh tugtha ag na bainc dá bhfostaithe roimh an dáta a dhéanfar an t-ábhar lena mbaineann an t-ordú a tharchur chun na Cúirte Oibreachais, | |
[EN] | (ii) leasuithe nó athruithe ar aon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta de chuid na bhfostaithe sin a fheidhmiú nó a oibriú roimh an dáta sin. | |
[EN] | (e) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (f) Ní foláir d'ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo a bheith i gcomhréir le téarmaí iomchuí aon tuarascáil nó moladh ón gCúirt Oibreachais i dtaobh an ábhair. | |
[EN] | (g) Nuair a dhéanfar ordú faoi alt 3 den Acht seo i leith aon ábhair, ní bheidh éifeacht ag ordú faoin alt seo i leith an ábhair sin maidir le haon tréimhse roimh thosach feidhme an ordaithe faoin alt sin 3. | |
[EN] |
Pionóis. |
5. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200 a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air agus ina theannta sin, i gcás cion faoi alt 3 nó 4 den Acht seo ar cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná £10,000 in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] | (2) (a) Aon duine a gcuirfear fíneáil air ar é a chiontú i gcion faoin Acht seo ní dhlífear príosúnacht a chur air má mhainníonn sé an fhíneáil a íoc, ach féadfaidh an chúirt a chiontaigh an duine ordú a thabhairt íoc na fíneála sin a áirithiú tríd an sirriam nó an cláraitheoir contae cuí d'urghabháil mhaoin an duine sin, do ghlacadh seilbhe uirthi agus dá díol, más gá, agus féadfaidh sí le hordú socrú a dhéanamh maidir le haon ábhair fhoghabhálacha agus choimhdeacha is gá chun an t-íoc sin a áirithiú. | |
[EN] | (b) San fho-alt seo— | |
[EN] | folaíonn “maoin” scaireanna, bintiúir agus cearta nó leasanna i scaireanna nó i mbintiúir, urrúis Rialtais, urrúis de chuid aon údaráis áitiúil agus cearta i leith airgead a tugadh ar iasacht d'aon chumann tionscail agus coigiltis, d'aon chara-chumann nó d'aon chumann foirgníochta, nó a taisceadh le haon chumann den sórt sin ach, i gcás fíneála ar chiontú achomair, ní fholaíonn “maoin” talamh; | |
[EN] | ciallaíonn “scaireanna” scaireanna i scair-chaipiteal comhlachta chorpraithe nó stoc de chuid comhlachta chorpraithe. | |
[EN] |
Comhlachtaí daoine a ionchúiseamh. |
6. —Féadfar comhlacht corpraithe a chur ar aghaidh chun a thrialach nó chun pianbhreith a chur air agus féadfar é a ionchúiseamh ar díotáil i leith cion faoin Acht seo agus féadfar aon chomhlacht neamhchorpraithe daoine a ionchúiseamh ionann is dá mba chomhlacht corpraithe é. |
[EN] |
Cionta i ndáil le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe daoine. |
7. —I gcás cion a dhéanamh faoin Acht seo ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine, agus é ina stiúrthóir, comhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás rialála eile an chomhlachta sin, nó ar thaobh bainisteoir, nó rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta sin, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh agus é a phionósú dá réir sin. |
[EN] |
Oifigigh údaraithe. |
8. —(1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach is cuí leis de chuid Roinne Stáit a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo. |
[EN] | (2) Tabharfar d'oifigeach údaraithe barántas ar a cheapadh mar oifigeach údaraithe, agus nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo á feidhmniú aige tabharfaidh sé an barántas ar aird d'aon duine lena mbaineann má iarrann an duine sin é. | |
[EN] |
Cumhachtaí oifigeach údaraithe. |
9. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú, aon ní nó nithe díobh seo a leanas a dhéanamh: |
[EN] | (a) dul isteach in áitreabh bainc gach tráth réasúnach, | |
[EN] | (b) a cheangal ar aon duine, is stiúrthóir nó comhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás rialála eile an bhainc nó fostaí de chuid an bhainc aon taifid, leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird dó atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine sin agus a bhfuil foras réasúnach ag an oifigeach sin chun a chreidiúint gur taifid, leabhair nó doiciméid iad ina bhfuil eolas den sórt a dúradh agus cibé eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh de réir réasúin i dtaobh aon iontrálacha in aon taifid, leabhair no doiciméid den sórt sin, | |
[EN] | (c) aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin a iniúchadh agus cóip a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu. | |
[EN] | (2) Má chuireann aon duine cosc nó bac ar oifigeach údaraithe ag feidhmiú a chumhachtaí dó faoi fho-alt (I) den alt seo nó mura gcomhlíonfaidh sé ceanglas ó oifigeach údaraithe faoin bhfo-alt sin (1), beidh an duine sin ciontach i gcion. | |
[EN] |
Dliteanas sibhialta banc a eisiamh i gcásanna áirithe. |
10. —Ní bheidh aon ábhar caingne in aon chúirt i leith banc do loiceadh nó do mhainniú ardú luach saothair a íoc le fostaí nó leasú nó athrú a dhéanamh ar aon téarma nó coinníoll eile fostaíochta de chuid fostaí más as comhlíonadh forálacha an Achta seo nó ordaithe faoin Acht seo a d'éirigh an loiceadh nó an mhainneachtain. |
[EN] |
Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais. |
11. —Déanfar gach ordú faoi alt 3 nó alt 4 den Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. |
[EN] |
Caiteachais. |
12. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
13. —Féadfar an tAcht um Rialú Banc (Luach Saothair agus Coinníollacha Fostaíochta) (Forálacha Sealadacha), 1973 , a ghairm den Acht seo. |