33 1973


Uimhir 33 de 1973


AN tACHT EALAÍON, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA EALAÍON, 1951 . [24 Nollaig, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1951, Uimh. 9 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Ealaíon, 1951 .

Comhaltas na Comhairle.

2. —(1) Is iad a bheidh ar an gComhairle cathaoirleach (dá ngairtear an Cathaoirleach ina dhiaidh seo san Acht seo) agus cibé líon comhaltaí eile (nach mó ná sé dhuine dhéag) a chinnfidh an Taoiseach ó am go ham.

(2) Nuair a bheidh daoine á roghnú lena gceapadh mar chomhaltaí den Chomhairle—

(a) tabharfar aird ar earmaise nó ar spéis an duine sna healaíona nó ar a bhfuil d'eolas aige orthu, nó ar a inniúlacht ar shlite eile chun cabhrú leis an gComhairle,

(b) féachfar le cothrom a chinntiú san ionadaíocht amhail idir brainsí de na healaíona.

An Cathaoirleach.

3. —(1) Is é an Taoiseach a cheapfaidh an Cathaoirleach.

(2) Ceapfar an Cathaoireach go ceann cibé téarma a chinnfidh an Taoiseach tráth a cheaptha agus íocfar leis, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Taoiseach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an Cathaoirleach éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a bheidh dírithe chun an Taoisigh agus beidh éifeacht ag an éirí as ar an Taoiseach do ghlacadh leis.

(4) Nuair a scoirfidh an Cathaoirleach i rith a théarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Chomhairle, scoirfidh sé an uair sin freisin de bheith ina Chathaoirleach.

Deireadh le téarmaí oifige comhaltaí áirithe den Chomhairle.

4. —(1) Ar bheith caite don lá iomchuí beidh deireadh le téarma oifige, mar chomhalta den Chomhairle, gach duine is comhalta den sórt sin an lá sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “an lá iomchuí” an lá díreach roimh an lá a thosóidh téarmaí oifige na ndaoine a cheapfar i 1973 de bhun mhír 4 (1) (a) den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (a cuirtear isteach ann le halt 13 den Acht seo).

An Stiúrthóir.

5. —Ceapfaidh an Chomhairle ó am go ham, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh siad agus faoi réir cheadú an Taoisigh, duine le bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don Chomhairle, agus an Stiúrthóir a thabharfar ar an duine sin agus is é a ghairtear de san Acht seo agus sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo).

Comhalta den Chomhairle a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

6. —(1) Má dhéantar comhalta den Chomhairle a ainmniú mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Chomhairle.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina chomhalta den Chomhairle.

Comhalta den Chomhairle a bheith dícháilithe.

7. —Beidh comhalta den Chomhairle dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le, creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air.

Oifigigh agus seirbhísigh, etc., d'fheidhmiú feidhmeanna na Comhairle.

1956, Uimh. 45 .

8. —(1) Féadfaidh an Chomhairle aon chuid dá bhfeidhmeanna a fheidhmiú tríd an Stiúrthóir nó ag an Stiúrthóir nó trí aon chuid dá n-oifigigh nó dá seirbhísigh eile nó acu.

(2) Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, maidir le ceapachán mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Chomhairle.

Oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

9. —(1) I gcás an Stiúrthóir nó aon oifigeach eile nó aon seirbhíseach i bhfostaíocht faoin gComhairle teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Chomhairle an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair i leith tréimhse na hiasachta.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina Stiúrthóir nó ina aon oifigeach eile don Chomhairle nó ina sheirbhíseach di.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh na Comhairle.

10. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, ullmhóidh an Chomhairle, agus cuirfidh faoi bhráid an Taoisigh, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, ar scor dóibh, dá n-oifigigh agus dá seirbhísigh lánaimsire (lena n-áirítear an Stiúrthóir) nó ina leith.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith scéim do leasú scéim a cuireadh faoi bhráid an Taoisigh agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Taoisigh.

(4) Déanfaidh an Chomhairle scéim a chuirfear faoi bhráid an Taoisigh faoin alt seo, má cheadaíonn an Taoiseach í tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a chur i gcrícn de réir a téarmaí.

