|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||
Uimhir 34 de 1973 | ||
[EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [24 Nollaig, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £791,362,840, a leithreasú. 1891, c. 24. |
1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim seacht gcéad nócha is aon mhilliún, trí chéad seasca is dhá mhíle, ocht gcéad is daichead punt agus atá comhdhéanta den tsuim daichead is seacht milliún, ceithre chéad ochtó is naoi míle, ocht gcéad is daichead punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, agus den tsuim seacht gcéad daichead is trí mhilliún, ocht gcéad seachtó is trí mhíle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1974, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo. |
[EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim caoga is ceithre mhilliún, cúig chéad daichead is dhá mhíle, trí chéad caoga is seacht bpunt, a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1973 , a ghairm den Acht seo. |