|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Coiste Comhairleach na Seirbhíse Poiblí) |
[EN] | ||
Uimhir 14 de 1973 | ||
[EN] |
AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ROINN SEIRBHÍSE POIBLÍ AGUS COISTE AR A dTABHARFAR COISTE COMHAIRLEACH NA SEIRBHÍSE POIBLÍ A BHUNÚ, DO SHAINIÚ CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAIS AN CHOISTE AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1966. [17 Iúil, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | tá le “an Coiste” an bhrí a shonraítear in alt 4 (1) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí; | |
[EN] | ciallaíonn “an tseirbhís phoiblí” Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit agus cibé comhlachtaí arna mbunú le reacht nó faoi reacht a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach trí dheontais nó iasachtaí a thabharfaidh Aire Stáit nó trí eisiúint scaireanna a thógfaidh Aire Stáit is comhlachtaí a bheidh ainmnithe de thuras na huaire le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tar éis comhairle (más aon chomhairle í) an Choiste maidir leis an ábhar a bhreithniú. | |
[EN] |
An lá ceaptha. |
2. —Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo. |
[EN] |
Roinn na Seirbhíse Poiblí. |
3. —(1) Ar an lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairfear Roinn na Seirbhíse Poiblí nó (i mBéarla) the Department of the Public Service. |
[EN] | (2) Aire na Seirbhíse Poiblí nó (i mBéarla) the Minister for the Public Service a thabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun Roinn na Serbhíse Poiblí agus a ghairfear de. | |
[EN] | (3) Sannfar an Roinn Airgeadais agus Roinn na Seirbhíse Poiblí don duine céanna. | |
[EN] | (4) Bainfidh na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1966, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , le Roinn na Seirbhíse Poiblí agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 . | |
[EN] | (5) Chun críocha alt 6 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 , measfar Roinn na Seirbhíse Poiblí agus oifig Aire na Seirbhíse Poiblí a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a dhéanfar maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin alt sin 6 (1) roimh an lá ceaptha, ní déarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha. | |
[EN] |
Bunú an Choiste. |
4. —(1) Ar an lá ceaptha beidh comhlacht arna bhunú de bhua an ailt seo dá ngairfear Coiste Comhairleach na Seirbhíse Poiblí nó (i mBéarla) the Public Service Advisory Council chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh (dá ngairtear an Coiste san Acht seo). |
[EN] | (2) Bainfidh forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo leis an gCoiste. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Choiste i gcoitinne. |
5. —(1) Is iad seo feidhmeanna an Choiste i gcoitinne— |
[EN] | (a) comhairle a thabhairt don Aire maidir le heagrú na seirbhíse poiblí agus maidir le nithe a bhaineann le pearsanra sa tseirbhís phoiblí nó a dhéanann difear dóibh, agus | |
[EN] | (b) comhairle a thabhairt don Aire aon uair a iarrfaidh an tAire sin— | |
[EN] | (i) maidir le haon ghné d'eagrú na seirbhíse poiblí nó den phearsanra sa tseirbhís phoiblí nó maidir le haon ní a bhaineann leis an eagrú nó leis an bpearsanra sin nó a dhéanann difear dóibh agus a shonróidh an tAire san iarratas, agus | |
[EN] | (ii) maidir le comhlachtaí a ainmniú ag an Aire faoi alt 1 den Acht seo. | |
[EN] | (2) Beidh ag an gCoiste na cumhachtaí go léir is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a ghabhfaidh leis an gcomhlíonadh sin. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus lua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1966, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1973, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile. |