(5) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Taoisigh agus cinnfidh seisean í tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Taoisigh.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Taoisigh agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoin bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Coistí comhairleacha.

11. —(1) Féadfaidh an Chomhairle aon cheann nó gach ceann de na coistí seo a leanas a bhunú:

(a) coiste a thabharfaidh comhairle maidir le péintéireacht, snoíodóireacht agus ailtireacht,

(b) coiste a thabharfaidh comhairle maidir le ceol,

(c) coiste a thabharfaidh comhairle maidir le drámaíocht, le litríocht agus le scannánaíocht.

(2) Tabharfaidh coiste a bhunófar faoin alt seo (dá ngairfear coiste comhairleach ina dhiaidh seo san alt seo) comhairle don Chomhairle maidir le haon ábhar (is ábhar lena mbaineann eolas agus taithí ar bhrainse de na healaíona ar ina leith a bunaíodh an coiste comhairleach) a n-iarrfar a gcomhairle ina thaobh.

(3) Is iad a bheidh ar choiste comhairleach Cathaoirleach, is duine atá de thuras na huaire ina chomhalta den Chomhairle, agus ochtar gnáthchomhaltaí agus, faoi réir fho-alt (7) den alt seo, beidh na comhaltaí den choiste comhairleach i seilbh oifige go ceann cibé téarma a chinnfidh an Chomhairle tráth a gceaptha.

(4) Nuair a bheidh comhaltaí de choiste comhairleach á gceapadh ag an gComhairle déanfaidh an Chomhairle deimhin de go bhfuil an coiste ionadaitheach don spéis ar fud an Stáit sa bhrainse nó sna brainsí de na healaíona, de réir mar a bheidh, ar ina leith a bhunaítear an coiste.

(5) Féadfaidh an Chomhairle corrfholúntas a líonadh a tharlóidh i measc comhaltaí coiste chomhairligh.

(6) I gcás duine is cathaoirleach ar choiste comhairleach do scor i rith a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin de bheith ina chomhalta den Chomhairle, scoirfidh sé freisin de bheith ina chomhalta den choiste comhairleach.

(7) Scoirfidh gach duine de chomhaltaí coiste chomhairligh de bheith i seilbh oifige an lá roimh an lá a dhéanfaidh an Taoiseach ceapacháin den chéad uair eile faoi mhír 4 (1) (a) den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(8) Féadfaidh an Chomhairle, tráth ar bith—

(a) comhalta de choiste comhairleach a chur as oifig,

(b) coiste comhairleach a dhíscaoileadh.

Cúnamh ó údarás áitiúil don Chomhairle agus do dhaoine áirithe eile.

1941, Uimh. 23 .

12. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , cúnamh a thabhairt le hairgead nó le hábhar nó trí sheirbhísí nó saoráidí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a sholáthar don Chomhairle, nó d'aon duine a bheidh ag eagrú taispeántais nó dálais eile a mbeadh, nuair a sheolfaí é, d'éifeacht aige, i dtuairim an údaráis, spéis an phobail sna healaíona a spreagadh, eolas, dea-mheas agus cleacht ar na healaíona a chur chun cinn, nó cabhrú le caighdeáin na n-ealaíon a fheabhsú.

(2) Is feidhm fhorchoimeádta cúnamh a thabhairt faoin alt seo.

(3) San alt seo ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—

(a) maidir le comhairle contae nó le comhlacht toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972,

(b) maidir le bardas contae-bhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

13. —(1) Leasaítear leis seo alt l den Phríomh-Acht trí “scannánaíocht,” a chur isteach i ndiaidh “drámaíocht,”.

(2) Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht trí “sa Stát nó lasmuigh den Stát” a chur isteach i ndiaidh “is oiriúnach leo,”.

(3) Leasaítear leis seo alt 5 (1) den Phríomh-Acht trí “tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an Taoiseach”.

(4) Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (1), (2) agus (3) de mhír 4:

“(1)  (a) Déanfaidh an Taoiseach, sa bhliain 1973 agus gach cúigiú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin, líon nach mó ná sé dhuine dhéag a cheapadh lá áirithe le bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle, agus tosóidh téarmaí oifige na ndaoine a cheapfar lá áirithe faoi seo, gach ceann acu, i gcomhthráth cibé lá dá éis sin a shocróidh an Taoiseach chuige sin agus a shonrófar i ngach ceann de na ceapacháin.

