31 1973


Uimhir 31 de 1973


AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA. 1927 GO 1972. [24 Nollaig, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1947, Uimh. 14 .

1965, Uimh. 12 .

1972, Uimh. 3 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1947” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947 ;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965 ;

ciallaíonn “Acht 1972” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1972 .

Leasú ar alt 3 d'Acht 1965.

2. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1965 (arna leasú le halt 5 d'Acht 1972) trí “céad is fiche milliún punt” a chur in ionad “seachtó milliún punt” agus tá an t-alt sin 3 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

3.—(1) Ní rachaidh an méid airgid a chruinneoidh an Chorparáid nó a thógfaidh sí ar iasacht faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo agus a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe thar céad is fiche milliún punt.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1965.

3. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1965 (arna leasú le halt 6 d'Acht 1972) trí “céad is fiche milliún punt” a chur in ionad “seachtó milliún punt” agus tá an t-alt sin 4, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

4.—Ní rachaidh méid, nó comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh an tAire aon tráth áirithe a ioc de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí, faoi fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1961, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid (más ann) na príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCorparáid, thar céad is fiche milliún punt agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (2) den alt sin ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

Leasú ar ailt 39 agus 42 d'Acht 1947.

4. —(1) Leasaítear leis seo ailt 39 (1) agus 42 (1) d'Acht 1947 (arna leasú le halt 6 d'Acht 1965) trí “deich míle punt” a chur in ionad “dhá mhíle punt” gach áit a bhfuil sé sna hailt sin agus tá na hailt sin 39 (1) agus 42 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

39.—(1) I gcás—

(a)    (i) duine a bheith cláraithe i gclár de ruílseoirí mar lán-úinéir ar thalamh, agus

(ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus

(iii) an duine sin do mhuirearú na talún sin i bhfabhar na Corparáide le haisíoc priomhshuime nach mó ná deich míle punt agus aon úis, agus

(iv) an muirear sin a chlárú go cuí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin,

(b)    (i) duine, a bheidh cláraithe i gclár de ruílseoirí mar lán-úinéir ar thalamh, a bheith tar éis bháis, agus

(ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus

(iii) an duine is ionadaí pearsanta (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh a ainm taifeadta sa chlár sin mar lán-úinéir faoi réir toirmisc) don duine marbh sin, i gcáil ionadaí phearsanta dó, do mhuirearú na talún sin i bhfabhar na Corparáide le haisíoc príomhshuime nach mó ná deich míle punt agus aon úis, agus

(iv) an muirear sin a chlárú go cuí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin,

(c)    (i) duine a bheith cláraithe i gclár de ruílseoirí mar úinéir teoranta ar thalamh, agus

(ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus

(iii) an duine sin nó sannaí eastáit teoranta an duine sin mar aon leis an duine nó gach duine ag a mbeidh teideal chun na talún sin, le haghaidh castáit nó eastát fuíll nó súilíochta d'éis nó do threascairt eastáit an duine sin a chéadluaitear, do mhuirearú na talún sin i gcomhar, i bhfabhar na Corparáide le híoc príomhshiume nach mó ná deich míle punt agus aon úis, agus

(iv) an muirear sin a chlárú go cuí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin,

ansin. faoi réir forálacha an ailt seo, beidh tosaíocht agus sáraíocht, amhail gcoinne na talún sin, ag an muirear sin (a léireofar a bheith ag sroicheadh, i dteannta na príomhshuimesin agus an úis abheidh urraithe léi chun costas agus caiteachais na n-imeachtaí dlí uile a thionscnóidh an Chorparáid chun an méid a bhaint amach a bheidh dlite tráth ar bith ar scór na príomhshuime agus an úis sin) ar gach éileamh cothromais i gcoinne na talún sin.

42.—(1) I gcás—

(a)    (i) duine a bheith ag áitiú talún atá de thuras na huaire faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún), agus

(ii) Coimisiún na Talún dá dheimhniú gurb é an duine sin an duine ag a bhfuil an tsuim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) sin iníoctha ar dháta an deimhnithe sin, agus

(iii) an duine sin (ina aonar nó i gcomhar le daoine eile) do mhuirearú, laistigh de mhí i ndiaidh dáta an deimhnithe sin, na talún sin i bhfabhar na Corparáide le híoc príomhshuime nach mó ná deich míle punt agus aon úis, agus

