15 1973


Uimhir 15 de 1973


AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1968 . [26 Iúil, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Miniú.

1968, Uimh. 25 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 .

Leasú ar alt 27 d'Acht 1968.

2. —Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1968 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ainmnithe”:

“ciallaíonn ‘ainmnithe’ ainmnithe ag comhalta den Gharda Síochána;”.

Leasú ar alt 30 d'Acht 1968.

3. —Leasaítear leis seo alt 30 d'Acht 1968—

(a) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin an tráth sin” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin” i bhfo-alt (2),

agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) I gcás duine (dá ngairtear an duine gafa san alt seo) a gabhadh faoi alt 49 (4) den Phríomh-Acht nó faoi alt 28 (3) (a) den Acht seo a bheith tugtha go dtí stáisiún Garda, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) a cheangal ar an duine gafa sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a bheidh ceaptha chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint nó isteach i gcoimeádán a bheidh ceaptha chun an sampla a chaomhnú le haghaidh anailíse ina dhiaidh sin,

(b) a cheangal ar an duine gafa a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa nó, má roghnaíonn an duine gafa é, sampla d'fhual an duine ghafa a chur ar fáil, de réir an nós imeachta fhorordaithe, don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), nuair a mhainneoidh duine gafa sampla dá chuid fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe tar éis dó an roghnú sin a dhéanamh, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal air a cheadú don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an duine ghafa a thógáil ón duine gafa.

Leasú ar alt 33 d'Acht 1968.

4. —Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1968—

(a) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin an tráth sin” i bhfo-alt (1),

agus

(b) trí “féadfaidh comhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin” i bhfo-alt (2),

agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) I gcás duine (dá ngairtear an duine gafa san alt seo) a gabhadh faoi alt 50 (6) den Phríomh-Acht nó faoi alt 28 (3) (b) den Acht seo a bheith tugtha go dtí stáisiún Garda, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) a cheangal ar an duine gafa sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a bheidh ceaptha chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint nó isteach i gcoimeádán a bheidh ceaptha chun an sampla a chaomhnú le haghaidh anailíse ina dhiaidh sin,

(b) a cheangal ar an duine gafa a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa nó, má roghnaíonn an duine gafa é, sampla d'fhual an duine ghafa a chur ar fáil, de réir an nós imeachta fhorordaithe, don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), nuair a mhainneoidh duine gafa sampla dá chuid fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe tar éis dó an roghnú sin a dhéanamh, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal air a cheadú don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an duine ghafa a thógáil ón duine gafa.

Leasú ar alt 36 d'Acht 1968.

5. —Leasaítear leis seo alt 36 d'Acht 1968 trí “deis ó chomhalta den Gharda Síochána” a chur in ionad “deis ón gcomhalta den Gharda Síochána a bhí an tráth sin a bhfeighil an stáisiúin” agus “ar chomhalta den sórt sin” a chur in ionad “ar an gcomhalta sin” i mír (a) d'fho-alt (1), agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) In aon ionchúiseamh i leith diúltú nó mainneachtain cead a thabhairt do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla fola a thógáil, is cosaint mhaith don chosantóir—

(a) a shuíomh nach bhfuair sé, nuair a tugadh é go dtí stáisiún an Gharda agus sular cuireadh ceanglas air faoi alt 30 (1) (b) nó faoi alt 33 (1) (b) deis ó chomhalta den Gharda Síochána (tar éis dó deis den sórt sin a iarraidh ar chomhalta den sórt sin) sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a ceapadh lena thaispeáint alcól a bheith san anáil, nó

(b) a shuíomh nach raibh, nuair a ceanglaíodh air a cheadú an sampla a thógáil, rabhadh tugtha dó sna téarmaí forordaithe ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le diúltú nó mainneachain aige, nó

(c) an chúirt a shásamh go raibh cúis speisialta shubstaintiúil lena dhiúltú nó lena mhainneachtain.

Leasú ar alt 43 d'Acht 1968.

6. —Leasaítear leis seo alt 43 d'Acht 1968 trí “don chomhalta den Gharda Síochána a chuir an ceanglas” a chur in ionad “don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh an tráth sin i bhfeighil an stáisiúin” i bhfo-alt (1) agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Uair ar bith a bheidh lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe tar éis sampla fola a thógáil nó sampla fuail a fháil ó dhuine, tar éis ceanglas a bheith curtha faoi alt 30 nó faoi alt 33, deimhneoidh sé na sonraí forordaithe ar fhoirm fhorordaithe agus tabharfaidh sé an fhoirm sin don chomhalta den Gharda Síochána a chuir an ceanglas, agus cuirfear an sampla agus cóip den deimhniú ar aghaidh go dtí an Biúró de réir an nós imeachta fhorordaithe.

Leasú ar alt 44 d'Acht 1968.

7. —Leasaítear leis seo alt 44 d'Acht 1968—

(a) trí “ina leorfhianaise go dtí go suífear a mhalairt” a chur in ionad “ina fhianaise dhochloíte” i mír (a) d'fho-alt (2),

(b) trí “fíorais eile ar gá taifid ina dtaobh a choimeád” a chur in ionad “fíorais eile a fuarthas ó thaifid is gá a choimeád” i mír (b) d'fho-alt (2), agus

(c) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur lia-chleachtóir cláraithe duine a thóg ó dhuine, dá ngairtear an duine gafa in alt 30 nó 33 den Acht seo, sampla d'fhuil an duine ghafa, nó ar chuir an duine gafa sampla dá chuid fuail ar fáil dó.”,

agus dá réir sin, beidh éifeacht ag an alt sin amhail mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Forálacha a bhaineann le fianaise.

44.—(1) Aon deimhniú a déarfaidh é a bheith arna eisiúint faoi alt 43 (1) beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurb é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine sin an duine cuí chun é a shíniú, ina leorfhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú, go dtí go suífear a mhalairt.

(2) I gcás ina ndéarfaidh deimhniú é a bheith arna eisiúint faoi alt 43 (3), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurb é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine cuí é chun é a shíniú:

(a) i gcás ina luafar sa deimhniú go bhfuiltear tar éis a chinneadh go raibh i sampla fola cion sonraithe alcóil nó go raibh i sampla fuail cion alcóil comhionann le cion sonraithe alcóil san fhuil, ansin, in ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht, ach faoi réir alt 45 (4) den Acht seo, beidh an deimhniú ina leorfhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, gurbh é an cion sonraithe alcóil an cion alcóil a bhí, tráth an sampla a thógáil nó a chur ar fáil, i bhfuil an duine ónar tógadh an sampla nó a chuir an sampla ar fáil;

(b) i gcás ina luafar sa deimhniú fíorais eile ar gá taifid a choimeád ina dtaobh faoin gCuid seo, is leorfhianaise é in aon imeachtaí dlíthiúla ar fhírinne na bhfíoras sin go dtí go suífear a mhalairt.

(3) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur liachleachtóir cláraithe duine a thóg ó dhuine, dá ngairtear an duine gafa in alt 30 nó 33 den Acht seo, sampla d'fhuil an duine ghafa, nó ar chuir an duine gafa sampla dá chuid fuail ar fáil dó.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1973, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 agus 1968, le chéile.