(b) I gcás ina ndéanfaidh an Taoiseach, ag déanamh ceapachán dó de bhun chlásal (a) den fhomhír seo, líon is lú ná sé dhuine dhéag a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse iomchuí, daoine a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle, ar choinníoll nach mó in aon tréimhse áirithe den sórt sin líon na gceapachán a dhéanfar de bhun an chlásail seo ná an bhreis a bheidh ag sé déag ar an líon daoine a ceapadh de bhun chlásal (a) a dúradh, go deiridh, sular thosaigh an tréimhse.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo agus an Achta Ealaíon, 1973 , beidh gach comhalta a cheapfar faoi fhomhír (1) den mhír seo, mura n-éagfaidh sé nó mura n-éireoidh sé as oifig roimhe sin, i seilbh oifige go dtí tosach an lae a thosóidh téarmaí oifige na ndaoine is túisce a cheapfar dá éis sin de bhun chlásal (a) den fhomhír sin.

(3) Má tharlaíonn corrfholúntas i gcomhaltas na Comhairle, déanfaidh an Taoiseach, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh agus beidh duine a cheapfar de bhun na fomhíre seo le bheith ina chomhalta den Chomhairle i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha de théarma a réamhtheachtaí.”;

(b) trí “le comhaltaí seachas an Cathaoirleach” a chur in ionad “le gnáthchomhaltaí” i mír 4 (5);

(c) trí na fomhíreanna nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (5) de mhír 4:

“(6) Féadfaidh comhalta den Chomhairle éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Taoisigh agus beidh éifeacht ag an éirí as ar an Taoiseach do ghlacadh leis.

(7) Féadfaidh an Taoiseach comhalta den Chomhairle a chur as oifig.

(8) Sa mhír seo ciallaíonn ‘an tréimhse iomchuí’ an tréimhse dar tosach an lá a socróidh an Taoiseach ag déanamh ceapachán dó faoi fhomhír (1) (a) den mhír seo gurb é an lá é a thosóidh téarmaí oifige na ndaoine a cheapfar an tráth sin agus dar críoch an lá roimh an lá a dhéanfaidh an Taoiseach ceapacháin den chéad uair eile faoin bhfomhír sin.”;

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 6:

“Caiteachais

6. (1) Íocfar le comhalta den Chomhairle, seachas an Cathaoirleach, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an Taoiseach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, as a gcistí féin, aisíoc a dhéanamh, más oiriúnach leo, le haon chomhalta de choiste comhairleach a bhunófar de bhun alt 11 den Acht Ealaíon, 1973 , i leith aon chaiteachas-as-póca a thabhaigh sé mar chomhalta den Choiste.”;

(e) trí “(i dteannta an Stiúrthóra)” a chur isteach i ndiaidh “seirbhíseach” i mír 8 (1);

(f) trí “(lena n-áirítear an Stiúrthóir) agus gach seirbhíseach” a chur in ionad “agus seirbhíseach” agus trí “agus liúntais” agus “a thabharfar tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “luach saothair” agus “le ceadú an Taoisigh”, faoi seach, i mír 8 (2); agus

(g) trí “an Cathaoirleach” agus “an Chathaoirligh” a chur in ionad “an Stiúrthóir” agus “an Stiúrthóra”, faoi seach, gach áit a bhfuil na focail sin i míreanna 7 agus 9.

Aisghairm.

14. —(1) Aisghairtear leis seo “(sa Stát nó lasmuigh den Stát)” i mír (d) d'alt 3 (1) den Phríomh-Acht.

(2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, is é sin, míreanna 2, 3, 5 agus fomhír (3) de mhír 8, agus cuirtear leis seo “Aon chomhalta” in ionad “Aon ghnáthchomhalta” i bhfomhír (4) de mhír 4.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

15. —(1) Féadfar an tAcht Ealaíon, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Ealaíon, 1951 agus 1973, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.