(iv) ionstraim an mhuirearaithe sin a chlárú go cuí i gClárlann na nGníomhas,

(b)    (i) duine (dá ngairtear an t-ionadaí pearsanta sa mhír seo) a bheith, i gcáil ionadaí phearsanta duine mhairbh dó, ag áitiú talún atá de thuras na huaire faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún), agus

(ii) Coimisiún na Talún dá dheimhniú maidir leis an talamh sin go bhfuil suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) iníoctha ar dháta an deimhnithe sin ag an ionadaí pearsanta, agus

(iii) an t-ionadaí pearsanta (ina aonar nó i gcomhar le daoine eile) do mhuirearú, laistigh de mhí i ndiaidh dáta an deimhnithe sin, na talún sin i bhfabhar na Corparáide le híoc príomhshuime nach mó ná deich míle punt agus aon úis, agus

(iv) ionstraim an mhuirearaithe sin a chlárú go cuí i gClárlann na nGníomhas,

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, beidh tosaíocht agus sáraíocht, amhail i gcoinne na talún a bheidh muirearaithe amhlaidh, ag an muirear sin (a léireofar a bheith ag sroicheadh, i dteannta na príomhshuime sin agus an úis sin, chun costas agus caiteachais na n-imeachtaí dlí uile a thionscnóidh an Chorparáid chun an méid a bhaint amach a bheidh dlite tráth ar bith ag an gCorparáid ar scór na príomhshuime agus an úis sin) ar gach eastát agus leas sa talamh sin agus ar gach eire agus ualach air a bheidh ar marthain ar dháta na hionstraime sin ach amháin an tsuim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) sin, riaráistí dlúthshocraithe cíosa de réir brí na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, morgáistí i bhfabhar Choimisiún na Talún, aon bhlianacht talamh-cheannaigh a mhuirearófar dá éis sin ar an talamh sin faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, aon bhlianacht, cíos-mhuirear nó íocaíocht thréimhsiúil eile is iníoctha le Coimisin éirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, aon mhuirear nó morgáiste i bhfabhar na gCoimisinéirí sin ar scór aon airgid a bheidh dlite nó iníoctha leo i leith iasachta áitiúla de réir brí Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , agus aon mhuirear acu sin a luaitear i míreanna (a), (b), (d), (e) agus (g) d'alt 47 d'Acht 1891.

(2) Ní bheidh éifeacht maidir le muirir ar thalamh a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith ag na leasuithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo.

Leasú ar alt 48 d'Acht 1947.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 48 d'Acht 1947 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1965) trí “deich míle punt” a chur in ionad “dhá mhíle punt” gach áit a bhfuil sé agus tá an t-alt sin 48, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

48.—Beidh ionadaí pearsanta duine mhairbh i dteideal talamh an duine mhairbh sin a mhorgáistiú nó a mhuirearú, trí mhuirear tosaíochta nó eile, dá urrú go n-aisíocfar leis an gCorparáid airleacan nach mó ná deich míle punt mar aon leis an ús air a tugadh dó mar ionadaí pearsanta den sórt sin chun aon chríche a mbeidh teideal ag an gCorparáid airleacan a thabhairt do dhuine ar bith chuici, nó dá urrú go n-íocfar leis an gCorparáid aon airgead a dhlífidh sí a íoc de bhun ráthaíochta faoi íoc suime airgid nach mó a méid ná deich míle punt mar aon le hús uirthi ag an ionadaí pearsanta a bheidh tugtha ag an gCorparáid i leith an ionadaí phearsanta mar ionadaí phearsanta mar ionadaí pearsanta den sórt sin chun aon chríche a mbeidh teideal ag an gCorparáid ráthaíocht ina leith a thabhairt i gcás duine ar bith, agus is tuigthe aon mhorgáiste nó muirear den sórt sin a bheidh tugtha nó déanta amhlaidh ag an ionadaí pearsanta sin a bheith arna thabhairt nó arna dhéanamh i gcúrsa cuí agus chun críche eastát an duine mhairbh sin a riaradh.

(2) Ní bheidh éifeacht maidir le muirir ar thalamh a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith ag an leasú a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo.

Athrú ar mheabhrán agus ar airteagail chomhlachais na Corparáide.

6. —Is dleathach don Chorparáid cibé athruithe a dhéanamh ar mheabhrán nó ar airteagail chomhlachais na Corparáide is gá lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1972, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1973, a ghairm de na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1972, agus den Acht seo le chéile.