|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 2 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA (LEASÚ), 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO MHÉADÚ NA TEORANN LE hAIRLEACAIN AGUS LE RÁTHAÍOCHTAÍ FAOI NA hACHTANNA UM AN nGNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA, 1963 AGUS 1969. [27 Feabhra, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Acht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 , trí “cúig mhilliún déag punt” a chur in ionad “cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta (Leasú), 1969 ) agus tá an t-alt sin 9, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 agus 1969, agus den Acht seo le chéile. |