|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 18 de 1973 | ||
[EN] |
ACHT TEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN (LEASÚ), 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ACHTA THEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN, 1938 AGUS 1947. [1 Lúnasa, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938 . |
[EN] |
Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht Teaghlachas an Uachtaráin (Leasú), 1947 ): |
[EN] | “(1) Is iad na sochair agus na liúntais a gheobhaidh an tUachtarán de bhun alt 11 d'Airteagal 12 den Bhunreacht— | |
[EN] | (a) suim de réir ráta £15,000 sa bhliain, agus | |
[EN] | (b) suim arb ionann aon tráth a ráta bliantúil agus ráta bliantúil luach saothair an Phríomh-Bhreithimh an tráth sin arna mhéadú deich faoin gcéad, | |
[EN] | agus is é luach saothair pearsanta an Uachtaráin an tsuim sin is déanaí a luaitear.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Deonóidh an Rialtas pinsean do gach duine a scoirfidh, tar éis é bheith i seilbh oifig an Uachtaráin, de bheith i seilbh na hoifige sin ar chúis ar bith seachas bás nó a chur as oifig faoi alt 10 d'Airteagal 12 den Bhunreacht, agus is é a bheidh i ráta bliantúil an phinsin aon tráth leath ráta bhliantúil luach saothair pearsanta an Uachtaráin an tráth sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, deonóidh an Rialtas pinsean do bhaintreach aon duine— | |
[EN] | (a) a d'éag agus é i seilbh oifig an Uachtaráin, nó | |
[EN] | (b) a d'éag agus é ag fáil pinsin a deonaíodh faoi alt 3 den Acht seo, nó | |
[EN] | (c) a bhí, díreach roimh a bhás, i dteideal go ndeonófaí pinsean faoin alt sin dó ach nár deonaíodh amhlaidh dó é, | |
[EN] | agus is é a bheidh i ráta bliantúil an phinsin aon tráth an ceathrú cuid de ráta bliantúil luach saothair pearsanta an Uachtaráin an tráth sin.”. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar Acht Teaghlachas an Uachtaráin (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna Teaghlachas an Uachtaráin, 1938 go 1973, a ghairm d'Achta Theaghlachas an Uachtaráin, 1938 agus 1947, agus den Acht seo le chéile. |